Ó The Blonde Salad go pippa.ie – 6 bhlag faisin is fiú a léamh

Ní gá airgead mór a chaitheamh ar irisí faisin nuair atá blaganna breátha ar fáil saor in aisce, a deir ar gcomhfhreagraí

pippa-website-image22-1200x350_c

Sa cholún ‘Barr Smaise’, cuirimid ceist i gcónaí ar an té a bhíonn faoi agallamh faoin iris nó blag faisin is ansa leis an duine sin. Is minic gurb iad na hirisí thraidisiúnta a luaitear sna freagraí, cinn ar nós Grazia nó Something. Bíonn costas nach beag ag baint leis na foilseacháin chlóite seo agus is minic go mbíonn leath na leathanach líonta le fógraí tráchtála.

Ach tá saibhreas mór eolais le fáil freisin faoi chúrsaí stíle agus faisin ar bhealach eile –  i mblaganna atá saor in aisce ar an idirlíon. Seo a leanas sé cinn de na suíomhanna nó blaganna is mó a dtugaim féin cuairteanna orthu go rialta.


Screen Shot 2015-07-31 at 14.25.03

The Blonde Salad

Is Iodálach í Chiara Ferragni agus más teist ar bith ar a cumas mar scríbhneoir faisin é líon na ndaoine a leanann í ar Instagram, is léir go bhfuil sí an-mhaith go deo; tá 4.2 milliún duine á leanúint faoi láthair. Pictiúir dá rogha laethúil éadaigh a bhíonn aici ar an mblag ó dhearthóirí éagsúla. Tugann sí leideanna agus spreagadh do dhaoine faoi cheannteidil éagsúla chomh maith le heolas faoi shiopadóireacht agus faoi threochtaí nua i gcúrsaí stíle agus áilleachta. Ní dócha gur féidir The Blonde Salad a áireamh mar bhlag simplí níos mó – is foinse inspioráide é do na milliúin ar fud na hIodáile agus an domhain mhóir. 


Screen Shot 2015-07-31 at 14.24.36

Sincerely Jules

As Meicsiceo ó dhúchas í Jules Sarinana a bhfuil cónaí uirthi i Los Angeles anois atá ag scríobh an blag seo. Thosaigh sí i mbun na ceirde i 2009 le linn di a bheith ag déanamh staidéir ar chúrsaí faisin. Ba mar uirlis nó mar chleas len’ í féin a spreagadh a thosaigh sí ar an mblag sé bliana ó shin ach anois tá lucht leanúna dílis aici ar fud na cruinne. Is dócha gur teist é ar a fiúntas sa réimse seo go mbíonn trácht mhór uirthi in irisí agus ar bhlaganna faisin eile. Cuntas ar an stíl a chaitheann sí féin, a cuid taistil agus a saol go ginearálta a bhíonn ar an mblag aici.


Screen Shot 2015-07-31 at 14.24.05

Man Repeller

Taithíonn Man Repeller liom féin mar go mbíonn sé spraíúil, greannmhar go minic. Leandra Medine a bhunaigh é agus bíonn chuile chineál alt agus ábhair á fhoilsiú aici. Tá sí thar cionn chun leideanna a thabhairt faoi éadaigh éagsúla a chur le chéile mar fheisteas ar leith. Tugann sí neart eolais faoi chúrsaí áilleachta freisin agus comhairle mhaith maidir le stíl phearsanta a fhorbairt.


Screen Shot 2015-07-31 at 14.23.47

Ring my Bell

Cé nach bhfuil an cháil céanna ar an mblag seo leis na cinn thuas, is breá liom é. Aisteoir as Londain ó dhúchas í Ashley Madekwe a bhfuil cónaí uirthi i gCalifornia atá ina bhun. Bhí sí páirteach sna sraitheanna teilifíse Revenge agus Salem agus bíonn a blag dírithe ar an rogha éadaí a chaitheann sí féin go laethúil. Bíonn idir éadach saor agus éadach daor ann a rinne dearthóirí móra le rá, as gnáthshiopaí na mbailte móra agus siopaí saora. Don té nach acmhainn dó airgead mór a chaitheamh, molann sí roghanna níos saoire ag bun an leathanaigh go minic.


Screen Shot 2015-07-31 at 14.23.28

In the Frow

Ní hionann suim a bheith agat i gcúrsaí faisin agus gan ciall a bheith i do chloigeann. Ag críochnú a céime PhD a bhí Victoria Magrath nuair a tosaigh sí an blag seo trí bliana ó shin. Léachtóir í le margaíocht faisin in Ollscoil Mhanchain sa Bhreatain. Bean as an ngnáth í nach éasca a ligean i ndearmad – tá dath corcra ar a gruaig! Tá stíl álainn aici le béim mhaith ar éadach atá le fáil réasúnta saor i gcathrach agus bailte móra na Breataine (agus anseo in Éirinn). Déanann sí físeáin ar Youtube freisin le héadaí agus treochtaí nua a léiriú. Cé gur duine an-óg í (26 bliana d’aois), tá sí fíoreolach ar chuile ghné den tionscal stíle.


Screen Shot 2015-07-31 at 14.23.03

We are Twinset

Dlúthchairde iad Sarah & Phillipa atá ag obair i Londain mar shaineolaithe stíle. Roghnaíonn siad baill éadaigh atá cosúil le chéile ach cuireann siad le chéile iad ar bhealaí an-éagsúil. Ar an mbealach sin, léiríonn siad na cineálacha stíleanna éagsúla is féidir a chruthú ach úsáid a bhaint as an mbunábhar céanna. Cé a chreidfeadh gur féidir cuma chomh difriúil a chur ar an bpíosa éadaigh céanna ag brath ar na nithe a roghnófá le caitheamh leis.


Screen Shot 2015-07-31 at 14.22.19

Pippa.ie

Iarmhainicín í Pippa O’Connor Ormond a bhunaigh an blag faisin seo mar chaitheamh aimsire nuair a bhí sí ag súil lena páiste. Tá éileamh an-mhór anois air agus í ag súil go dtabharfaidh cúig mhilliún duine cuairt air le linn na bliana seo. Is é a bhua an gradam don bhean is fearr stíl ag na VIP Style Awards i mbliana. Bíonn meascán deas ábhar aici idir éadach agus smideadh, chomh maith le heolas uirthi féin, a stíl maireachtála agus a cuid taistil. Tá beagnach 50,000 duine á leanúint ar Twitter agus gnó á dhéanamh aici anois as an mblag a thosaigh mar chaitheamh aimsire.

Fág freagra ar 'Ó The Blonde Salad go pippa.ie – 6 bhlag faisin is fiú a léamh'