Níl aon rud i ndán don iascaire ná d’aon duine eile ón Rialtas ach an seanbhladar céanna

Tá sé beagáinín déanach mar sin ag aon rialtas Éireannach a bheith ag cur i gcéill go bhfuil siad buartha faoi chúrsaí iascaireachta

Níl aon rud i ndán don iascaire ná d’aon duine eile ón Rialtas ach an seanbhladar céanna

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Ní fheadar an dtabharfaidh sé mórán suaimhnis d’iascairí na hÉireann gur gheall an Taoiseach, Micheál Martin agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, nach dtréigfear cearta na n-iascairí san idirbheartaíocht idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach, atá ag druidim chun deiridh anois.
I bhfianaise a ndearna (nó nach ndearna) rialtas i ndiaidh rialtais ó 1972 ar aghaidh i dtaobh na gceart sin, tá mé amhrasach go mbeidh an oiread sin muiníne ag na hiascairí as caint dhána na beirte.
Cuimhnigh ar an gcleas a d’imir an Eoraip orainn an chéad lá (agus ar ghlac an rialtas leis gan gearán). Níor pléadh cúrsaí iascaireachta an oiread sin san idirbheartaíocht i 1972, ach bhí abairt amháin sa gConradh go mbeadh ar Éirinn (agus ar an mBreatain is ar an Danmhairg) glacadh le rialacha an Chómhargaidh, mar a bhí, nuair a tháinig siad isteach.

Agus cúpla lá roimhe, gan plé ná fógra ná poiblíocht, d’athraigh an Cómhargadh na rialacha le ceart ar uiscí iascaireachta aon bhallstáit a thabhairt do gach ballstát.

Arís is arís eile ina dhiaidh sin, bhí rialtais as Éirinn sásta géilleadh maidir le cuótaí nó nithe eile ar mhaithe le margadh níos fearr a fháil maidir le praghas bia is eile.

Tá sé beagáinín déanach mar sin ag aon rialtas Éireannach a bheith buartha faoi chúrsaí iascaireachta.

I ndáiríre níl ann ach seift le brú a chur ar rialtas na Breataine: má tá cearta airgeadais uathu, ní mór dóibh géilleadh maidir le cearta ar uiscí iascaireachta.

Tá leas iascairí na hÉireann fite fuaite sa scéal seo, agus ba léir ón tús go mba chóir dúinn ár gcás a phlé go díreach leis na Sasanaigh agus leas a bhaint as na socruithe i dtaobh Thuaisceart na hÉireann ar mhaithe le teacht ar chomhpholasaí faoi Mhuir Éireann.

Ach dhiúltaigh an rialtas dul sa treo sin, mar ba thábhachtaí leo a ndílseacht gan cheist don Eoraip a léiriú ná freastal ar chearta na n-iascairí ag baile.

Ar ndóigh, ní i gcúrsaí iascaireachta amháin atá an cur i gcéill seo le tabhairt faoi deara.
Bhí a fhios ag daoine ciallmhara le fada go mbeadh socruithe nua ag teastáil i dtaobh iompar earraí go dtí an Mhór-Roinn sa chás go mbeadh deacracht ar bith i Sasana maidir le cúrsaí iompair i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Ach is le deireanaí a tosaíodh ar chaint ar bith faoi fheabhas suntasach a chur ar chalafort Ros Láir nó ar an riachtanas go mbeadh seirbhís loingseoireachta ann ar chostas íseal.

Murach go bhfuil sé chomh tábhachtach mar scéal bheadh greann le baint as a bheith ag éisteacht le beirt airí agus a gcuid ráiteas ag teacht salach ar a chéile.

Ar thaobh amháin, dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, go mbeadh an rialtas sásta fóirdheontas a thabhairt do chomhlacht loingseoireachta lena chinntiú go gcoinneofaí na costais iompair íseal.

Aontaímse leis sin, cé go mba mhaith liom comhlacht stáit – mar a bhí againn le Irish Shipping roimh Jim Mitchell – a fheiceáil i mbun na hoibre seo.

Ach sular labhair Coveney faoin scéal, scaoil Eamon Ryan, ceannaire Chomhaontas Glas, an fhírinne. Níl sé ceadaithe, dúirt sé, de réir rialacha an Aontais a leithéid de chúnamh stáit a chur ar fáil.

Tá an ceart ag Coveney ó thaobh na moráltachta de, ach tá an ceart ag Ryan ó thaobh dlí na hEorpa de.

Agus sin againn é. Tá an tAontas ag diúltú margadh a dhéanamh leis na Sasanaigh mura ngéilleann siad maidir le cúrsaí iascaireachta agus faoi cheist an chúnaimh stáit do chomhlachtaí. Is muide is mó a bheidh thíos leis san Aontas mura mbíonn margadh ann, ach níl cead againn faoi rialacha an Aontais beart a dhéanamh a laghdódh an dochar.

Ritheann ceist liom maidir leis seo ar fad. Cén mhaith Taoiseach nó Aire Éireannach ar bith a bheith i láthair ag na cruinnithe sin mura bhfuil sé ar intinn acu rud ar bith a rá nó seasamh ar bith a ghlacadh le leas na hÉireann a chosaint is a chur chun cinn?

Cuimhnigh freisin gurb iad seo an dream céanna, a dúirt linn nach raibh sé cuí níos mó naimhdis a léiriú do na Sasanaigh mar gheall ar scéal an Tuaiscirt, atá anois ag caitheamh anuas ar na Sasanaigh chéanna a raibh siad chomh geanúil sin orthu tamaillín gearr ó shin.

Ach fiú má chreideann siad go bhfaighidh muid margadh maith as a bheith san Aontas, nach féidir linn ag an am céanna ár leas féin a chosaint, agus beart a dhéanamh chuige sin?

Cén fáth nár cheart comhlacht stáit a bhunú le hearraí na hÉireann a thabhairt chun na Mór-Roinne, fiú mar eisceacht ar rialacha an Aontais?

Faraor níl aon rud i ndán dúinn ón Rialtas seachas an seanbhladar.

Fág freagra ar 'Níl aon rud i ndán don iascaire ná d’aon duine eile ón Rialtas ach an seanbhladar céanna'