Nuair nach féidir rud chomh ‘bunúsach’ le pas a ordú a dhéanamh i nGaeilge is léir an ‘riachtanas’ – coimisinéir

Chinn an Coimisinéir Teanga anuraidh go raibh sárú ar an dlí teanga déanta ag Oifig na bPasanna, Uisce Éireann, Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Comhairle Contae Chill Dara

Nuair nach féidir rud chomh ‘bunúsach’ le pas a ordú a dhéanamh i nGaeilge is léir an ‘riachtanas’ – coimisinéir

 

Bhí Oifig na bPasanna, Uisce Éireann, Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Comhairle Contae Chill Dara i measc na gcomhlachtaí a sháraigh an dlí teanga anuraidh, de réir na tuarascála bliantúla is déanaí ón gCoimisinéir Teanga.

Dheimhnigh an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn, ina Thuarascáil Bhliantúil do 2024, a foilsíodh inniu, go bhfuil fiosrú ar bun aige maidir le heasnaimh mhóra a mheastar a bheith i soláthar na Roinne Oideachais d’earnáil na hiar-bhunscolaíochta lán- Ghaeilge go náisiúnta.

594 gearán a rinneadh anuraidh, laghdú 6% ar an 634 gearán a rinneadh an bhliain roimhe sin, agus an líon is lú gearán a fuarthas ó 2005.

Léirigh imscrúdú foirmiúil a rinne Oifig an Choimisinéara nach raibh Oifig na bPasanna sa Roinn Gnóthaí Eachtracha ábalta seirbhís teileafóin i nGaeilge a chur ar fáil mar nach raibh dóthain ball foirne ann a raibh Gaeilge acu.

Bhí easnaimh ó thaobh na Gaeilge freisin sa tseirbhís ar líne a chuireann Oifig na bPasanna ar fáil do dhaoine atá ag déanamh iarratais ar phas.

Chomh maith leis sin, dúirt an Coimisinéir go raibh gnéithe den aistriúchán Gaeilge ar gcóras ar líne chomh “lag” sin go mbeadh ort “dul i dtuilleamaí an leagain Bhéarla den suíomh d’fhonn brí a bhaint as na ceisteanna a chuirtear i nGaeilge le bheith cinnte go bhfuil freagraí cruinne á soláthar”.

Deir an Coimisinéir go bhfuil an easpa daoine sa státchóras a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu “ar an mbac is mó

i láthair na huaire maidir le seirbhísí poiblí ar chaighdeán sásúil i nGaeilge a chur ar fáil don phobal”.

Chinn an Coimisinéir gur sháraigh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath an reachtaíocht teanga nuair a chuir siad comharthaí in airde i mBéarla amháin i gCríochfort 1.

Léirigh imscrúdú eile gur sháraigh Uisce Éireann an dualgas atá orthu faoin dlí teanga cumarsáid a dhéanamh i scríbhinn leis an bpobal i nGaeilge nó go dátheangach.

Chinn an Coimisinéir gur sháraigh Comhairle Contae Chill Dara an reachtaíocht teanga nuair a d’fhoilsigh siad Dréachtphlean Forbartha an Chontae i mBéarla amháin.

Deir an Coimisinéir Teanga gur léir easnaimh mhóra a bheith ann sa tseirbhís a chuireann an stát ar fáil i nGaeilge.

Dúirt sé chomh maith gur ábhar mór imní é a laghad “croísheirbhísí poiblí” atá ar fáil i nGaeilge ar an lárthairseach náisiúnta, MyGovID.

“Má scrúdaítear leibhéal an tsoláthair i nGaeilge ar an tairseach náisiúnta seo i láthair na huaire tá éagothromaíocht ollmhór idir caighdeán agus cuimsitheacht na seirbhísí poiblí atá ar fáil i mBéarla i gcomparáid leis an tseirbhís thearc agus bhearnach i nGaeilge,” a deirtear i dTuarascáil an Choimisinéara.

“Nuair nach féidir le pobal na Gaeilge muinín a bheith acu go bhfuil seirbhís phoiblí chomh bunúsach le hiarratas ar phas i nGaeilge ar fáil, is tuilleadh cruthúnais é ar an ngéar-riachtanas atá ann dhá bheart chriticiúla a chur i bhfeidhm,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Is iad an dá bheart thábhachtacha a luaigh sé ná córas na gcaighdeán teanga a bhunú agus an phleanáil atá ag teastáil chun go mbainfí amach príomhsprioc earcaíochta na reachtaíochta teanga, gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% de na daoine a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí faoi 2030.

Cé gur ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 breis is trí bliana ó shin, táthar ag fanacht fós ar cheann de phríomhbhearta na reachtaíochta, sin iad na caighdeáin teanga faoina leagfar dualgais ar chomhlachtaí poiblí seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil. Bhí sé i gceist go mbeadh córas na gcaighdeán, atá le teacht in áit chóras na scéimeanna teanga, i bhfeidhm roimh dheireadh 2024.

Is é córas nua na gCaighdeán Teanga a leagfaidh amach cad iad na seirbhísí poiblí nua a chaithfidh comhlachtaí poiblí a sholáthar i nGaeilge.

Deir an Coimisinéir go mbeidh sé “ina bhunriachtanas” go leagfadh córas nua na gcaighdeáin síos na bunseirbhísí i nGaeilge a mbeidh dualgas ar leithéidí MyGovID iad a chur ar fáil.

Dúirt an Coimisinéir Teanga gur léirigh an méadú ar líon na bhfógraí Gaeilge ar na meáin Ghaeilge agus na meáin Bhéarla “an tionchar dearfach atá ag feidhmiú na reachtaíochta teanga go tráthrialta ar láidriú cearta teanga”.

Deir sé gur caitheadh €14.2 milliún san iomlán ar fhógraíocht i nGaeilge in 2023.

Dúirt sé, áfach, gur léir go bhfuil “gníomh suntasach” le déanamh go fóill ag na comhlachtaí poiblí ag a

bhfuil na buiséid fógraíochta is mó má tá siad lena spriocanna reachtúla i dtaobh na fógraíochta i nGaeilge a bhaint amach.

Deirtear sa tuarascáil gur tháinig 16% den 594 gearán a rinneadh leis an gCoimisinéir Teanga anuraidh ón nGaeltacht. Is ó Bhaile Átha Cliath a tháinig beagnach 30% de na gearáin ar fad a rinneadh in 2024. Deirtear go léiríonn líon agus nádúr na ngearán “na bearnaí ollmhóra reatha atá i seirbhísí poiblí i nGaeilge”.

Luadh ar na bearnaí sin easpa foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge chun seirbhísí faisnéise teileafóin, deasc cabhrach agus comhrá gréasáin a chur ar fáil. Luadh freisin easpa seirbhísí idirghníomhacha i nGaeilge ar líne.

Tugadh le fios chomh maith gur bhain líon suntasach gearán le húsáid mhíchruinn ainmneacha, sloinnte, seoltaí, agus teidil i nGaeilge agus gan fáil a bheith ar fhoirmeacha i nGaeilge.

Deirtear sa tuarascáil go léiríonn na bearnaí an géarghá le córas nua na gcaighdeán teanga a thabhairt isteach agus “lánfheidhm” a thabhairt d’fhorálacha uile Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 “gan mhoill”.

Ba ghá, a deirtear, comhlachtaí poiblí amhail na ranna rialtais, na húdaráis áitiúla agus na hinstitiúidí oideachais a thabhairt faoi scáth chóras na gcaighdeán “mar thosaíocht”.

Chuir an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, fáilte roimh Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga, Séamas Ó Concheanainn.

“Cuirim fáilte roimh Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara agus an tsár-obair atá ar bun go leanúnach ag a Oifig. Léiríonn an Tuarascáil an dul chun cinn suntasach atá déanta go dtí seo, go mór mór ó thaobh fógraíocht agus feiceálacht na Gaeilge ar na meáin, agus méid na gcomhlachtaí poiblí a théann ag lorg comhairle ó Oifig an Choimisinéara Teanga.

“Cé go bhfuil roinnt bearnaí aitheanta ag an gCoimisinéir Teanga sa Tuarascáil ó thaobh soláthar seirbhísí poiblí Gaeilge go fóill, tugann sé misneach dom go mbeidh go leor den obair atá idir lámha ag mo Roinn faoi láthair faoin Acht ag freagairt go díreach d’fhormhór díobh seo.”

Fág freagra ar 'Nuair nach féidir rud chomh ‘bunúsach’ le pas a ordú a dhéanamh i nGaeilge is léir an ‘riachtanas’ – coimisinéir'

  • Eoghan Ó Néill

    Ní de thaisme an easpa seirbhíse acu i dteanga na nGael – is d’aonturas í! Is pian sa tóin dóibh an ghaelig a ba chirte bheith imithe as an saol agus muidne uilig in ár gcuid de phobal aonteangach anglo. Ach níl muid a dhul a’ géilleadh dos na focars.
    Guím gach rath ar shaothar tábhachtach An Choimisnéara Teanga atá ag seasamh an fhóid, NO PASARÁN!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ní leor a bheith i do ‘chainteoir gaeilge’ sa stáitseirbhís. Bíonn tú i measc béarlóirí i gcóras béarla. Níl cuidiú ná tacaíocht ar bith ann leis na téarmaí gaeilge a úsáid ná a fhoghlaim mar go mbíonn an ‘cainteoir gaeilge’ ag obair sa chóras béarla an t-am ar fad go dtí go dtagann an duine amháin ón phobal ag cuardú seirbhís trí ghaeilge. Muna bhfuil cleachtadh ag an ‘cainteoir gaeilge’ i scríobh agus léamh na gaeilge cha bhíonn siad ábalta seirbhís ‘iomlán’ gaeilge a chuir ar fáil.
    Tá géarghá le foirmeacha dátheangach do phobal na tíre uilig. Chan é go mbeadh an leagan gaeilge scartha ón leagan béarla ach go mbeadh an dá theanga le chéile ar an leathanach amháin, is cuma más páipéar nó leictreonach é.
    An bhfuil fógraíocht ar bith sna scoltacha agus sna coláistí tríú leibhéal go bhfuil an stáit ag cuardú oibrithe le cumas labhairt agus scríobh na gaeilge? An mbeidh traenáil ar fáil leis an post gaeilge a chomhlíonadh trí mheán na gaeilge? An bhfuil fógraíocht ann ar na meáin go bhfuil seirbhísí stát ar fáil trí ghaeilge? An bhfuil eagraisí stáit a bhfuil cúram réigiúin ghaeltachta orthu ag cuir a gcuid seirbhísí chun cinn agus ar fáil i ngaeilg amháin do na réigiúin sin? Ní shílim é…

  • Seán Ó Briain

    Déanann an Roinn Oideachais agus Óige a dícheall maidir le leagan Gaeilge dá suíomh a chur ar fáil. Ní hionann agus an Roinn Ardoideachais agus Breisoideachais nach ndéanann faic ó thaobh na Gaeilge de.