Níl Seanad Éireann chomh lofa le Teach na dTiarnaí, ach is léir a laigí 

Deich mbliana ó shin, tar éis reifreann inar diúltaíodh do mholadh an rialtais go gcuirfí deireadh leis an Seanad, gheall an Taoiseach Enda Kenny go rachfaí i mbun atheagrú an tSeanaid gan mhoill

Níl Seanad Éireann chomh lofa le Teach na dTiarnaí, ach is léir a laigí 

Tá atheagrú an tSeanaid á ghealladh agus á chur i leataobh le fada. Dá laige agus dá neamhionadaíoch é mar theach uachtarach parlaiminte, is féidir a bheith buíoch ar a laghad go bhfuil cosc ar áiféis ainmniúcháin, a cheadaítear sa Bhreatain, in airteagal 40.2 den Bhunreacht:

Ní cead don stát gairm uaisleachta a bhronnadh ar aon duine.

Léirigh na roghanna a rinne Boris Johnson agus a shíltear a rinne Liz Truss le gairid lofacht an chórais thall. Bhronn Johnson ballraíocht saoil i dTeach na dTiarnaí ar chúigear comhairleoirí nó iarchomhairleoirí a bhí ar fhoireann Shráid Downing nó ar fhoireann a pháirtí, agus ar bheirt iar-iarrthóirí toghcháin ón bpáirtí.

Bhí níos lú ná dhá bhliain caite ag Charlotte Own (30), an duine is óige a d’ainmnigh Johnson. Níl liosta Liz Truss, a chaith 49 lá mar phríomh-aire, foilsithe fós ach tuigtear go bhfuil sí ag beartú ardú céime luachmhar den sórt céanna a bhronnadh ar cheathrar a raibh baint acu lena páirtí.

Ní dá lucht leanúna amháin a thairgeann príomh-airí thall gradaim dá leithéid ar ndóigh agus bronntar suíocháin i dTeach na dTiarnaí uaireanta ar dhaoine mar gheall ar cháil, taithí nó saineolas nach mbaineann le polaitíocht.

Ní deacair áfach an t-ábhar argóna agus achrainn a dhúiseofaí sa tír seo dá mbeadh córas mar atá i bhfeidhm sa Bhreatain i bhfeidhm abhus. Cuir i gcás dá mbeadh ag gach Taoiseach ballraíocht saoil i Seanad Éireann a thairiscint, agus a rogha teidil, a thairiscint do dhaoine mar seo:

Tiarna Thiobraid Árann Michael Lowry

Tiarna Chill Mhantáin Sean Fitzpatrick

Tiarna an Algarve Denis O’Brien

Tiarna Dhroim Conrach Bertie Ahern

Tiarna Inis Mhic Aoibhleáin Cathal Ó hEochaidh.

Níl anseo ach gearrliosta de cheapacháin a spreagfadh gearáin dá bhfógrófaí iad. Níl mí-iompar de chineál ar bith á chur i leith na ndaoine atá ainmnithe thuas ach tá cáil orthu go léir a dheimhneodh conspóid dá dtairgfí ballraíocht i Seanad Éireann dóibh – chomh maith le tuarastal, oifig agus costais ar feadh a saoil.

Dá laige an Seanad ó thaobh daonlathais, níl sé baileach chomh lofa le Teach na dTiarnaí. Taobh amuigh de na seanadóirí a ainmníonn an Taoiseach (11) is le vótáil a roghnaítear an chuid eile. Sin ráite, tá an toghlach teoranta as cuimse: toghann céimithe Choláiste na Tríonóide agus Ollscoil na hÉireann seisear, agus níl vóta ach ag 1,169 duine eile idir Theachtaí Dála, Sheanadóirí agus Chomhairleoirí Contae agus Baile a thoghann an fuílleach (49 suíochán).

Ainneoin an breithiúnas a thug an Chúirt Uachtarach le gairid go mbeadh dualgas ar an rialtas an toghlach ollscoile a leathnú mar a vótáladh i reifreann i 1979, is cosúil go bhfuil moill á cur arís eile ar atheagrú an tSeanaid.

Shíl an scríbhneoir agus colún á scríobh anseo aige trí mhí ó shin,

nach bhféadfaí neamhaird a dhéanamh ar bhreithniúnas Ard-Chúirte. Faraor, is féidir dualgas a chomhlíonadh ach a chur siar ag an am céanna.

Is cosúil anois go rachfar chun cinn le toghadh an chéad Seanad eile in 2025 de réir an tseanchórais, ainneoin bhreithiúnas na hArd-Chúirte. Fágann sin, de réir na tuairisce a scríobh Michael Brennan sa Business Post, go mb’fhéidir nach gcuirfí atheagrú ar an teach uachtarach i bhfeidhm go dtí 2030.

Oireann an córas reatha do na príomhpháirtithe abhus mar a oireann córas Theach na dTiarnaí do na príomhpháirtithe thall. Ar bhealaí éagsúla coinníonn an dá chóras cearta vótálaithe faoi chois.

Ní haon ionadh é mar sin go nglactar le moltaí atheagair sa dá thír nach ndéantar tada go deo  lena gcur i bhfeidhm.

Deich mbliana ó shin, tar éis reifreann inar diúltaíodh do mholadh an rialtais go gcuirfí deireadh leis an Seanad, gheall an Taoiseach Enda Kenny go rachfaí i mbun atheagrú an tSeanaid gan mhoill.

Más mall is mithid a rá gur rófhada an mhoill.

Fág freagra ar 'Níl Seanad Éireann chomh lofa le Teach na dTiarnaí, ach is léir a laigí '