Ó DHÚCHAS: An ministir agus gliceas mhuintir Chorca Dhuibhne

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo gliceas mhuintir Chorca Dhuibhne agus scéal grinn ó chailín ó Bhaile an Mhúraigh

Ó DHÚCHAS: An ministir agus gliceas mhuintir Chorca Dhuibhne

Do bhí fear ann fadó agus d’éirigh achrann idir é féin agus ministir a bhí ins an áit. D’oibrigh an ministir an dlí ar an bhfear bocht agus bhí eagla chuige air agus scanradh air ná féadfadh sé costaisí na cúirte a ghlanadh go brách mar go raibh sé chomh bocht dealbh.

Bhí Dómhnall Ó Conaill ina dhlíodóir san am san agus chuaigh sé go dtí Dómhnall ag gearán a cháis leis. Dúirt Dómhnall leis a ligint air a bheith caillte a leithéid seo de lá agus a bhean a bheith lasmuigh den ndoras ag gol is ag béicigh agus go ngeobhadh sé féin agus an breitheamh an tslí. Dúirt sé léi nuair a d’fhiafróidís di cad a bhí uirthi a rá go raibh a fear caillte.

Do thit gach rud amach mar a dúirt Dómhnall. Do chuaigh sé féin agus an breitheamh isteach sa tigh. Do chonaiceadar an fear marbh insan leaba. Dúradar cúpla paidir dá anam agus bhailíodar leo. An Chéadaoin a bhí chucu bhí an chúirt ar siúl. Do bhí an ministir ann agus nuair a glaodh an cheist, dúirt Dómhnall Ó Conaill leis an mbreitheamh gurb é sin an fear a chonaiceadar marbh cúpla lá roimhe sin. Níor chreid an ministir é agus tháinig fearg mhór air. Dúirt an breitheamh go bhfaca sé lena dhá shúil ar an gclár é. D’imigh an ministir agus seana-bhlas ar a chosa aige.

Cúpla lá ina dhiaidh sin bhí an ministir ag siúl lasmuigh dó féin agus chonaic sé an fear marbh. Rith sé abaile i ndeireadh na feide agus d’fhiafraigh sé den mbuachaill aimsire a bhí aige an fíor go bhfeictear gach Caitliceach tar éis a mbáis. ‘Is fíor,’ arsa an buachaill ‘agus aoinne a chíonn aon uair amháin iad cíonn sé gach lá iad.’ ‘Tá sé chomh maith agamsa mo chip agus mo mheanaí do bhailiú le chéile agus cur díom go tapaidh as an áit seo,’ arsa an ministir.

Ní raibh aon chuimhneamh aige ar imeacht ámh agus chuala an fear marbh é agus dhein sé seift eile. Tímpeall a deich a chlog istoíche do chuaigh sé in aice le cruach mhóna a bhí in aice le tigh an mhinistir. Fé ceann tamaill tháinig an ministir amach agus chonaic sé sprid (mar dhea) agus lig sé béic as. Rith sé isteach abhaile agus ar maidin amárach bhi sé glanta leis as an áit.

– Siobhán Ní Mhurchúdha, Scoil Naomh Eirc, Baile an Mhúraigh, Corca Dhuibhne, Contae Chiarraí

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: An ministir agus gliceas mhuintir Chorca Dhuibhne'