Nod do cheannairí FG agus FF: níl meas ag an bpobal ar raiméis

B’fhéidir go n-oireann baothchaint agus gangaid do pholaiteoirí uaireanta ach is ar éigean a mheallfaidh sí vótaí san olltoghchán

Nod do cheannairí FG agus FF: níl meas ag an bpobal ar raiméis

Tá dáta an olltoghcháin fós idir dhá cheann na meá, cé go nglactar leis ar chaon taobh i dTeach Laighean go bhfógrófar é uair éigin idir an mhí seo chugainn agus deireadh mhí na Bealtaine. Nuair a cuireadh an Dáil ar atráth inné i gcomhair laethanta saoire na Nollag, ní raibh a fhios ag Teachta Dála ar bith, ach amháin Leo Varadkar, b’fhéidir, an amhlaidh go raibh deireadh chomh maith le saol na Dála seo.

Tá a fhios ag cách go mbeidh cúrsaí sláinte agus tithíochta ag cur imní ar vótóirí idir seo agus lá na vótála. Ní léir fós go bhfuil plean inchreidte faoi réir ag páirtí ar bith le ceachtar géarchéim a réiteach. Ní haon iontas é mar sin go bhfuil ceannairí na bpríomhpháirtithe ag iarraidh aird a tharraingt ar mhion-ábhair (i gcomparáid le cúrsaí tithíochta agus sláinte) a thugann deiseanna dóibh tabhairt faoina chéile gan stró.

Is cúis náire gan dabht a ndearna Dara ‘An Dá Thuarastal ‘Murphy ar feadh dhá bhliain agus é á shaibhriú féin go dleathach, sa Bhruiséil agus, uaireanta, i mBaile Átha Cliath. Is cúis ghearáin freisin a ndearna Niall Collins, Timmy Dooley, Lisa Chambers, Hildegarde Naughton, Leo Varadkar, Micheál Martin agus scata Teachtaí Dála eile nár bhrúigh a gcnaipí vótála féin sa Dáil, nó ar bhrúigh Teachtaí eile a gcnaipí ar a son. 

Tuilleann an dá ábhar thuas cáineadh, cé gur mheasa an droch-cháil a tharraing Murphy ar pholaiteoirí i gcoitinne (‘sure they’re all at it’ agus a leithéid.). Is fiú gan amhras an dá chás a fhiosrú. Níl aon dabht ann ach oiread gur chóir rialacha an Oireachtais a athrú chun bac a chur ar chleachtais dá leithéid amach anseo. 

Is léir cheana féin go gcuirfidh náire agus airdeall an Cheann Comhairle (atá ag teacht chuige féin tar éis obráide ar a ghlúin – go raibh biseach air gan mhoill) deireadh le Scannal na gCnaipí. Ní féidir a bheith baileach chomh cinnte go n-athrófar na rialacha a bhaineann le costais ná le bheith ag tuilleamh tuarastail go mínáireach in dhá thír. Ní léir ach oiread gur féidir cás Dhara Murphy a fhiosrú de réir na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair.

Gan dabht, spreag Scannal na gCnaipí agus Scannal an Dá Thuarastal tuairimíocht agus míshásamh, ach níl ceachtar scéal chomh tábhachtach don ghnáthdhuine le ganntanas tithíochta ná le hospidéil phlódaithe.

Faraor, ní de réir a dtábhachta a tharraingítear ábhair anuas i nDáil Éireann. Mar a léiríodh arís eile Dé Máirt. 

D’fhiafraigh Micheál Martin den Taoiseach ar iarr sé ar Dhara Murphy a chás a chur faoi bhráid an choiste a bhreithníonn ceisteanna a bhaineann le leas (airgeadais) Teachtaí Dála agus Seanadóirí. Dúirt Leo Varadkar i dtosach gur shíl sé gur ag tagairt do Lisa Chambers agus do chomhaltaí eile d’Fhianna Fáil a bhí sé. Ní raibh ar ndóigh, mar a thuig gach duine a bhí i láthair, an Taoiseach san áireamh.

Dúirt an Taoiseach ina dhiaidh sin go raibh “a number of options” pléite aige le Dara Murphy agus go raibh an t-iarTheachta Dála toilteanach comhoibriú dá gcuirfi fiosrúchán ar bun agus airgead a aisíoc dá rialófaí ina choinne. (Tairngreacht: ní aisíocfaidh Murphy oiread agus cent). Ach thagair sé arís do chomhaltaí de chuid Fhianna Fáil a bhí faoi amhras chomh maith, dar leis. An mbeidís ag seasamh ar son Fhianna Fáil?

Is ag an bpointe sin a dúirt Pearse Doherty ó Shinn Féin go dtabharfadh sé íde béil dá pháistí féin dá mbeidís á n-iompar féin ar nós an Taoisigh agus cheannaire Fhanna Fáil. Dúirt Micheál Martin leis nár chóir duine a scaoileadh sna glúine roimh cheisteanna a chur air. Nuair a thug Teachta Dála Shinn Féin, agus an ceart aige, caint náireach ar an méid sin, dúirt Micheál Martin leis nach raibh sé ag tagairt dó go pearsanta ach don ghluaiseacht ar thug Doherty tacaíocht di ar feadh i bhfad.

Beidh áthas ort, a léitheoir dhil, nach leanfar leis an gcur síos seo ar chaint atá gan bhrí dháiríre. An t-aon chúis gur fiú í a phlé: léiríonn sé an raiméis a chloistear go minic agus an dá phríomhpháirtí ag tabhairt faoina chéile le tamall anuas, sa Dáil agus lasmuigh di. 

B’fhéidir go n-oireann baothchaint agus gangaid dóibh araon ach is ar éigean a mheallfaidh sé vótaí san olltoghchán. Is dóichí go deimhin gur mó an dochar a dhéanfaidh raiméis d’Fhine Gael agus d’Fhianna Fáil má chuireann an dá pháirtí béim chomh mór uirthi idir seo agus lá na vótála, más luath nó mall a thagann sé. 

Fág freagra ar 'Nod do cheannairí FG agus FF: níl meas ag an bpobal ar raiméis'