Nimhiú, ciníochas agus Corn an Domhain – An Afraic Theas in aghaidh na Nua-Shéalainne i 1995

Agus iad ag casadh ar a chéile inniu i gcluiche leathcheannais Chorn an Domhain, breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar an gcoimhlint idir na Springboks agus na All Blacks i sa chluiche ceannais stairiúil 20 bliain ó shin

Cliathánaí na Nua-Shéalainne, Jonah Lomu, ag imirt in aghaidh na hAfraice Theas i 1995. INPHO/Billy Stickland
Cliathánaí na Nua-Shéalainne, Jonah Lomu, ag imirt in aghaidh na hAfraice Theas i 1995. INPHO/Billy Stickland

I Twickenham inniu, tabharfaidh an Nua-Shéalainn agus an Afraic Theas aghaidh ar a chéile i gcluiche leathcheannais Chorn an Domhain. Tá feiliúnach go bhfuil na foirne seo in adharca a chéile i mbliana mar ba sa chomórtas seo, 20 bliain ó shin, a d’imir siad ceann de na cluichí is stairiúla riamh.

an cluiche é féin a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine ach an tionchar a bhí aige agus ag comórtas na bliana sin ar phobal scoilte ag iarraidh teacht le chéile i ndiaidh na mblianta fada achrannacha.

Mar gheall ar ré na cinedheighilte san Afraic Theas, cuireadh bac ar fhoireann rugbaí na tíre páirt a ghlacadh i gCorn an Domhain i 1987 agus 1991. I 1992, agus deireadh tagtha leis an gcóras sin sa tír, thug an Bord Idirnáisiúnta Rugbaí cead arís do na Springboks cluichí idirnáisiúnta a imirt agus ní raibh orthu fanacht i bhfad chun a rian a fhágáil ar chúrsaí.

Bhí an Afraic Theas mar óstaí ar Chorn an Domhain i 1995 agus d’aithin uachtarán na tíre, Nelson Mandela, gur deis a bhí sa gcomórtas an fhoireann rugbaí a úsáid chun daoine a aontú faoi chuspóir coiteann.

I rith ré na cinedheighilte, níor imir ach imreoirí geala d’fhoireann na Springboks agus fiú san fhoireann a ghlac páirt i gCorn an Domhain i 1995, is imreoirí geala uile a bhí ann seachas an cliathánaí Chester Williams. Mar gheall air sin, thóg sé tamall ar an bpobal gorm tacaíocht a thabhairt don fhoireann ach, le cabhair Mandela, d’athraigh a ndearcadh i rith an chomórtais.

Faoin am gur shroich an Afraic Theas an cluiche ceannais, bhí tacaíocht láidir acu agus ó tharla gurbh iad foireann na Nua-Shéalainne a bhí ag fanacht leo, bhí daoine ag dúil go mór leis an cath. Go dtí sin, ba iad na Springboks an t-aon fhoireann a raibh níos mó cluichí buaite acu in aghaidh na Nua-Shéalainne ná mar a bhí caillte acu, agus aithníodh iad mar an dá fhoireann is fearr ar domhan.

Bhí an Nua-Shéalainn i ndiaidh greadadh a thabhairt do gach fhoireann a casadh orthu go dtí sin, agus Jonah Lomu go mór mór ag déanamh scrios, ach bhuail tubaiste iad cúpla lá roimh an lá mór.

Ar an Déardaoin, dhá roimh an gcuiche ceannais, bualadh 27 imreoir de chuid na Nua-Shéalainne le nimhiú bia tar éis dóibh ithe ag an óstán. Bhí a lán tuairimí ann maidir le céard ba chúis leis an nimhiú.

Dar le daoine áirithe, ceannaire na foirne slándála ina measc, íocadh freastalaí darbh ainm ‘Suzie’ chun an beart a dhéanamh. Ar an lámh eile, bhí Colin Meads bainisteoir na All Blacks, den tuairim go raibh an locht ar an mbainne a d’ordaigh sé tar éis dó a bheith ag ól an oíche roimhe, agus d’ól na himreoirí an bainne céanna. Pé rud a tharla, déanadh an cinneadh gan scéal an tinnis a scaipeadh ar fhaitíos go spreagfadh sé foireann na hAfraice Theas.

Sa chluiche féin, gan fios acu go raibh an freasúra ar leathchois, bhí an Afraic Theas níos gafa leis na Nua-Shéalannaigh a stopadh, agus níor scóráladh úd ar bith.

Chríochnaigh an 80 nóiméad agus na foirne ar comhscór, rud a chiallaigh go mbeadh am breise ag teastáil don chéad uair i gcluiche ceannais de chuid Chorn an Domhain. Scóráil Andrew Mehrtens agus Joel Stransky ciceanna éirice sa tréimhse sin ach, le seacht nóiméad fágtha, bhí deis ag Stransky an corn a bhuachan dá fhoireann le preabchic, deis a thapaigh sé chun bua stairiúil a thabhairt don Afraic Theas.

Ag bronnadh an choirn dó, bhí geansaí na hAfraice Theas á chaitheamh ag Mandela, geansaí a bhí mar shiombail na deighilte sa tír roimhe sin. Léirigh sé sin agus na híomhánna a léirigh an dea-chaidreamh idir Mandela agus Francois Pienaar, captaen na foirne, go rabhthas i dtús ré nua san Afraic Theas.

I mbliana chuir an Afraic Theas tús uafásach leis an gcomórtas nuair a chaill siad i gcoinne na Seapáine, ach tá na Springboks tagtha chucu féin arís. Más fúthú an Nua-Shéalainn a shárú, níor mhiste cuid den spiorad sin ó 1995 a mhúscailt inniu.

Bheadh cúpla buidéal bainne géar in óstán na Nua-Shéalainne ina chuidiú chomh maith…

Fág freagra ar 'Nimhiú, ciníochas agus Corn an Domhain – An Afraic Theas in aghaidh na Nua-Shéalainne i 1995'