Ó DHÚCHAS: Bhíodh Naomh Caitlín ag scuabadh an Teampaill maidin lae a féile

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. An tseachtain seo faighimid cur síos as Fionntrá ar Naomh Caitlíona pátrún an pharóiste

Ó DHÚCHAS: Bhíodh Naomh Caitlín ag scuabadh an Teampaill maidin lae a féile

Sí naomh Caitlín naomhphátrún an pharóiste seo. Tá lá speisialta gearrtha amach
in onóir di. Titeann an lá san ar an gcúigiú lá fichid de mhí na Samhna.
Deirtear gurb amhlaidh a theastaigh ó Phágánach mór Caitlín a phósadh ach níor theastaigh uaithi é a phósadh. Do dhein a hathair bosca mór di ansan agus chuir sé isteach ann í agus scaoil sé chun farraige í. Deirtear go raibh an bosca ag imeacht agus ag imeacht go dtáinig sé isteach go Cuan Fhionntrá. Dhein ceathrar fear iarracht ar an mbosca a thógaint ach níor
éirigh leo toisc go rabhadar i staid pheaca mharfaigh. Thóg ceathrar eile é agus chuireadar í i dTeampall Fhionntrá.

Do tógadh Teampall sa reilig an uair sin agus do tíolacadh do Naomh Caitlín é. Nuair a thóg na Protastúnaigh seilbh na háite i 1580 do ruaigeadh na sagairt agus glac na Protastúnaigh seilbh an Teampaill. Tar éis tamaill do thit an teampall toisc ná raibh puinn Protastúnaigh ann chun féachaint ina dhiaidh. Níl aon chuid den Teampall le feiscint anois mar do dhein na daoine tuamaí des na clocha. Toisc ná raibh aon sagairt ann an uair sin chun Aifreann do rá, théadh na daoine go dtí an áit ina raibh an Teampall agus bhídís ag imeacht timpeall ag rá na Corónach. Sin é an fáth go dtugann na daoine an turas timpeall an Teampaill anois.

Deirtear go bhfeiceadh an chéad duine a théadh ag tabhairt an turais Naomh Caitlín ag scuabadh an Teampaill maidin lae a féile féin go dtí gur cuireadh an chéad Phrotastúnach ann.

Lá saoire mór is ea an lá san sa pharóiste seo. An lá roimis sin bíonn triúr sagart ag éisteacht faoistiní agus maidin lae Chaitlíona bíonn Aifreann againn ar a naoi a chlog agus glacann formhór na ndaoine Comaoin. Ní deintear aon obair anso an lá san. Tar éis an Aifrinn tugann na daoine an turas sa Teampall. Téann siad timpeall an Teampaill naoi n-uaire agus deireann siad an tAve Máire agus an Phaidir gach uair.

Nuair a bhíonn an turas tugtha acu deireann gach duine an Choróin dó féin thuas i mbarra an Teampaill. Ansan téann gach duine go huaigh a mhuintir féinig agus deireann siad paidir ann.

– Bríghid Bean Uí Lubhaing, Cill Cholmáin, Contae Chiarraí

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Bhíodh Naomh Caitlín ag scuabadh an Teampaill maidin lae a féile'