Nílim ag súil le mo dhuine a bheith ar ais sa Teach Bán

Caitheann Tuairisc súil chun cinn ar 2025 leis an scríbhneoir Richie Conroy

Nílim ag súil le mo dhuine a bheith ar ais sa Teach Bán

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2025?

Anuraidh chuir mé tús le nós nua. Tar éis dom na páistí a fhágáil ar scoil, téim ar shiúlóid – uair an chloig – achan lá. Bíonn go leor den dúlra le feiceáil agus le cloisteáil agus is tús maith é don lá oibre. Tá sé de rún agam leanúint leis sin. Ba mhaith liom níos mó ama a chaitheamh ag léamh agus níos lú ama a chaitheamh ar an bhfón.

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2025?

Tá roinnt tograí idir lámha agam faoi láthair – sraith theilifíse do dhaoine fásta, úrscéal nua do dhéagóirí agus closleabhar do pháistí óga leis an gcomhlacht Tonies. Beidh na tograí sin ar fáil sa bhliain úr agus táim ag súil go mór le toradh mo chuid oibre a fheiceáil. Tugann sé misneach agus inspioráid dom leanúint ar aghaidh chuig an gcéad togra eile.

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2025?

Nílim ag súil le mo dhuine a bheith ar ais sa Teach Bán.

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2025

Seachas cóineartú m’iníne, táim ag súil le scannán a scríobh mé ‘Fran the Man’ a fheiceáil sna pictiúrlanna san earrach. Scannán grinn atá ann agus bhí an príomhról ag dlúthchara liom, Darragh Humphreys. Beidh Ardal O’Hanlon, Deirdre O’Kane, Risteard Cooper, Amy Huberman agus go leor eile le feiceáil sa scannán freisin. Bhí an-chraic againn á léiriú.

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2025?

In ainneoin na ndeacrachtaí ó thaobh maoinithe de, sílim go bhfuil borradh faoi scríbhneoireacht na Gaeilge le blianta beaga anuas. Agus tá scríbhneoirí úra agus guthanna úra ag teacht chun cinn freisin, rud atá iontach tábhachtach. Táim dóchasach go mbeidh tuilleadh tograí mealltacha ag teacht ó scríbhneoirí na Gaeilge san athbhliain.

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2025?

Tá gá le níos mó úrscéalta do dhéagóirí. Tháinig smaoineamh chugam agus mé i mo chónaí ar oileán iargúlta ar chósta Ceanada agus ba bhreá liom úrscéal a scríobh bunaithe air. Úsáidfidh mé comórtas liteartha an Oireachtais mar spriocdháta. Beidh le feiceáil!

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2025, céard a d’athrófá?

Níl aon dabht faoi ach gur thug ré Jack Charlton ardú croí don tír uile. Ba mhaith liom é sin a thabhairt ar ais. Nílim ag caint ar zombaí Jack Charlton ach go mbeadh foireann sacair mhaith againn arís, go mbeimis ag corn an domhain arís. Bronntanas mór don tír a bheadh ann.

*Tá an leabhar is deireanaí le Richie Conroy Dialann Emily Porter: Caillte agus Aimsithe an t-eagrán is deireanaí sa tsraith leabhar ‘Dialann Emily Porter’ (LeabharCOMHAR) ar fáil anois.

Fág freagra ar 'Nílim ag súil le mo dhuine a bheith ar ais sa Teach Bán'