Níl aon dílseacht idir na saighdiúirí sa gcogadh in aghaidh na gruaige léithe…

Caithfidh tú a bheith istigh le Sebastian má tá tú ag iarraidh coinne a fháil ag an ngruagaire áitiúil

Níl aon dílseacht idir na saighdiúirí sa gcogadh in aghaidh na gruaige léithe…

‘Níl aon spás ag an ngruagaire go ceann trí seachtaine!’ a d’fhógair mo chara agus í buailte ag an lagmhisneach.

Bhí muid ag déanamh camchuairt ar an bplásóg i lár an eastáit agus mé ar chuairt scoite chuici den chéad uair ó mhí an Mhárta nuair a thosaigh an dianghlasáil. 

‘Ní chuimhneofá ar bhuidéal a cheannach sa siopa agus dath a chur inti thú féin?’ a d’fhiafraigh mé di.

Lig sí osna aisti.

‘Thriáil mé é sin cheana,’ a dúirt sí agus an fhulaingt le cloisteáil ina glór, ‘is níor oibrigh sé amach rómhaith. Bhí dath corcra ar mo bhaithis go ceann coicíse ina dhiaidh, níor mhaith liom é a sheansáil.’ 

Gach duine ar mhaithe leis féin san iomaíocht do na coinní leis an ngruagaire, de réir mar a chloisim, is níl aon dílseacht idir na saighdiúirí sa gcogadh in aghaidh na gruaige léithe. ‘Cén bhrí, ach tá coinne ag chuile dhuine eile ar an eastát!’ a deir mo chara, ‘bhí na bitseachaí uilig ag cur WhatsApps ag Sebastian le trí mhí i ngan fhios dom!’ 

‘Jaypers!’ a deir mé léi a’ ceapadh go mb’fhéidir go bhfuil an leibhéal paranóia imithe ruainnín ó smacht, ‘níl rudaí chomh dona sin!’ 

Caithfidh tú a bheith istigh le Sebastian má tá tú ag iarraidh coinne a fháil ag an ngruagaire áitiúil.

Is eisean fear an dorais, an fáilteoir, cúram a raibh sé an-dáiríre faoi sular thosaigh géarchéim ar bith, más buan mo chuimhne, is tá an chuma ar an scéal go bhfuil cur chuige míleata i bhfeidhm anois aige, ó tharla muid in aimsir chogaidh. 

‘Níl rudaí chomh dona sin?’ a deir sí agus siar bainte aisti. ‘Tá mé chomh liath le broc is ag imeacht agus tea-towel ar mo chloigeann!’ 

Tá mé féin ag imeacht liath ar na huisinní ó thosaigh an phaindéim. Meas tú an bhfuil mé strusáilte i ngan fhios dom féin. B’fhéidir gurb í mo ghruaig atá strusáilte ó thosaigh mé ag breathnú ar YouTube agus á gearradh mé féin. Níl a fhios agam an ngabhfaidh mé ar ais ag gruagaire arís go brách. Bíodh an diabhal anois agat, Sebastian!

Deirtear má bhaintear geit mhaith asat go mbainfeadh sé an dath as do ghruaig, agus is dóigh gur baineadh geit mhaith asainn uilig le trí mhí anuas, b’fhéidir gurb shin is cúis leis. Chuala mé scéal uair éicint faoi leaid óg ar phléasc píopa díreach lena thaobh agus gan é ach sé bliana d’aois is baineadh an oiread sin de gheit as gur imigh an dath as a ghruaig is nár tháinig sé ar ais ariamh ina dhiaidh sin, más fíor. 

Ní bheadh a fhios agat nach dtiocfadh an dath ar ais arís ar na ribí liatha orm féin ó tháinig an scéala go bhfuil Penneys agus na bialanna oscailte arís. Is maith ann an dóchas.

Dúirt m’uncail liom uair eicínt go raibh sé ag éirí maol deich mbliana ó shin is gur thosaigh sé ag cur uisce coisricthe ar an spota maol ar bharr a chinn chuile mhaidin is ag rá paidir is gur fhás an ghruaig ar ais ar a mhullach. 

Mura ndéanfaidh Penneys agus an spaghetti allo scoglio tí Mhona Lisa an jab, b’fhéidir go gcuirfinn an t-uisce coisricthe leis an ngnáthamh áilleachta, áit éicint idir an seampú agus an feabhsaitheoir, go bhfeicfidh mé an ndéanfaidh sé aon mhaith. 

Fág freagra ar 'Níl aon dílseacht idir na saighdiúirí sa gcogadh in aghaidh na gruaige léithe…'