Ó DHÚCHAS: Bhí an poitín chomh flúirseach sna Rosa go raibh sé le bleán ó na ba…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Sco. An tseachtain seo cúrsaí poitín i nGaeltacht Dhún na nGall atá faoi chaibidil againn…

Ó DHÚCHAS: Bhí an poitín chomh flúirseach sna Rosa go raibh sé le bleán ó na ba…

Fada ó shin bhí póitín iontach fairsing ins na Rosa. Chuir fear de mhuintir Ghaoth Dobhair scéala chuig fear de mhuintir na Rosann ag iarrraidh air dhá ghalún póitín a dhíol leis. Bhí cuid mhór póitín ag fear na Rosann ach seo an freagra a chuir sé chuig fear Ghaoth Dobhair:
“Bheir scéala uaim anonn ‘un an Chaisil, chuig Cathal Mac Bhríghid Dhomhnaill Sheaghain, go bhfuil póitín go fairsing sna Rosa, le duilliúr ar choillidh ‘n Dúin Bháin, táthar á blighe ón eallach. Tá’n t-úth agus na balláin de lán; agus gheobhaidh tú do dhóthain de ar bheagán, Má éalaíonn tú anall thar an trá.”

Ach cé acu a bhí sé chomh fairsing sin nó nach raibh ní thig linn a rá ach tá a fhios againn go raibh sé fairsing go leor fá na hoileáin agus go háirithe in oileán Árainn Mhór. Bhí muintir an oileáin uilig ag déanamh póitín san am seo a bhfuil trácht air. Bhí sagart ar an oileán agus bhí sé ag déanamh a dhíchill leis an phóitín a chur faoi chois. Chuaigh bunús na ndaoine ina éadan cionn is é a bheith anuas ar an phóitín agus ba é an deireadh a bhí ar an scéal gur dhíbir siad as an oileán é.

Ansin bhí siad seacht mbliana gan sagart ar bith agus feadh na seacht mbliana sin níor pósadh aon lánúin agus níor baisteadh aon pháiste dá dtáinig ‘an tsaoil ar an oileán. Bhí buaireamh mór ar an easpag cionn is an t-oileán a bheith gan sagart agus dar leis lá amháin go rachadh sé isteach ’an oileáin go bhfeicfeadh sé ar chaill siad an creideamh.

Chuir sé air culaith fir tíre agus thug aghaidh ar Ailt an Chorráin. Fuair sé bád ansin a thug isteach go hÁrainn é. Nuair a tháinig se ’an oileáin bhuail sé ’un comhrá le seanduine de lucht an oileáin, agus nuair a bhí siad tamall ag comhrá chuir sé ceist ar fhear an oileáin an raibh creideamh ar bith fágtha ar an oileán anois. Dúirt an seanduine go raibh, creideamh láidir.

“Agus,” arsa an tEaspag, “cé ann a gcreideann sibh?”

“Inseoidh mé sin duit,” arsa fear an oileáin:

“Molaim an tÉ a ghníos an chaora dhubh agus bhán

Molaim an tÉ a ghníos oíche dhorcha agus lá

Molaim an tÉ a ghníos pearsa fir agus mná

Agus cá hiontaí é ná éalú mara agus trá.”

“Tchím,” arsa an tEaspag,”tá an creideamh ceart agaibh.”

Sorcha Anna Ní Dhomhnaill as Doire na Mainséar agus Scoil Rann na Feirste a fuair an cuntas seo ó Shomhairle Ó Domhnaill (45)

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Bhí an poitín chomh flúirseach sna Rosa go raibh sé le bleán ó na ba…'