Ó DHÚCHAS: Dúidíní ‘Lord ha’ mercy’ agus ‘Forty three’ i dtithe tórraimh Ros Comáin

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Dúidíní ‘Lord ha' mercy’ agus ‘Forty three’ i dtithe tórraimh Chnoc an Chrochaire i gcontae Ros Comáin atá againn an tseachtain seo

Ó DHÚCHAS: Dúidíní ‘Lord ha’ mercy’ agus ‘Forty three’ i dtithe tórraimh Ros Comáin

Tá an baile beag seo suite ar an mbóthar mór idir Ros Comáin is Béal Átha Luain i bparóiste Chill Fhionnmhaí i mbarúntacht Átha Luain. Cnoc an Chrochaire an t-ainm atá air agus is ón gcnoc atá taobh thiar den bhaile beag a fhaigheann sé an t-ainm. ‘Hangman’s Hill’ a thugtar air fós i ngnáthchaint na ndaoine. Deirtear go gcrochtaí daoine ar an gcnoc sin fadó agus níos foigse {gaire} dár linn fhéin le linn an drochshaoil nó na nDlíthe Peannaideacha.

Ní hamháin go gcrochaidís iad ach bhíodh seift acu leis na daoráin bhochta a chéasadh nár cluineadh ar a leithéid riamh le barbarthacht. Ba ghnách leo truán bocht a chrochadh ar an sealán ar bharr an chnoic go raibh sé leathmharbh. Ba ansin a dhéantaí an gníomh danartha gan taise ná trócaire. Bhíodh bairillí acu a raibh spící móra tiomáinte isteach iontu ón taobh amuigh. Chuirtí na daorán leathmharbh isteach i mbairille acu agus ligtí dó rothlú anuas go bun an chnoic. Ach níor shásta iad na céastóirí fós. Dá mbeadh an duine bocht beo ar sin a dhéanamh chuirtí salann ar a chréachta chun a chéasta a thuilleadh agus chun tuilleadh spóirt a dhéanamh dá lucht céasta.

Dhéantaí píopaí cré ar an mbaile beag agus chuirtí ar fud na hÉireann iad ar chairteacha. Bhíodh fá thuairim céad go leith duine ag obair orthu. Dhéantaí dhá chineál píopa, an gnáthphíopa cré nó an ’dúidín’ agus cineál píopaí ar leith le haghaidh tórraimh. Bhíodh cos troigh ar fhad ar an bpíopa seo agus scríofa ar an gcois fhada sin bhí ‘Lord have mercy on the dead’! Nuair a bhuaileadh duine de na comharsana isteach i dteach tórraimh, gheibheadh sé ceann de na píopaí seo líonta le tobac. Bhíodh air ansin giota a bhriseadh de chois an phíopa agus a rá ag an am céanna “Go ndéana Dia trócaire ar anam na marbh”. ‘Píopaí trócaire Dé’ nó ‘Lord ha’ mercy pipes’ a bheirtí ar an gcineál áirid seo píopaí.

D’fhaightí an chré a bhí feiliúnach le haghaidh a ndéanta i bPáirc an Mhóta ach le deireanas d’allmhairítí an chré seo ó Shasana. Bhíodh an tionscal seo ar siúl ar an mbaile beag go dtí gur dhóigh na Dubhchrónaigh go talamh é agus éiríodh aisti iar sin. Tá eiseamláir den dá chineál múnla sa scoil – is níl aon cheann eile le fáil go bhfios domsa. “Daichead-is-a-Trí’ nó ‘Forty-Three’ a bheirtí i gcoitinne ar an dúidín toisc go raibh an uimhir sin – ní mé cad chuige – ina shéala ar an gceann.

Ag bun an bhaile bhig ar an taobh thuaidh, tá abhainn a shúnn isteach i Loch Rí in aice le Caisleán Géilí (a gcuirfear síos air ar ball beag). Ar an abhainn sin bhíodh muileann uisce ach is beag rian de atá le feiceáil ann anois. Is maith is cuimhneach liom mo mháthair (ar dheis Dé go raibh sí) ag inseacht dom gur ghnách le mo sheanathair a ghabháil ann le mála coirce ar maidin ar dhroim capaill is a bheith ar ais leis an mhin in am le haghaidh na leitean don bhricfeasta. Mheiltí cruithneacht ina phlúr sa muileann seo freisin. Chuala mé i gcónaí gur fásadh barraí maithe cruithneachta ar mo chuid talún fhéin – áit atá faoi aiteann anois.

Ar chaoi ar bith tá na heitrí le feiceáil ann idir na carraigeacha go fóill. Tá teampall gallda ar an mbaile in aice na scoile agus tógadh é céad bliain ó shin nó mar sin agus ligeadh don seancheann a bhí i Reilig Chill an Mhaí titim. Tá teach ministéara in aice leis agus an “Glebe” a thugtar air is ar na tailte a ghabhas leis. Tá ball talún atá ina choimín i lár an bhaile bhig agus is ar an ngeadán sin agus sa bpáirc ar chúl na scoile a bhíos na haontaí. ‘Roper’ an sloinne atá ar an tiarna talún agus bailítear ‘cánacha aonaigh’ dhó ar gach dá ndíoltar ar na haontaí uilig agus an lá atá inniu ann.

Caithfidh sé go bhfuil an scoil seo ar na cinn ba thúisce a tógadh. Tógadh í sa mbliain 1851. Bhí fear arbh ainm dó Mag Cric nó ‘Garrick’ ag múineadh ann nuair a bhí mo sheanathair – ar thaobh mo mháthar ag múineadh i mBaile Muireadhaigh. Ba ina theach féin a bhí an scoil aigesean agus ag a athair roimhe. Bhí an seanathair eile liom ag múineadh i Ros Comáin, sa mbaile mór, seal ach ba as Baile Brógáin sa bparóiste seo freisin dó. Bhí feilm ag a athair ansin agus easpag gallda Thuama a bhí ina thiarna talún aige ach díshealbhaíodh é. Bhí scoil fáil ansin aige go ceann tamaill agus chuaigh sé go hÁth Cinn i gCo na Gaillimhe, áit a mbíodh sé ag múineadh scoile freisin.

Brian Ó hUidhir, múinteoir i scoil náisiúnta Bhaile an Chrochaire, Co, Ros Comáin

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Dúidíní ‘Lord ha’ mercy’ agus ‘Forty three’ i dtithe tórraimh Ros Comáin'