‘Níl údar ar bith ann go ndéanfaí Woulfe a tháinseamh, leis na breithiúna réiteach na faidhbe’ – Alan Dukes

Dúirt Alan Dukes ar RTÉ RnaG inniu gur cheart do Thithe an Oireachtais réiteach na conspóide faoin mBreitheam Seámus Woulfe a fhágáil faoin bPríomh-Bhreitheamh agus breithiúna na Cúirte Uachtaraí

‘Níl údar ar bith ann go ndéanfaí Woulfe a tháinseamh, leis na breithiúna réiteach na faidhbe’ – Alan Dukes

Alan Dukes. Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Tá ráite ag an iarcheannaire de chuid Fhine Gael, Alan Dukes, nach bhfuil aon chúis ann go ndéanfaí an Breitheamh Séamus Woulfe a tháinseamh agus nach bhfuil “aon ghá” géarchéim bhunreachtúil a dhéanamh de chonspóid na Cúirte Uachtaráí.

Ag labhairt dó ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt Dukes gur cheart do Thithe an Oireachtais réiteach na conspóide a fhágáil faoin bPríomh-Bhreitheamh agus breithiúna na Cúirte Uachtaraí.

Mhaígh Dukes gur aighneas pearsanta a bhí sa chonspóid cuid mhór agus nach gá géarchéim bhunreachtúil a dhéanamh di.

Tá géarchéim nach bhfacthas a leithéid cheana sa gCúirt Uachtarach toisc gur dhiúltaigh an Breitheamh Séamus Woulfe éirí as a phost sa gcúirt sin cé gur mhol an Príomh-Bhreitheamh, Frank Clarke, gur chóir dó sin a dhéanamh de bharr an chaoi ar dhéileáil sé leis an gconspóid a lean dinnéar gailf an Oireachtais ag a raibh sé i láthair.

Chuir Woulfe in iúl don Phríomh-Bhreitheamh Frank Clarke nach n-éireodh sé a phost.

Bhí an Breitheamh Séamus Woulfe i measc 80 duine a bhí ag dinnéar in óstán Theach an Stáisiúin sa gClochán, tráth a raibh treoracha Covid-19 i bhfeidhm faoi chruinnithe.

Deir an Rialtas go bhfuil “ceisteanna tromchúiseacha bunreachta” ardaithe ag an aighneas, ach dar le hiarcheannaire Fhine Gael, Alan Dukes, nár cheart féachaint mar sin air an scéal.

“Go fírinneach, ní dóigh liom go bhfuil aon ghá géarchéim bhunreachtúil a dhéanamh de seo.”

Seamus Woulfe le Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

“Na comhráite agus na litreacha idir Séamus Woulfe agus na daoine eile …tá siad ana-dhlíodóireach …  tá rudaí pearsanta ráite iontu, ach ní athraíonn sé bunús an scéil.”

“Dealraíonn sé go bhfuil aighneas, déarfainn, saghas pearsanta idir an bheirt [An Breitheamh Séamus Woulfe agus an Príomh-Bhreitheamh Frank Clarke] agus le triúr eile de bhaill na cúirte sin [an triúr breithiún a raibh cruinnithe ag Séamus Woulfe leo] ach ní dóigh liom go gcuireann sé sin isteach nó amach ar an méid a bhí ráite ag Susan Denham.”

Chinn an Breitheamh Susan Denham go mbeadh sé “thar fóir” agus éagórach dá mbeadh ar Seamus Woulfe éirí as mar bhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí mar gheall gur fhreastail sé ar dhinnéar conspóideach Chumann Gailf an Oireachtais.

Dúirt Dukes gurb é an Príomh-Bhreitheamh Frank Clarke é féin a chuir tús leis an bpróiseas chun réiteach a fháil ar an scéal agus a leag mar chúram ar Denham an scéal a fhiosrú agus tuarascáil a fhoilsiú ina leith.

Dar le Duke nár tháinig aon údar táinsimh i gceist beag ná mór, agus gur chóir don Phríomh-Bhreitheamh agus breithiúna eile na Cúirte Uachtaraí glacadh le breithiúnas Susan Denham.

“An próiseas a chuir an Príomh-Bhreitheamh ar siúl, tháinig sé ar an dtuairim, ó Susan Denham, nach raibh ábhar go leor anseo le go n-iarrfaí ar Shéamus Woulfe éirí as a phost… Agus is é an Príomh-Bhreitheamh é féin a mhol Séamus Woulfe sa chéad dul síos… Ní mór nó go raibh aithne mhaith aige ar an bhfear, ar chumas an fhir… Níl aon rud faoi sin athraithe idir an dá linn.”

“Ní fheicim chor ar bith [go bhfuil údar táinsimh ann].  Tá sé ráite ag Susan Denham, agus tá mé cinnte go bhfuil an t-eolas agus an taithí agus an chríonnacht aici sin breithiúnas a thabhairt air sin, agus mar sin measaim nach bhfuil aon dul as ag an gcúirt ach glacadh leis sin.”

 “Mar sin tá gach ceart ag an Oireachtas an liathróid a chaitheamh ar ais go dtí an chúirt agus a rá gur fadhb é seo … agus é a réiteach iad féin go lárnach istigh sa chúirt.  Is conspóid é seo a luíonn istigh sa chúirt fhéin agus caithfidh siad glacadh leis sin agus gníomh a dhéanamh dá réir.”

Fág freagra ar '‘Níl údar ar bith ann go ndéanfaí Woulfe a tháinseamh, leis na breithiúna réiteach na faidhbe’ – Alan Dukes'