Ó ‘Ghaeltacht uirbeach’ Bhóthar Seoighe go dtí an Bhrasaíl

D’fhág tionscnamh radacach a cuireadh i gcrích i mBéal Feirste a lorg ar phobal bocht sa Bhrasaíl

Ó ‘Ghaeltacht uirbeach’ Bhóthar Seoighe go dtí an Bhrasaíl

Tuairisc faoi na treibheanna dúchasacha sa Bhrasaíl agus an slad atá an víreas COVID-19 a dhéanamh orthu, a tharraing mo shúil an lá cheana. Contúirt eile atá sa Bhrasaíl, ach gan mórán airde á thabhairt uirthi, ná ar an sciobadh talún ó lucht na tuaithe agus an t-athrú ón bhforaois go dtí feilméaracht soighe.

Seanscéal é sin, a deir tú, ach is cosúil go bhfuil sé imithe chun donais ar fad, faoi scáth an víris.

Chuir na tuairiscí seo ag smaoineamh mé ar Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste.

D’fhág tionscnamh radacach a cuireadh i gcrích i mBéal Feirste a lorg ar phobal bocht sa Bhrasaíl.

Tá pictiúr de Dhiarmaid Ua Bruadair le feiceáil i gcuid de na píosaí poiblíochta atá curtha amach do shraith teilifíse ar BBC2 faoi láthair. The Irish Houses – Scéal Phobal Bhóthar Seoighe an teideal atá ar an tsraith dhá chlár. Tógadh Diarmaid sa phobal sin agus anois is é atá ina Phríomhoide ar an gColáiste nua dara leibhéal, Gaelcholáiste Dhoire.

Nuair a casadh Diarmaid ormsa i dtosach bhí sé sáite i scéal na ndaoine bochta gan talamh sa Bhrasaíl. Brian Páircéir, atá ina léiritheoir in RTÉ anois, a thug an scéal dom in 1998 – bhí mé i mbun na sraithe Léargas ag an am. Bhí deis againn chuile bhliain clár a dhéanamh thar lear agus cheapamar go raibh an-ábhar i scéal Dhiarmaid agus an phobail sa mBrasaíl.

Ag obair le sagart in Ord an tSlánaitheora, an tAth Brian Holmes, a bhí sé ag an am. Bhí an baile ina rabhadar i Stát nuachruthaithe, Tocantins. Bhí an Stát chomh hóg sin gur bheag eolas a bhí ag lucht na hAmbasáide i mBaile Átha Cliath faoin stát, nuair a chuamar ann ag lorg víosa.

Agus mé ag breathnú siar ar sheanpháipéir faoin gclár, tháinig mé ar chomhfhreagras san Irish Times faoin gclár a rinneamar ar deireadh. Ba léir nár thaitin an clár leis an Ambasadóir. Bhí dearmad iomlán déanta agam féin faoin gconspóid – tháinig litreacha ag tabhairt tacaíochta don chlár, isteach go dtí an Irish Times ó Trócaire agus ó shagairt d’Ord an tSlánaitheora sa Bhrasaíl.

Ní raibh Diarmaid feicthe agam le hos cionn 20 bliain nuair a casadh ar a chéile muid ag Gradam Ceoil TG4 i mbliana i mBéal Feirste. Agus ansin go gairid ina dhiaidh sin, nach raibh sé ansin os mo chomhair ar an scáileán sa tsraith teilifíse The Irish Houses – scéal Phobal Bhóthar Seoighe, a raibh baint bheag agam féin leis (mar léiritheoir feidhmiúcháin).

Bhí a mhuintir lárnach i dtógáil na dtithe agus i mbunú na Gaeltachta ar Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste i dtús na seascaidí.

Tá gach seans go bhfuil siad i gCartlann RTÉ áit éigin, i gclár Iris a rinne mé leis an léiritheoir Tony MacMahon sna hochtóidí – thart ar 1986, déarfainn. Ní fhéadfadh muid a shamhlú an t-am sin agus muintir Bhóthar Seoighe ag tosú amach ar an mbóthar fada le hoideachas lán-Ghaeilge a thabhairt dá bpáistí agus do phobail eile i dTuaisceart Éireann, go dtiocfadh an lá a mbeadh naíscoileanna, bunscoileanna agus meánscoileanna acu.

Agus anois, tá Diarmaid, a tógadh ann agus a fuair oideachas sa chéad bhunscoil acu sin, ina Phríomhoide ar Ghaelcoláiste Dhoire. Ach, nuair a bhí mé ag féachaint ar chuid de na scéalta ar líne, nach bhfaca mé tagairt do Dhiarmaid agus a chlann ag tógáil tithe do dhreamanna bochta sa Bhrasaíl.

Phós sé Alvina ón Bhrasaíl, cailín a casadh orainne nuair a bhíomar i mbun ár gclár Léargas, i 1998. Anois tá siad socraithe síos in Éirinn agus triúr iníonacha acu. Agus is cosúil go ndeachaigh siad ar ais go dtí an Bhrasaíl arís agus arís eile le tithe a thógáil i rith laethanta saoire an tsamhraidh.

Bhí an pobal sa mBrasaíl beo bocht nuair a bhíomar ann i 1998. An deacracht ba mhó a bhí acu, ná nach raibh úinéireacht ‘oifigiúil’ acu ar a gcuid talún. Ní raibh aon ‘pháipéir’ acu. Thagadh na feilméaraí móra le hinnealra agus le tacaíocht an rialtais, leagaidís na tithe agus na feirmeacha beaga a bhí ag an bpobal ann.

Is cuimhin liom garraí mór millteach soighe a fheiceáil an uair úd agus shamhlaigh mé go raibh sé chomh mór le Contae Ros Comáin. Ba mhór an tacaíocht agus an cúnamh a thug na sagairt agus daoine ar nós Dhiarmaid do na daoine a díshealbhaíodh ar mhaithe leis an mbarr soighe sin.

Is cuimhin liom go raibh Aifreann agus cruinniú amuigh faoin aer eagraithe dúinne – idir fheirmeoirí agus daoine eile a bhí ag agóidíocht in aghaidh an ‘sciobadh’ talún.

Bá é sin an chéad uair riamh ar ceannaíodh bó le hairgead ó RTÉ – ach bhí sé sin mar chuid den réamhshocrú a bhí againn leis an bpobal áitiúil. Cineál picnic phobail a bhí le bheith ann, le mairteoil agus rís.

Nuair a bhí muintir Phobal Bhóthar Seoighe, agus muintir Uí Bhruadair ina measc, ag iarraidh a gcuid tithe a thógáil agus Gaeltacht a bhunú i gCathair Bhéal Feirste, bhí na Trioblóidí i dTuaisceart Éireann ina dtine bhruite.

Nuair a dódh Sráid Bombay go talamh i 1969, chuaigh muintir Bhóthar Seoighe i gcabhair ar an bpobal sin. Toisc go raibh siad i mbun oibre ar a scéim tithíochta féin, bhí pleananna tithe acu, agus na scileanna tógála acu freisin. Thugadar faoin obair agus rinneadar atógáil ar Shráid Bombay, in ainneoin an dúshlán mór a bhí rompu ar Bhóthar Seoighe, lena gcuid tithe féin.

Caoga bliain atá imithe ó d’éirigh leis na lánúineacha óga sin an ‘aisling’ a bhí acu a chur i gcrích i.e., an chéad Ghaeltacht uirbeach le os cionn 100 bliain a bhunú. Liosta le háireamh na torthaí fadtéarmacha atá ar a gcuid oibre anois – seirbhísí agus postanna ina n-úsáidtear an Ghaeilge go laethúil, chomh maith leis an obair iontach a rinne siad i réimse an oideachais lán-Ghaeilge.

Agus thall sa Bhrasaíl, áit a bhfuil daoine anois ag streachailt le polaitíocht nach dtacaíonn ach le lucht an rachmais, agus iad faoi bhagairt ghéar an víris COVID-19, nach deas an smaoineamh é go bhfuil pobal ina gcónaí i dtithe a tháinig faoi thionchar Phobal Bhóthar Seoighe.

Beidh an dara clár sa tsraith The Irish Houses – Scéal Phobal Bhóthar Seoighe le Clean Slate TV ar siúl ar BBC2 Dé Luain an 25 Bealtaine ag 10pm. Rinneadh na cláir le cabhair ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF).

Fág freagra ar 'Ó ‘Ghaeltacht uirbeach’ Bhóthar Seoighe go dtí an Bhrasaíl'