Níl foireann níos fearr ná Maigh Eo le seaimpíní na hÉireann a spreagadh

Tá seans ann gurb í seo an fhoireann is laige de chuid Mhaigh Eo a thug aghaidh ar Áth Cliath le deich mbliana anuas ach b’fhéidir gurb é seo an seans is fearr acu an bua a bhreith leo

Níl foireann níos fearr ná Maigh Eo le seaimpíní na hÉireann a spreagadh

Áth Cliath v Maigh Eo – Páirc an Chrócaigh, 6pm (Beo ar RTÉ)

Tá cath eile idir peileadóirí Átha Cliath agus Mhaigh Eo romhainn i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna, comhartha cinnte go bhfuil buaic shéasúr na peile ag teannadh linn.

Tá naoi mbliana agus ocht gcluiche ann ó d’éirigh le Maigh Eo an ceann is fearr a fháil ar fhir Átha Cliath i gcluiche craoibhe ach, mar sin féin, bíonn scéal nua ann gach bliain agus dóchas i gcónaí ag na Connachtaigh go gcasfar an taoide an uair seo.

Aisteach go leor, tá chuile sheans ann gurb í seo an fhoireann is laige de chuid Mhaigh Eo a thug aghaidh ar Áth Cliath sa chraobh le deich mbliana anuas ach, mar a tharlaíonn sé, seans gurb é seo an seans is fearr a bhí acu Áth Cliath a bhualadh san achar sin.

Tá moladh ollmhór tuillte ag James Horan agus a chuid imreoirí go bhfuil siad fós ar cheann de na foirne is fearr sa tír, in ainneoin na n-imreoirí uile atá caillte acu le cúpla bliain anuas. Nuair a gortaíodh Cillian O’Connor go dona i gcluiche sraithe in aghaidh an Chláir níos luaithe i mbliana, measadh cinnte go raibh seans Mhaigh Eo ar chluiche ceannais a bhaint amach imithe uathu ach seo arís iad ar an tairseach.

Bhí comharthaí le feiceáil sa chéad leath in aghaidh na Gaillimhe i gcluiche ceannais Chonnacht go bhfuil na seanlaigí céanna ag baint le Maigh Eo go fóill. Cuireadh deiseanna éasca amú agus glacadh an rogha mhícheart rómhinic sa chéad leath sin ach cuireadh na botúin sin ina gceart sa dara leath agus rinneadh scrios ar na Gaillimhigh.

Bhí tionchar Kevin McLoughlin agus Eoghan McLaughlin, beirt a tháinig isteach ag leath ama, cinniúnach sa chluiche sin in aghaidh na Gaillimhe. Beidh cinneadh crua le déanamh ag James Horan inniu – an gcuirfear an bheirt isteach ón tús nó an gcoinneofar siar arís iad chun fuinneamh a thabhairt don fhoireann nuair a bheidh siad ina ghá.

Bhí Matthew Ruane ar fheabhas i gcluiche ceannais Chonnacht freisin agus cé gur cuireadh de chúram air Brian Fenton a mharcáil i gcluichí roimhe seo, bhí an oiread tionchair aige in aghaidh na Gaillimhe go mbeadh sé níos fearr beagáinín níos mó saoirse a thabhairt dó agus an dúshlán a thabhairt d’Áth Cliath imreoir a roghnú chun é a stopadh.

Nuair a chas na foirne seo ar a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann mí na Nollag seo caite, ní raibh ach pointe amháin idir na foirne ag an dara sos uisce, Áth Cliath 2-9 in aghaidh 0-14 Mhaigh Eo. Foireann Dessie Farrell a scóráil an chéad trí phointe i ndiaidh an tsosa agus ní raibh aon amhras faoi thoradh an chluiche ina dhiaidh sin.

Bhí an-tionchar ag fir ionaid Átha Cliath ar an mborradh sin, go háirithe Paul Mannion agus Brian Howard, ach níl an cumas céanna i measc na n-ionadaithe atá ag an bhfoireann i mbliana. Is gá Howard a chur isteach ón tús na laethanta seo agus tá Mannion imithe den phainéal. In aghaidh Chill Dara i gcluiche ceannais Laighean, ní bhfuair an seisear fear ionaid a cuireadh chun páirce ach pointe amháin d’Áth Cliath.

Agus an chaint uile atá déanta faoi na fir atá imithe ó fhoireann Átha Cliath, déantar beagáinín neamhairde ar chumas na bhfear atá acu go fóill. Má fhéachann duine ar liosta na n-imreoirí a chuirfear chun páirce tráthnóna, ní bréag a rá ach go gcuirfeadh sé faitíos ar fhoireann ar bith sa tír – Fitzsimons, McCarthy, Murchan, Fenton, Kilkenny, Scully, O’Callaghan, Rock.

Níl ag éirí chomh maith le hÁth Cliath an samhradh seo is a d’éiríodh leo blianta eile ach féach go bhfuil siad fós i gcluiche leathcheannais na hÉireann inniu, agus gan ach uair go leith peile idir iad agus a seachtú craobh as a chéile.

Is beag a thógfaidh sé le laochra Átha Cliath a ghríosú ach an oiread. Bhí Ciarán Kilkenny ciúin go maith sa chéad leath i gcluiche ceannais Laighean agus ag tráth amháin ag tús an dara leath, bhuail sé féin agus Con O’Callaghan faoina chéile agus thit an bheirt go talamh. Ba léir gur dhúisigh an eachtra Kilkenny mar go luath ina dhiaidh sin, bhí baint aige le trí scór sna trí nóiméad a chuir deireadh le rás Chill Dara. Chruthaigh Kilkenny pointe amháin do Niall Scully le pas deas, scóráil sé ceann lena chiotóg agus ceann eile lena dheasóg. Léirigh sé a chumas.

Tá muid fós ag fanacht go ndéanfaidh Brian Fenton agus Con O’Callaghan a leithéid de ghaisce ach más spreagadh atá ó Áth Cliath, gheobhaidh siad sin ó Mhaigh Eo.

Fág freagra ar 'Níl foireann níos fearr ná Maigh Eo le seaimpíní na hÉireann a spreagadh'