‘Níl aon easpa reachtaíochta teanga orainn, an teip thubaisteach í a chur i bhfeidhm an fhadhb’

Deir an an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin gur ‘díchéillí’ ag an Stát dualgas a chur ar dhaltaí scoile na tíre seo staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge go dtí leibhéal na hArdteistiméireachta ach gan seans a thabhairt dóibh ina dhiaidh an teanga sin a úsáid leis an státchóras féin

‘Níl aon easpa reachtaíochta teanga orainn, an teip thubaisteach í a chur i bhfeidhm an fhadhb’

Tá ráite ag an iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin nach í an easpa reachtaíochta teanga an deacracht is mó atá ag an nGaeilge ach “an teip thubaisteach a bhaineann leis an reachtaíocht sin a fheidhmiú”.

Sa réamhrá a chuir sé le leabhar nua faoi chás na Gaeilge sa dlí, deir Ó Cuirreáin, a d’éirigh as oifig an Choimisinéara in 2014 mar agóid i gcoinne fhaillí an Stáit i leith na Gaeilge, go bhfuil “muid thar cionn ag dréachtú agus ag achtú achtacháin teanga ach os a choinne sin, tá muid go dona ar fad ag cur na ndlíthe sin i bhfeidhm”.

Sa réamhrá sa leabhar nua An Ghaeilge sa Dlí leis an abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh, deir an t-iarChoimisinéir Teanga go dtéann an teip maidir le feidhm a thabhairt don dlí teanga go dtí croí scéal pholasaí an Stáit i leith na Gaeilge.

“Mheas mé riamh go raibh sé díchéillí ag an Stát dualgas a chur ar dhaltaí scoile na tíre seo staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge go dtí leibhéal na hArdteistiméireachta ach gan foráil ar bith a dhéanamh ansin le go bhféadfaidís an teanga sin a úsáid leis an státchóras féin,” a deir Ó Cuirreáin.

Tráth a bhfuil neartú an Achta Teanga á phlé i dTithe an Oireachtais, is cinnte go dtabharfaidh caint an iarChoimisinéara lón machnaimh do pholaiteoirí agus do lucht feachtais.

Ar na lochtanna atá faighte ag daoine ar an mbille teanga nua tá an easpa forála ann a chinnteodh go gcuirfí seirbhís ar fáil i nGaeilge do phobal na Gaeltachta agus an chumhacht a thabharfaí d’Aire na Gaeltachta príomhspriocanna earcaíochta an bhille a chur ar athlá.

Deir Ó Cuirreáin go bhfuil “léargas an-soiléir” ar fáil sa chartlann náisiúnta faoi dhearcadh údaráis an Stáit i leith na Gaeilge sna rialacháin a rinneadh maidir le hearcaíocht státseirbhíseach a bhfuil Gaeilge acu chun dul ag obair sa Ghaeltacht.

Idir 1928 agus 1966, nuair a tugadh córas eile isteach, cuireadh siar 54 uair an cinneadh feidhm a thabhairt do rialacháin a bhain le státseirbhísigh le Gaeilge a chur ar dualgas sa Ghaeltacht, a deir Ó Cuirreáin.

“Gach uair go raibh an spriocdháta ag teannadh leo síníodh ionstraim reachtúil nua chun an dáta tosaithe a chur ar athlá, ar feadh sé mhí nó bliain eile,” a deir Ó Cuirreáin.

Deir sé go dtuigfeadh an té a d’amharcfadh “go fuarchúiseach” ar an scéal nach raibh “aon ghanntanas reachtaíochta againn le cosaint a thabhairt don Ghaeilge ó bunaíodh an Stát”.

Maidir leis na córais éagsúla a bhí ag an stát go nuige seo chun cur le líon na ndaoine sa státseirbhís a raibh Gaeilge acu, deir Ó Cuirreáin nach “le heaspa rialacháin nó reachtaíochta” a bhain na deacrachtaí ach le “feidhmiú cuí agus cóir” na reachtaíochta.

“Níor cuireadh i bhfeidhm mar is ceart riamh iad [na rialacháin agus an reachtaíocht], lagaíodh iad de réir a chéile go dtí gur cuma ann nó as iad. Dá gcuirfí gach foráil reachtúil faoin nGaeilge i bhfeidhm mar is ceart ón tús ní bheimis san áit ina bhfuil muid inniu agus an teanga náisiúnta ar bhruach na haille.”

Deir Ó Cuirreáin go bhfuil tábhacht ar leith le cosaint cheart a thabhairt don teanga sa státchóras.

“Dá mbeadh daoine le Gaeilge líofa ag soláthar seirbhísí trí Ghaeilge don phobal chruthódh sin áit lárnach seachas áit imeallach don teanga i saol na tíre,” ar sé.

Tugtar léargas sa leabhar nua An Ghaeilge sa Dlí (Leabhar Breac) le Dáithí Mac Cárthaigh ar stádas oifigiúil na Gaeilge faoin mBunreacht agus faoin reachtaíocht eile, agus tugtar léargas ar na cásanna cúirte is tábhachtaí a bhain le cearta teanga.

Fág freagra ar '‘Níl aon easpa reachtaíochta teanga orainn, an teip thubaisteach í a chur i bhfeidhm an fhadhb’'

  • Níl dóchas

    An ceart aige. Ach tá fiú Údarás na Gaeltachta éirí as seirbhís go hiomlán trí Ghaeilge a chuir ar fáil, nó aon seirbhís. Cuir teachtaireacht chucu ar na meáin shóisialta le ceist agus déanfaidh siad neamhaird mura bhfuil tú á moladh. Cuir ríomhphost chuig an príomh seoladh ríomhphost agus déanann siad neamhaird. Ansin seolfaidh siad féin rphost go hiomlán i mbéarla chugat ag cuir ceisteanna ortsa a raibh tú féin ag iarraidh freagraí orthu! Seo eagraíocht stát atá ceaptha bheith go hiomlán trí Ghaeilge sa chéad áit. Cén dóchas atá ann do ranna stáit eile?

  • Donncha Eile

    Ba caillteanas mhór é nuair a d’éirigh Seán as ról an choimisinéir.

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.