Níl teorainn leis na ceisteanna faoin mBreatimeacht, agus is maith a thuigfidh lucht smuigleála sin…

Nach soineantacht dho-mhaite é a bheith ag súil go gcloífí le rialacha gan aon iniúchadh ar an teorainn?

Níl teorainn leis na ceisteanna faoin mBreatimeacht, agus is maith a thuigfidh lucht smuigleála sin…

“Táilliúir ab ea m’athair i mbaile cois teorann. Gnó rialta aige aimsir an chogaidh ab ea pócaí speisialta a chur i bhfobhrístí le hearraí a cheilt is iad á n-iompar thar teorainn.” Ní ar choirpeach a bhí an fear ar an raidió ag caint ach gnáthdhuine.

Cuid de shaol na teorann, ar an dá thaobh ab ea an smuigleáil. Dheintí é le haghaidh riachtanais laethúla, a deirtear, im go háirithe, agus ar éigean má bhí éinne ina choinne. Is minic lucht seanchais ag cur síos ar na cleasa ar baineadh leas astu chun earraí a thabhairt thar teorainn, go neamhoifigiúil. Cluintear sa Chabhán agus i Muineachán faoi mhuca a bheith ólta ionas go gcoinneodh an pórtar ina suantost iad agus iad i bhfolach ó lucht custaim. Insítear scéalta i nDoire agus i dTír Chonaill faoi mhná a chroch a málaí ar mhurláin na ndoirse ar an traein. Nuair a thiocfadh oifigeach custaim ar bord na traenach ar an taobh clé bheadh na málaí ar an taobh deas. Agus ar éigean a d’fhéadfadh sé an bhean a bheadh ‘torrach’ gach uair dá gcasfaí air í a cheistiú faoi thoircheas fad-aimsire! Nárbh iad a bhí seiftiúil. Agus bródúil as.

Ní taise a gcruthaitheacht do na mórsmuigléirí, iad sin a dhéanann fós é ar scála ollmhór. Bhí smuigleáil le linn na dTrioblóidí níos urchóidí. Is minic a tugadh ábhar marfach thar teorainn – gunnaí, armlón agus buamaí. Thairis sin cá bhfios cé mhéad beithíoch a áiríodh faoi dhó le haghaidh fóirdheontais ón Aontas Eorpach? Is iomaí tréad a bhí siúlach.

Scannal a bhfuil costas mór air don státchiste ó dheas is ea sciúradh díosail. Sa mhullach ar chaillteanas suas le €300 milliún sa bhliain, íoctar go daor ó thuaidh as an sciúradh airgid gan trácht ar an dochar don timpeallacht a ghabhann leis.

Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar na scéalta nuachta le blianta beaga anuas chun liostaí de choireanna a bhaineann le trasnú na teorann go mídhleathach a aimsiú. Dhá mhí ó shin tháinig póilíní agus oifigigh chustam ar lastas mór drugaí, cócaon agus cannabas chomh maith le seodra an-luachmhar nuair a rinne siad cuardaigh i dtaca le smuigleáil i mbailte fan na teorann i dTuaisceart Éireann. Is minic daoine á gcúiseamh as smuigleáil toitíní, drugaí agus, le tamall anuas, gáinneáil ar dhaoine.

Cén tionchar a bheidh ag an mBreatimeacht ar an gcoiriúlacht seo? Má éiríonn leis an mBreatain a plean don teorainn a dhíol leis an AE cad atá i ndán dúinn? Teorainn gan bunáiteanna custam, gan ceamaraí ná feitheoireacht ar bith atá uathu de réir na gcáipéisí a foilsíodh le seachtain anuas. D’fhágfadh sin 310 míle de theorainn, ó Loch Feabhail go Loch Cairlinne, idir Éirinn/an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe gan srian ná smacht uirthi. Bheifí ag brath ar chóras rialacháin le súil go gcomhlíonfaí na téarmaí go hionraic.

Mhaígh Fianna Fáil gur chairt do smuigléirí é. Tá a lán abhus den bharúil sin chomh maith. Is cinnte gur iomaí deis a d’fhéadfaí a thapú ar na céadta de mhionbhóithre agus bóithríní. Thairis sin i bhfianaise chomh gníomhach is atá smuigléirí cheana féin nach soineantacht dho-mhaite é a bheith ag súil go gcloífí le rialacha gan aon iniúchadh? Dá mbeadh saorthaisteal agus saorthrádáil againn conas a rialófaí inimirce?

Ní foláir nó go bhfuil a fhios go maith ag rialtas na Breataine nach mbeadh a leithéid de theorainn feidhmiúil ná inoibrithe. Is léir gur tús margála atá i gceist, an Bhreatain ag iarraidh an craiceann agus a luach a bheith aici thar éis imeacht as an Aontas Eorpach. Ach an bhfuil siad ag rá freisin – má theastaíonn teorainn ón AE, cuireadh siad féin i bhfeidhm í. Ualach eile ar Éirinn a bheadh ansin ós ar an oileán seo a bheadh,  beag beann ar mhianta an mhóraimh theas agus thuaidh maidir le fanacht san AE.

Údar dóchais ag a lán ab ea fógra an Taoisigh Leo Varadkar gur ar na daoine a bhí ag imeacht a bhí an dualgas a dteorainn a bhainistiú mar nár theastaigh teorainn eacnamaíochta ar bith uaidhsean. Ní mór dó a mheabhrú don Aontas agus do Theresa May nach ar Éirinn atá freagracht as inimircigh a choinneáil amach as an Ríocht Aontaithe ach an oiread. Tar éis an tsaoil, is cosúil gurbh in í an fhadhb a bhí acu leis an Aontas Eorpach. Dá bhfaigheadh rialtas an Breataine a mhian – teorainn gan bacainní ná lucht faire – cé a stopfadh an saoránach Eorpach a shiúlfadh isteach san Ríocht Aontaithe thar teorainn aneas? Ní smuigleáil é sin, ach ceist mhór maidir leis an teorainn í.

Fág freagra ar 'Níl teorainn leis na ceisteanna faoin mBreatimeacht, agus is maith a thuigfidh lucht smuigleála sin…'