Níos lú ná 15% de thuismitheoirí ó thuaidh a bhfuil Gaeilge líofa acu ag tógáil a bpáistí le Gaeilge – taighde

Meastar go bhfuil idir 500-680 teaghlach ag tógáil a ngasúr le Gaeilge i dTuaisceart Éireann

Níos lú ná 15% de thuismitheoirí ó thuaidh a bhfuil Gaeilge líofa acu ag tógáil a bpáistí le Gaeilge – taighde

Ní labhraíonn ach thart ar 15% de thuismitheoirí ó thuaidh a bhfuil Gaeilge líofa acu Gaeilge lena gclann go rialta, de réir taighde nua.

Tugtar le fios sa taighde gur idir 500-680 teaghlach i dTuaisceart Éireann atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge.

Léiríonn an taighde céanna, a choimisiúnaigh Glór na nGael, nach bhfuil ach 7,000 teaghlach ar fud na hÉireann ina bhfuil páistí á dtógáil le Gaeilge.

Deir an lucht taighde gur cosúil go labhraíonn tuairim is 5% de thuismitheoirí líofa Gaeilge ó thuaidh lena gclann ‘ar feadh an ama’. 9% eile de thuismitheoirí líofa a dúirt go labhraíonn siad ‘go minic’ lena bpáistí i nGaeilge. Bunaithe air sin, meastar gur 910 duine fásta atá ann a labhraíonn Gaeilge mar phríomhtheanga sa bhaile.

“Bheadh 500-680 teaghlach ó thuaidh a mbeadh Gaeilge mar phríomhtheanga nó mar chomhtheanga bhaile acu. Ní mór, ar ndóigh, bheith cúramach faoin bhrí a bhaineann le ‘páistí a thógáil le Gaeilge’ i ndáiríre,” a deirtear sa tuarascáil.

Tá na figiúirí bunaithe ar Dhaonáireamh 2011 i dTuaisceart Éireann. De réir an daonáirimh sin, bhí 238,272 teaghlach ag tógáil páistí i dTuaisceart Éireann, rud a d’fhágfadh go bhfuil thart ar 0.2-0.3% de theaghlaigh ó thuaidh ag tógáil a bpáistí le Gaeilge.

Ní haon iontas é gur léirigh an taighde gur i mBéal Feirste is mó a bhí teaghlaigh a raibh labhairt na Gaeilge acu. Measadh go raibh thart ar 115 teaghlach ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge sa chathair ach bhí dlús freisin i gceantair Lár Uladh (90), Dhoire (50), Ard Mhacha (60) agus an Iúir (75).

Ó dheas, tuairiscíodh go raibh 6,254 teaghlach sa stát a bhí ag tógáil a bpáistí le Gaeilge, de réir Dhaoináireamh 2016. Bhí an figiúr sin bunaithe ar theaghlaigh ina bhfuil ar a laghad duine fásta amháin agus páiste amháin a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.

Is ionann an 6,254 teaghlach sin agus 0.4% den 1,702,289 teaghlach príobháideach a bhí ó dheas in 2016. Níl sé luaite sa tuarascáil, ach ní raibh páistí á dtógáil in thart ar leath de na teaghlaigh sin, rud a d’fhágfadh go raibh thart ar 0.7-0.8% de na teaghlaigh a bhí ag tógáil páistí ó dheas á dtógáil le Gaeilge.

Bhí beagnach 30% (1,796) de na teaghlaigh ó dheas a bhí ag tógáil a ngasúr le Gaeilge lonnaithe sa Ghaeltacht agus os cionn 20% (1,455) eile a bhí á dtógáil i gcontaetha a bhfuil ceantar Gaeltachta iontu.

Dúradh go mbeadh breis eolais ag teastáil, áfach, chun tuiscint a fháil ar an gceangal idir nádúr an phobail a labhraíonn Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ach atá cóngarach di.

“Is cinnte go mbeadh cuid acu páirteach i saol na Gaeltachta,” a deirtear. “Is cosúil gur de bhunadh na Gaeltachta cuid de na cainteoirí rialta Gaeilge atá ag tógáil a gclainne le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Theastódh taighde cáilíochtúil chun an gaol atá idir na teaghlaigh sin agus an Ghaeltacht agus tionchar an ghaoil sin ar a gcuid iarrachtaí an Ghaeilge a úsáid mar theanga teaghlaigh.”

Measadh go raibh líon na bpáistí atá sna teaghlaigh Ghaeilge íseal go leor i bhformhór na gceantar uirbeach. Ina ainneoin sin, deirtear go bhfuil dlús faoi leith faoi labhairt na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus sna bailte ina thimpeall, i gCorcaigh agus lasmuigh den Ghaeltacht sna contaetha ina bhfuil ceantair Ghaeltachta.

Fág freagra ar 'Níos lú ná 15% de thuismitheoirí ó thuaidh a bhfuil Gaeilge líofa acu ag tógáil a bpáistí le Gaeilge – taighde'