Trí eascaine na seanmhná ar a mac: a theach ar ard, ba bána ar a chuid ba agus go mba bhean bhreá í a bhean…

Ó DHÚCHAS: Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo foilsímid cuid de na tríonna a luaitear sa mbailiúchán.

Trí eascaine na seanmhná ar a mac: a theach ar ard, ba bána ar a chuid ba agus go mba bhean bhreá í a bhean…
  • Na trí rud is deacra a thuiscint: intleacht na mban, obair na mbeach agus teacht agus imeacht na taoille.
  • Na trí rud is fearr i dteach – dalladh airgid, cruithneacht tar éis an tsíl agus fabhar sa gcúirt
  • Na trí rud is measa i dteach – teach deataigh, beagán fataí agus leaba dreancaidí
  • Na trí shúil is géire amharc: súil saoir ar chloch, súil cait ar luch agus súil seanmhná ar bhean a mic.
  • Na trí rud is uaigní: cú ag tafann ar ard, bean ag feadaíl i ngleann agus cearc ag glaoch sa mheán oíche.
  • Na trí bhreac is tréine sa bhfarraige: roc, rón agus ronnach.
  • Na trí bhreac is lú sa bhfarraige: leathán, scadán agus breac dearg.
  • Trí eascaine na seanmhná ar a mac: a theach ar ard, ba bána ar a chuid ba agus go mba bean bhreá í a bhean.
  • Trí bhua an chait: solas sa dorchadas, siúl gan aireachtáil agus dearmad bhean an tí.
  • Na trí rud nach dtéann chun cónaí: eas abhann, madra uisce agus ard-diabhal Ifrinn.
  • Na trí rud is fuaire ar bith: smut con, boinn cait agus tóin caillí.
  • Na trí rud is meabhraí amuigh: puisín cait, meannán gabhair, agus baintreach bhreá
  • Na trí rud is nádúrtha ar bith: nádúr circe; nádúr muice agus nádúr mná.
  • Na trí ní is drochmhúinte amuigh: cearc ghoir, collach muice agus bean rua.
  • Na trí rud a chuirfeadh fear chun an bhealaigh mhóir: a bharr ar iarraidh, a bhó ar iarraidh nó an bhean atá aige a bheith os cionn a chostais.
  • Na trí rud is fearr amuigh: casóg bréidín lá sneachta, uisce salach ag múchadh tine, claíomh maide i lámh fir chloíte.
  • Na trí rud is géire amuigh: súil iolair in aghaidh na gréine, amharc éin ar cholbha sléibhe, agus súil cailín i gclár a héadain.
  • Na trí chloigeann is lú maith: cloigeann gabhair, cloigeann creabhair, agus cloigeann cnúdáin.
  • Na trí bhall is nimhní: an ghlúin, an tsúil agus an uillinn.
  • Na trí rud is fearr a bheadh ag duine: fuílleach síl, fuílleach cíosa agus fuílleach carad.
  • Na ceithre bheagán is fearr: beagán bó ar fhéar, beagán bréag ar bhaile, beagán tiarna géar sa tír agus beagán síl in ithir mhaith.

Fág freagra ar 'Trí eascaine na seanmhná ar a mac: a theach ar ard, ba bána ar a chuid ba agus go mba bhean bhreá í a bhean…'