Nós an Bhéarla i measc daltaí scoile Gaeltachta i measc na ndúshlán is mó

Nós an Bhéarla i measc daltaí iarbhunscoile Gaeltachta i measc na ndúshlán is mó roimh Pholasaí Oideachais – tuarascáil cigireachta

Nós an Bhéarla i measc daltaí scoile Gaeltachta i measc na ndúshlán is mó

Deirtear i dtuarascáil nua faoi Scéim Aitheantais Gaeltachta na Roinne Oideachais go bhfuil go leor dul chun cinn á dhéanamh sna scoileanna ach go bhfuil roinnt dúshlán tagtha chun solais

Tá an nós i measc daltaí iarbhunscoile sa Ghaeltacht Béarla a labhairt eatarthu féin ar cheann de na dúshláin is mó atá á nochtadh féin i dtaobh Pholasaí Oideachais na Gaeltachta.

Sin cuid dá bhfuil le rá ag cigirí de chuid na Roinne Oideachais sa chéad thuarascáil atá déanta ar an scéim faoinar chuir scoileanna isteach ar aitheantas mar scoileanna Gaeltachta.

Deir na cigirí chomh maith, áfach, go bhfuil aghaidh á tabhairt “go díograiseach” ag na hiarbhunscoileanna Gaeltachta ar na “dúshláin mhóra” atá rompu trí spreagadh a thabhairt do dhaltaí a n-iompar teanga a athrú. 

I gcás go leor de na hiarbhunscoileanna Gaeltachta, ba é seo an chéad uair a raibh deis acu díriú dáiríre ar nós na ndaltaí Béarla a labhairt eatarthu féin, a deirtear.

Fuair na cigirí amach go raibh “athruithe beaga” ar iompar teanga na ndaltaí tugtha faoi deara cheana féin i scoileanna áirithe agus gan an scéim “ach ina tús”. Tugadh an t-athrú sin faoi deara go háirithe i measc daltaí sa chéad bhliain agus daltaí san idirbhliain agus, i roinnt bheag scoileanna, sa chumarsáid idir daltaí agus múinteoirí.

Deirtear sa tuarascáil a foilsíodh inniu go bhfuil an luath-thumoideachas á chleachtadh anois sna naíonáin bheaga agus sna naíonáin mhóra i mbeagnach gach bunscoil a bhfuil aitheantas mar scoil Ghaeltachta á lorg acu ó Roinn na Gaeltachta.

Chuir an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh fáilte roimh fhoilsiú thuarascáil na Cigireachta agus dúirt sé gur léirigh sé an dul chun cinn a atá á dhéanamh maidir le feidhm a thabhairt do Pholasaí Oideachais na Gaeltachta.

Mhol an tAire McHugh an “tiomantas” atá léirithe ag príomhoidí, múinteoirí agus tuismitheoirí don Scéim Aitheantais Gaeltachta.

Mhol sé go háirithe “an dul chun cinn suntasach” a dúirt sé atá á dhéanamh sna ranganna sóisearacha bunscoile maidir leis an luath-thumoideachas.

Dúirt sé gur údar misnigh é go bhfuil an tumoideachas á chur i bhfeidhm “i mbeagnach gach scoil” atá páirteach sa Scéim.

Bhí dóchas ag an Aire, a dúirt sé, go spreagfadh “an dul chun cinn” seo na scoileanna Gaeltachta nár ghlac páirt sa Scéim fós déanamh amhlaidh in 2019.

Deirtear sa tuarascáil nua chomh maith gur thug iarbhunscoileanna le fios go raibh níos mó ábhar á mhúineadh trí Ghaeilge acu ó cuireadh tús leis an Scéim.

Tá tuarascáil na gcigirí bunaithe ar aiseolas a fuair siad ó scoileanna Gaeltachta agus iad ar cuairt orthu i bhfómhar agus geimhreadh na bliana seo.

Labhair an tAire McHugh chomh maith faoi na deacrachtaí a tháinig chun solais le linn na gcuairteanna, deacrachtaí ar tugadh faoi deara iad go háirithe sna hiarbhunscoileanna agus i scoileanna sna ceantair Ghaeltachta is iargúlta. Bhain cuid mhór de na deacrachtaí sin le heaspa múinteoirí a bhfuil dóthain Gaeilge acu le hábhar éagsúla a mhúineadh, a deirtear.

Táthar ag súil go gcuideoidh an tionscnamh e-Hub, faoina ndéanfar ábhar a theagasc ar líne do scoileanna éagsúla, le dul i ngleic leis an easpa múinteoirí.

Foilsíodh an Polasaí Oideachais don Ghaeltacht 2017-2022 i Meán Fómhair 2016. Faoin bpolasaí sin, tugadh isteach in Aibreáin 2017, An Scéim Aitheantais do Scoileanna Gaeltachta, a bhfuil 105 bunscoil agus 28 iarbhunscoil Ghaeltachta páirteach inti.

Tabharfar deis eile don 28 scoil Gaeltachta nár chuir isteach ar an scéim déanamh amhlaidh in earrach na bliana seo chugainn.

Fág freagra ar 'Nós an Bhéarla i measc daltaí scoile Gaeltachta i measc na ndúshlán is mó'

  • Polasaí ar strae

    Tá aontú deonach idir tuismitheoirí agus na Gaelchoáistí gur Gaeilge amháin a labhróidh a bpáistí agus iad ar scoil. Eiríonn le Gaelscoileanna dara leibhéal an Ghaeilge a chur chun chinn i measc daltaí agus iad ar scoil de an aontaithe sin.
    Cé go bhfuil eisceachtaí ann is Béarla amháin a labhrann a bhfurmhór taobh amuigh de gheataí na scoile ach mar sin fhéin is an Ghaeilge teanga sóisialaithe na scoileanna sin.
    Toisc gur scoileanna pobal-bhunaithe seachas teanga-bhunaithe na scoileanna Gaeltachta níl aontú dá laghad faoi iompar teanga. An Ghaeilge a bheith deonach mar theanga an tsóisialauthe sna scoileanna Gaeltachta is cúis le teip an Pholasaí Oideachais Gaeltachta.