Níl tada le rá againn faoin bhfreagra is cóir don AE a thabhairt ar Trump

Tá an rialtas ag fanacht ar an taobhlíne, a mbéal iata go daingean, ag feitheamh le cibé socrú a dhéanfaidh an tAE

Níl tada le rá againn faoin bhfreagra is cóir don AE a thabhairt ar Trump

Ní mór ár meas a chur in iúl maidir le guaim na meán Éireannach i dtaobh a mbaineann le cogadh taraifí Trump agus an chríoch is dócha a bheas leis. Arís is arís déantar tagairt don idirbheartaíocht atá ar siúl idir Meiriceá agus an tAontas Eorpach, ach arís is arís ní luaitear go bhfuil an tAE scoilte maidir leis an bhfreagra is cóir a thabhairt ar bhagairtí Trump.

Sea, ar thaobh amháin tá an Fhrainc agus an Spáinn a mholann gur cóir freagra láidir a thabhairt ar Trump. Ach, ar an taobh eile, tá an Ghearmáin, atá chomh buailte sin ó thaobh na heacnamaíochta dhe, go bhfuil siad ag iarraidh socrú ar bith, fiú drochshocrú má thugann sé seans ar bith go sábhálfaí tionscal carranna na Gearmáine.

Tá fadhb na Gearmáine ag dul in olcas le tamall maith, toisc nár chuir an tír an infheistíocht isteach i nuálaíocht na gcarranna. Ach anois tá an tSín i bhfad chun tosaigh maidir le carranna leictreacha, agus scriosfar an tionscal Gearmánach má chailleann siad margadh Mheiriceá freisin.

Tuigim go bhfuil téarma amháin sa mhargadh atá á thairiscint ag Trump a chaillódh go mbeadh comhlachtaí Gearmánacha in ann cúiteamh a fháil ó na carranna a tháirgeann na comhlachtaí sin i Meiriceá agus é sin a chur i gcoinne íocaíochtaí a bheadh dlite ó na taraifí.

Chinnteodh an téarma sin go mbeadh na comhlachtaí sin in ann a gcuid brabúis, agus leas a gcuid scairshealbhóirí, a chosaint. Ach spreagfadh sé aistriú na táirgeachta ón nGearmáin go Meiriceá – aidhm Trump ón tús ach drochscéal d’oibrithe na Gearmáine is d’eacnamaíocht na tíre sin i gcoitinne.

Deirtear freisin go bhfuil an cur chuige céanna i gceist ag Trump maidir le cúrsaí cógaisíochta. Más fíor, ní scriosfaidh sé an tionscal in Éirinn ar fad, ach má chuirtear deireadh iomlán leis na coinníollacha speisialta cánach, na brabúis le dul faoi cháin anseo cé go ndéanfaí an táirgeadh áit éigin eile, bheadh bearna mhór in ioncam an stáit.

Tá an Ghearmáin ag lorg rud ar bith a bhainfeadh aird de bhunlaige na heacnamaíochta ansin, agus ar ndóigh tá Ursula von der Leyen sa gcampa Gearmánach, agus an Coimisiún ina teannta.

Tabhair faoi deara nach labhraíonn sí mórán anois faoin Margadh Glas; ní nach ionadh agus í ag cosaint carranna breosla iontaise. Sea, tá iarracht ar bun foinsí do na mianraí tearcithreach a aimsiú taobh amuigh den tSín, ach faoi láthair tá greim daingean ag an tSín ar na mianraí sin – rud a fhágann an Ghearmáin i sáinn, ós í an tSín an té is láidre sa gcomórtas leis an nGearmáin.

Agus Éire? Céard fúinne?

Ní hamháin nach mbíonn aon phlé sna meáin faoi na roghanna atá againn, ach ní cosúil go bhfuil siad á bplé ag an rialtas ach an oiread.

Tá an rialtas ag fanacht ar an taobhlíne, a mbéal iata go daingean, ag feitheamh le cibé socrú a dhéanfaidh an tAE.

Níl seans dá laghad, is cosúil, go ndéanfadh an rialtas leas na hÉireann a aimsiú is a lorg go neamhspleách. Níor dhein siad aon iarracht an cárta Éireannach a chur sa gcluiche le stocaireacht ó na Gael-Mheiriceánaigh go mbeadh socrú na hÉireann ar a laghad ar aon dul leis an socrú atá le bheith i bhfeidhm sa Tuaisceart.

Tá dílseacht don AE níos tábhachtaí ná leas na hÉireann.

Fad atá cúrsaí amhlaidh, in ainneoin go bhfuil an Ghearmáin i ndeireadh na feide, tá an tAE ag dul síos,  brúite ar thaobh amháin ag comórtas ó Mheiriceá agus ar an taobh eile, ag comórtas ón tSín.

Sa bhfadtéarma is cosúil nach bhfuil aon dul as ach trádáil le Meiriceá a laghdú. Tá impleachtaí móra dúinne ina leithéid, ach mo léan, níl aon obair ullmhúcháin, nó fiú smaoineamh ullmhúcháin, déanta againn le múnla nua eacnamaíochta a chruthú.

Go bhfóire Dia orainn dá smaoineodh éinne ar iarracht a dhéanamh socruithe faoi leith a dhéanamh leis an tSín (nó leis an Rúis agus le tíortha eile de chuid BRICS).

Mura n-aontaíonn na saineolaithe leis an anailís seo, an míneoidís dúinn cén rogha atá ann, mar ní leor dul síos leis an long atá buailte.

Ar a laghad ba chóir dúinn rud éigin a rá faoin margadh atá faoi bhráid an AE faoi láthair. Ach mar is iondúil tá muid ag brath ar an gCoimisiún, gan a aithint gur ar son na Gearmáine, agus ar son na Gearmáine amháin, atá an Coimisiún ag feidhmiú faoi láthair.

Fág freagra ar 'Níl tada le rá againn faoin bhfreagra is cóir don AE a thabhairt ar Trump'