Ó DHÚCHAS: An géigéir agus an ministir i nGleann Cholm Cille

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear píosa seanchais Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo – doicheall roimh lucht custam i nGleann Cholm Cille atá againn.

Ó DHÚCHAS: An géigéir agus an ministir i nGleann Cholm Cille

Bhí sagart i nGleann Cholm Cille. Bhí sé ag dul ’na gCeall lá amháin agus é a marcaíocht ar bheithíoch. Bhí géijéara agus an ministir ag teacht aníos ó Fhionntrá. “Seo anuas an diúlach,” arsa an géijéara. “Labhróidh mise leis.”

“Bhal,” arsa an ministir, “fág é.”

Ní raibh gar don mhinistir a bheith leis, agus tháinig an sagart den bheithíoch go dtugadh sé deoch don bheithíoch sa sruthán a bhí ann. Agus tarraingíonn sé an fhuip in aghaidh an tsrutha. Nuair a tháinig an géijéara chun tosaigh, dúirt sé “A shagairt, goidé tá tú d’iascaireacht?”.

“Tá mé ag iascaireacht an diabhail,” arsa’n sagart.

“Bhal, goidé’n fly atá agat?” ar seisean.

“Tá giota de chraiceann géijéara.”

Chuir an sagart ina thost é.

Seán Ó hEochaidh a bhailigh an scéal ó Bhrian Ó Baoill, Mín an Chearrbhaigh i 1936

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: An géigéir agus an ministir i nGleann Cholm Cille'