Nóra Ghriallais – banríon an tsean-nóis ar shlí na fírinne

Ba í Nóra Ghriallais Bean Mhic Dhonncha as Muiceanach Idir Dhá Sháile an t-aon bhean riamh a bhuaigh Corn Uí Riada trí huaire

Nóra Ghriallais – banríon an tsean-nóis ar shlí na fírinne

Cuirfear i gcré na cille i gConamara inniu Nóra Ghriallais Bean Mhic Dhonncha, duine de mhóramhránaithe sean-nóis na hÉireann. 

Ba í Nóra, arbh as Muiceanach Idir Dhá Sháile di ó dhúchas, banríon an tsean-nóis mar go ndearna sí éacht nach ndearna aon bhean eile go fóill, bhuaigh sí Corn Uí Riada trí huaire: sa Daingean i 1987, i nGleann Cholmcille i 1989 agus i nGaillimh i 1993. 

Aitheantas a bhí san onóir sin don mháistreacht agus an mhuinín as an ngnáth a bhí ag Nóra as an amhrán agus as a dúchas ceoil féin agus an t-anam agus an nádúr a bhí ina cuid fonnadóireachta.

Bhí Nóra ar dhuine den dáréag clainne a bhí i dteaghlach ceolmhar mhuintir Ghriallais a bhfuil a gcáil i bhfad is i ngearr as a gcumas fonnadóireachta. 

Bhain beirt deirfiúracha léi Corn Uí Riada chomh maith, Sarah agus Nan.

Mar a rinne a lán dá haois thug Nóra a haghaidh ar Bhoston Mheiriceá agus is ann a phós sí fear as Conamara, Colm Mac Donncha. Nuair a tháinig siad abhaile chuir siad fúthu sna Foraí Maola sna Forbacha agus bhí teach ósta cáiliúil ‘An Púcán’ á reáchtáil acu i lár chathair na Gaillimhe. 

Bhíodh fáilte roimh cheol is amhráin sa teach ósta agus an-tarraingt ann ag muintir Chonamara.

Bhí Nóra tinn le tamall agus í buailte ag an ngalar Alzheimer, agus seachas bláthanna a chur ar a sochraid moltar síntiús a thabhairt don eagraíocht a thugann tacaíocht do dhaoine a mbíonn an galar sin ag cur as dóibh féin agus dá dteaghlaigh. I mí na Samhna anuraidh a bhásaigh a deirfiúr Nan Ghriallais, amhránaí cumasach eile.

Maireann a fear Colm, a beirt iníonacha agus a mac chomh maith le cuid mhór gaolta agus cairde. Beidh Aifreann na sochraide i séipéal Bhearna inniu ag meán lae agus adhlacfar a corp i reilig na bhForbacha tar éis an aifrinn. Cór na n-aingeal go gcoinní ceol léi ar Neamh.

 

Fág freagra ar 'Nóra Ghriallais – banríon an tsean-nóis ar shlí na fírinne'

  • Mícheál ‘Ó hAodha

    Ar dheis Dé go raibh sí (RIP)
    Mícheál

  • Bibi

    Beannacht Dé lena h-anam

  • Pól Ó Braoin

    Go gcloistear a cuid amhránaíochta sna flaithis.

  • An Teanga Bheo

    Brón ar an mbás, i dteampall Dé go raibh sí linn i gconaí