Nuacheol Gaeilge – fís gan fíorú?

An féidir an nuacheol i nGaeilge a chothú? D’fhiosraigh Méabh Ní Thuathaláin an scéal

Breag-NOS-2
An banna ceoil Bréag

 

Tá ceisteanna ardaithe ag Cian Mac Cárthaigh, láithreoir Raidió na Life, faoi staid an nuacheoil Gaeilge, sa tsraith ‘Teanga le Popcheoil, Teanga le hAnam’, atá á craoladh ar Raidió na Life le trí seachtaine anuas.

Giotáraí é Cian de chuid The Dirty 9’s agus The Wild Promises a fuair a chuid oideachais trí Ghaeilge i mBaile Átha Cliath le linn na nóchaidí agus é ag seinm i mbannaí ceoil éagsúla.

Ní raibh baint ar bith ag an nGaeilge lena shaol ceoil.

“Níor rith sé liom mar cheoltóir óg go bhféadfainn popcheol a chasadh i nGaeilge,” ar sé.

Macalla atá sa mhéid sin ar a a deir Caoimhín Mac Giolla Catháin, príomhamhránaí an ghrúpa reigé Bréag, agus é ag trácht ar na nóchaidí luatha i mBéal Feirste. Ní raibh aon “chleachtadh” aige ar bheith ag éisteacht le grúpaí ag ceol i nGaeilge “nach ceol traidisiúnta a bhí ann”.

Díríonn an tsraith ar iarrachtaí na Breataine Bige, tír a chruthaigh tionscal láidir ceoil do mhionteangacha, as ar eascair leithéidí The Super Furry Animals, Catatonia, agus an iliomad grúpaí óga eile a bhfuil sé d’fhéinmhuinín acu amhráin pop, raic agus cibé eile a chasadh sa Bhreatnais.

Ach, seans gur cur amú ar fad é comparáid a dhéanamh idir dhá thír a bhfuil stair ar leith acu agus scéal éagsúil taobh thiar díobh.

Ar ndóigh, tá cainteoirí Breatnaise níos líonmhaire ná mar atá cainteoirí Ghaeilge, agus is mar sin a bhí le fada.

Tháinig gluaiseacht láidir mionteanga ar an bhfód as tréimhse fhada a bheith faoi chois ag rialtas Shasana.

Ceanglaíodh an nuacheol Breatnaise go dlúth le ceist na teanga agus cearta a gcuid cainteoirí sna seascaidí, rud nár tharla in Éirinn.

Leagadh síos struchtúr, i mbunú an lipéid ceoil ‘Sain’ sa bhliain 1969, agus Raidió Cymru i 1979, dhá fhiontar a dhírigh ar cheol comhaimseartha na Breatnaise a chur chun cinn.

In Éirinn, áfach, tháinig borradh mór faoin cheol traidisiúnta sna seachtóidí a lean ar aghaidh go dtí an an lá inniu.

D’fhéadfá a rá nach raibh ann iomaíocht chéanna ag gluaiseacht nuacheoil na Breatnaise, ná na Bascaise, ar éirigh leo earnáil cheoil chomhaimseartha a chothú do mhionteanga.

Ba iad Skara Brae agus Clannad a thóg na chéad chéimeanna i dtreo an cheoil chomhaimseartha Gaeilge sna seachtóidí luatha.

Grúpaí ó Thír Chonaill iad beirt, a tháinig chun tosaigh in aimsir The Johnsons agus Sweeney’s Men, agus a mheasc fuaimeanna an ghiotáir leictreonaigh agus an shintéiseora le ceol a bhí fréamhaithe go mór sa traidisiún.

Ó shin, is iomaí iarracht a rinneadh ceol nua-aimseartha Gaeilge a chur chun tosaigh.

Tá liosta mór fada ann de ghrúpaí agus ceoltóirí aonair a chan i nGaeilge amháin nó sa dá theanga – Na Fíréin, The Horslips, The Hot House Flowers, Bréag, Kíla, Rónán Ó Snodaigh, Cian Ó Cíobháin, Damian Dempsey, The Heathers, Dara Ó Dromaigh, Seo Linn, Mo Hatmageansaí, agus go leor eile nach iad.

Dar le Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir NÓS, iris a thugann ardán do bhannaí Gaeilge, go raibh bannaí ag teacht chun cinn “anseo is ansiúd ag amanna éagsúla” ach nach raibh “gluaiseacht” ann riamh.

Fáinne fí atá ann ar go leor bealaí.

Tá an nuacheol Gaeilge ag brath ar bhannaí ceoil a bheith in ann seit a dhéanamh i nGaeilge; ar ghigeanna agus ar fhéilte a bheith ar siúl go rialta le bannaí a spreagadh; ar thacaíocht ó stáisiún raidió; ar na meáin chun poiblíocht a thabhairt; agus ar chumarsáid mhaith agus ar struchtúr.

D’aithin Rónán Mac Aodh Bhuí an méid sin siar i 1993 nuair a chuir sé tús leis an ghluaiseacht ‘Craiceáilte’, a a bunaíodh chun ardán a thabhairt do cheoltóirí comhaimseartha Gaeilge agus siamsa a chur ar fáil do chainteoirí óga Gaeilge.

Tá go leor le bheith dóchasach i bhfianaise a bhfuil déanta ar mhaithe le cur chun cinn an cheoil Ghaeilge ag ‘Craiceáilte’ agus grúpaí eile ar nós An Puball Gaeilge, An G-Spota, Club Fonn agus leithéidí IMRAM.

“Tá mol mór grúpaí nua ag teacht chun tosaigh don Chabaret Craiceáilte, agus athrú mór tagtha ar chúrsaí le cúig bliana anuas,” a deir Rónán Mac Aodh Bhuí.

Tagann an méid sin le dearcadh eagarthóir NÓS, gur léiriú é an nuacheol Gaeilge ar shláinte agus ar bheocht na teanga.

“Chan é go raibh pobal mór bríomhar leis na mílte cainteoir againn agus nach raibh aon cheol ann. Is dócha go raibh leibhéal an cheoil agus líon na mbannaí ceoil ionadaíoch go leor ar líon na gcainteoirí. De réir mar atá an teanga ag éirí níos beoga agus níos bríomhaire, tá sé nádúrtha anois go mbeadh níos mó bannaí ann,” arsa Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir NÓS.

Cinnte, tá ag éirí le físeáin Cholásite Lurgan normalú a dhéanamh ar nuacheol Gaeilge. Tá daoine anois cleachtaithe ar bheith ag éisteacht le ceol chomhaimseartha i nGaeilge.

Spreagadh atá sna deiseanna a chuireann Lurgan ar fáil, físeán a dhéanamh nó amhrán a thaifeadadh sa stiúideo agus an Ghaeilge a roghnú in áit an Bhéarla.

D’fhéadfaí tógáil ar na hiarrachtaí seo dá mbeadh struchtúr leagtha síos ag an earnáil.

Ach ina dhiaidh sin féin, is aistriúchán ar amhráin Bhéarla atá I gceist le na físeáin mhóréilimh sin.

Aistriúchán ar amhráin Bhéarla a bhí i gceirníní ‘Ceol’ Sheachtain na Gaeilge chomh maith, a chuir leithéidí The Frames, Mundy, The Coronas ag canadh leagan Gaeilge dá n-amhráin.

Ba mhaith ann iad, ach ní leor iad.

Ó aimsir Slógadh, féile ar cuireadh tús léi i 1969, is sna comórtais cheoil de chuid Feachtas, Beo, Slcéip agus Gael Linn a rinneadh na hiarrachtaí is mó i dtaobh amhráin nuachumtha Ghaeilge a láidriú.

Ach cén mhaith duais €3,000 a bhronnadh ar bhanna ceoil, mar a rinneadh ag comórtas Beo ag an Oireachtas ar na mallaibh, nuair atá seans maith ann nach ndéanfar an t-amhrán a thaifeadadh nó nach bhfeicfear an grúpa céanna ar stáitse ag tabhairt faoi sheit iomlán i nGaeilge go deo.

Mhothaigh moltóirí chomórtas Beo, Cian Mac Carthaigh agus Rónán Mac Aodh Bhuí an rud céanna i ndiaidh dóibh aon bhanna déag “den scoth” a chluinstin ag casadh gach sórt ceoil chomhaimseartha i nGaeilge.

Ba mhór an spreagadh a bhí sa cheol féin, ach ba rímhaith a thuig siad freisin na deacrachtaí roimh ghluaiseacht an nuacheoil. Sin más gluaiseacht í ar chor bith.

Fág freagra ar 'Nuacheol Gaeilge – fís gan fíorú?'