‘Níor tháinig mé trasna ar rud ar bith cosúil leis riamh’ – an é seo an camán is sine in Éirinn?

I Luimneach a thángthas ar phíosa adhmaid a shíltear go mb’fhéidir gurb é an camán is sinne atá againn

‘Níor tháinig mé trasna ar rud ar bith cosúil leis riamh’ – an é seo an camán is sine in Éirinn?

Tá seandálaithe den tuairim go mb’fhéidir go bhfuil an camán is sine in Éirinn aimsithe acu.

Dúirt John Kavanagh, Stiúrthóir bainistíochta le Icon Archaeology nár tháinig sé trasna “ar rud ar bith cosúil leis riamh” agus é ag caint faoin phíosa adhmaid a aimsíodh i Luimneach agus go bhféadfadh baint a bheith aige leis an chéad chineál camán sa tír.

I Sceach an Chreagáin, Mungairit i Luimneach a thángthas ar an phíosa adhmaid in 2021 agus tá scrúduithe á dhéanamh ó shin air. Tá an píosa thart ar mhéadar go leith ar fad agus é déanta as saileach.

Bhí tithe úra le tógáil ar an suíomh i Sceach an Chreagáin, ach sular thosaigh an obair thógála, bhí cead tugtha ag Comhairle Contae Luimnigh agus Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta suíomh beag seandálaíochta a thochailt ar an láthair.

Dúirt John Kavanagh, a bhí ina stiúrthóir ar an togra sin, gur tháinig siad trasna ar roinnt ábhar seandálaíochta a raibh baint acu le “saol na manach” nuair a thosaigh siad ag tochailt den chéad uair.

Nuair a tháinig John agus a fhoireann trasna ar an phíosa shíl sé “gur bachall de shórt inteacht”a bhí ann ar dtús.

“Bhí cos fhada air le cineál ceann ag an deireadh. Bhí sé cosúil le gléas searmanais a bheadh bainteach le ham éigin go luath ag tús ré na Críostaíochta.”

“Thángthas air le déantáin eile a bhí dátaithe ón seachtú haois, mar sin, bhí a fhios againn go raibh sé aosta ach ní raibh muid go hiomlán cinnte cad é a bhí ann.”

Tháinig an tOllamh Aidan O’Sullivan, An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath agus Cathy Moore saineolaí ar adhmad seandálaíochta, ar bord chun tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh agus bhí siadsan den tuairim go bhféadfadh baint a bheith aige “leis an chéad chineál camáin” sa tír.

Bhí gach rud caomhnaithe go maith mar gheall ar an talamh báite agus thángthas ar go leor píosaí eile fosta, cosúil le bróga leathair agus babhlaí adhmaid.

Bhí Kerri Waite ag obair mar mhaoirseoir le Icon Archaeology nuair a thángadar ar an chamán.

“Nuair a tháinig muid ar an chamán ar dtús, shíl muid gur chineál íol de shórt inteacht a bhí ann. Is ag an am céanna a tháinig seandálaí ar ‘íol Ghortnacrannagh’, píosa a bhí déanta as crann darach ón iarannaois a fuaireas curtha sa phortach i gcontae Ros Comáin.

“Shíl muid, b’fhéidir, gur súil a bhí san alt ach chomh luath is a bhí sé bainte amach as an talamh againn, thosaigh muid ag smaoineamh go raibh sé iontach cosúil le camán, cé go raibh sé rud beag garbh.”

Tá a fhios againn go ndearnadh an chéad trácht ar an iomáint sa litríocht in 1272RC, ach seans go raibh muintir na hÉireann ag imirt iomána de shórt inteacht sa seachtú haois. Más rud é go raibh, seans go raibh siad ag úsáid camán cosúil leis an gceann atá idir chamáin ag seandálaithe.

 

Fág freagra ar '‘Níor tháinig mé trasna ar rud ar bith cosúil leis riamh’ – an é seo an camán is sine in Éirinn?'