Ní ar thóir cathaoireacha boga ná le bheith ag dul go glúine i gcairpéad a chuaigh daoine go Páirc na nGael

Ó imríodh na cluichí Gaelacha ansiúd den chéad uair i 1926 ba theach tearmainn ag na Gaeil Páirc na nGael i Nua-Eabhrac

Ní ar thóir cathaoireacha boga ná le bheith ag dul go glúine i gcairpéad a chuaigh daoine go Páirc na nGael

Páirc na nGael. Pictiúr: INPHO/Ed Mulholland

Léigh mé an lá faoi dheireadh go bhfuil an beár fada a bhí i bPáirc na nGael i Nua-Eabhrac leagtha acu. Ní i bhfad a thóg an obair sin déarfainn mar más buan mo chuimhne ní raibh ann ach na ceithre bhalla agus díon stáin orthu. Ba iomaí fód a bhí caite i dtóin thiar chró na móna a raibh oiread compord acu agus a bhí ag na céadta mílte duine a d’ól deoch ansiúd, nó b’fhéidir go deimhin gur ina milliúin ba chóir iad a chomhaireamh.

Ar ndóigh ní ar thóir cathaoireacha boga ná le bheith ag dul go glúine i gcairpéad a chuaigh duine amháin féin acu sin thar tairseach isteach. Ó imríodh na Cluichí Gaelacha ansiúd den chéad uair ionann is céad bliain ó shin (1926) go dtí an lá inniu, nuair a imreoidh Nua-Eabhrac agus Maigh Eo a chéile i gCraobh Peile Chonnacht, ba theach tearmainn d’imircigh a bhí i bPáirc na nGael, áit ar chruinnigh siad le chéile chuile Dhomhnach, leis na cluichí a chleachtadar in Éirinn a fheiceáil, le casadh le cairde, gaolta agus comharsana agus le dul siar ar bhóithre na smaointe.

Óna gcuma agus óna gcomhrá d’fhéadfadh sé gur taobh amuigh d’aon cheann de na scórtha teach tórraimh Éireannacha atá i Nua-Eabhrac a bhíodar, ach go raibh siad siúd a bhí i Gaelic Park beagáinín níos sona agus níos ríméadaí.

Ní móide go raibh aon duine a leag cos san áit den chéad uair ag súil lena raibh rompu agus iad ag déanamh isteach ar cheann de na páirceanna is iomráití i stair Chumann Lúthchleas Gael.

Raingléis d’áit a bhí ann fiú beagnach leathchéad bliain ó shin nuair a fuair mise an chéad amharc air – gan an seastán féin ann an uair sin, sáinnithe ar thaobh amháin ag an mbóthar, ar an taobh eile ag an 240th St Rail Yard agus gan de chompord ann ach a bheith ag súil le lá breá agus deis suite ar an gcnocán féarach ag ceann thoir na páirce a raibh foscadh ón ngrian le fáil ó chrainn arda ghlasa. Díreach mar a bheadh ar pháirceanna club.

Tar éis dom a theacht aníos bealach a raibh Broadway mar ainm air, siúl trí Van Cortlandt Park, áit a bhfuil áiseanna do chuile chineál spórt, ba mhór idir an Páirc na nGael ar shiúil mé isteach ann agus an leagan amach dó a bhí i m’intinn de bharr a raibh cloiste agam ó mo mhuintir, ón eolas a bhí agam ar stair CLG agus ó bheith ag éisteacht le Micheál Ó hEithir ag craoladh as ó am go ham.

Deich mbliana a bhí caite ag Coiste Nua-Eabhrac i mbun na páirce i 1926 nuair a dearbhaíodh go raibh siad bancbhriste . Bhí sé i lámha údaráis na cathrach gur ghlac John Kerry O’ Donnell as an gCam in Iarthar Dhuibhneach léas ar an áit i 1941. Ba dheacair ainm amháin acu a lua gan an dara ceann a bheith ceangailte leis le linn an dá scór bliain a lean.

Peileadóir den scoth ab ea deartháir le John Kerry, darbh ainm Tim, fear a bhí ar fhoirne Chiarraí a bhuaigh Corn Mhig Uidhir i 1929, ’30 agus ’37. D’imir John é féin freisin ach ba le cúrsaí gnó a bhain an bua ba mhó a bhí aige siúd.

Agus bagairt láidir ann go ndéanfaí láthair thógála de Pháirc na nGael, dhíol O’Donnell cuid de na gnóthaí a bhí aige agus dhírigh ar lárionad siamsaíochta agus spórt a dhéanamh den pháirc.

Ní raibh a shárú ann agus bhí sé de bhuntáiste aige freisin go raibh sé sáite go domhain sa gCumann Lúthchleas i gcathair Nua-Eabhrac agus go raibh ochtar clainne air a bhí chomh dícheallach agus a bhí sé féin.

Idir shóisir agus shinsir, club agus contae, d’fhéadfadh sé go mbeadh leathdhosaen cluiche nó níos mó ar Pháirc na nGael chuile Dhomhnach nuair a bhí sé ina neart – gan ann ach to raibh breacadh an lae tagtha nuair a thosaíodh an ceann ba thúisce acu, dorchadas na hoíche tagtha faoin am a gcríochnaíodh an ceann deireanach.

Ar an taobhlíne ar a leithéid de lá sna 1980idí thosaigh mé ag comhrá le fear a raibh caipín bobailín de chuid Átha Cliath air agus é amach go maith sna blianta. Ni raibh a chuid Gaeilge ligthe i ndearmad ach an oiread aige.

An iománaíocht ab ansa leis agus rinne sé cur síos ar chuid de na heachtraí a tharla sna 1950idí agus ina dhiaidh i gcluichí a imríodh ar an bpáirc a bhí os ár gcomhair – cluichí cancracha meargánta go leor acu.

Ag obair mar fhreastalaí boird i mbialann in ‘Inis Fada’ (mar a thug sé féin ar Long Island) a chaith mo chara a shaol agus ba é an Domhnach an lá ba mhó a mbíodh tarraing ar an áit. Ba le hIodálach an bhialann agus ní raibh seans na ngrást go gceadódh sé siúd lá saoire d’aon oibrí ar an Domhnach. Dá bharr ní bhíodh de rogha ag an mbáireoir ach a chinntiú go bhfaigheadh sé an traein chun oibre ag Stáisiún 238th St., dhá bhloc ó Pháirc na nGael tráthnóna Dé Domhnaigh.

Ar phointí an 6 a chlog a d’fhágadh an ceann ba dheireanaí a d’fheilfeadh agus rinne mo chara gáire agus é ag cur síos air. Ba mhinic nach mbíodh sé de thriáil aige an feisteas imeartha a bhaint de, ach a dhul amach as an áit faoi luas lasrach, a chuid éadaigh agus a chamán faoina ascaill aige agus a chuid bróga imeartha ag baint aithinneochaí as an gcosán.

Agus an bhialann bainte amach aige , dúirt sé go mba iomaí sin uair a leag sé stéig bhreá faoi smut custaiméara agus é ag iarraidh a cheilt go raibh an oiread fola ag rith as a chuid alt féin agus a bhí as an bpíosa feola! Ní baileach ach an oiread gur chreid an tIodálach i gcónaí go mba é an rásúr ba chúis lena raibh de phitsigh ar chlár a éadain agus ar a bhaithis.

Tá súil agam go maireann sé i gcónaí agus go mbainfidh sé sult agus sásamh as an obair forbartha a fhágfaidh leagan amach nua agus compord dá réir ar Pháirc na nGael a luaithe agus a bheas cluiche an lae inniu críochnaithe.

Beidh na milliúin de chostas ag baint leis agus tá súil é a bheith críochnaithe, cóirithe faoi Fhéile Pádraig seo chugainn.

Fág freagra ar 'Ní ar thóir cathaoireacha boga ná le bheith ag dul go glúine i gcairpéad a chuaigh daoine go Páirc na nGael'