Níl aon chosúlachtaí idir cúrsaí san Úcráin agus ceist Thuaisceart na hÉireann

Tá cás eile ó stair na hEorpa atá i bhfad níos cosúla le cás na hÚcráine ná mar atá cás na hÉireann

Níl aon chosúlachtaí idir cúrsaí san Úcráin agus ceist Thuaisceart na hÉireann

Níl an chomparáid idir Tuaisceart na hÉireann agus an Úcráin bailí, dar liom.

Agus an cogadh san Úcráin ag éirí fada gan mórán dul chun cinn déanta ag frithionsaí na hÚcráine go fóill, tá tuirse le brath ina lán tíortha atá ag tacú leis an tír a ionsaíodh.

Cloistear tuairimí gur troid in aisce atá i gceist anois, go bhfuil a lán fadhbanna eile ag an domhan (rud is fíor) agus gur chóir don Úcráin cuid dá talamh a ghéilleadh don ionsaitheoir agus coinníollacha síochána a oibriú amach leis an Rúis.

Le déanaí, thug mé faoi deara sna meáin Ghaeilge go ndéantar comparáid ar leith idir stair na hÉireann agus an cogadh san Úcráin chun tacú leis an tuairim seo. (Tá mé ag tagairt, go háirithe, d’alt Sheosaimh Uí Chuaig do Tuairisc ar an 3 Meán Fómhair agus don phlé ar an gcogadh ar Tús Áite ar RnaG ar an 4 Meán Fómhair.) Maítear go bhfuil cosúlachtaí idir cúrsaí san Úcráin agus ceist Thuaisceart na hÉireann – i gCogadh na Saoirse, ní raibh na hÉireannaigh in ann bua iomlán a fháil ar na Sasanaigh agus dá bharr sin, ghlac siad le cainteanna síochána agus le críochdheighilt na tíre, go háirithe ós rud é nach nglacfadh na hAontachtóirí sa Tuaisceart le forlámhas na hÉireann. Agus in ainneoin an leatroim agus an fhoréigin a lean an chríochdheighilt, dealraítear gur tháinig críoch shona ar an scéal le Comhaontú Aoine an Chéasta, a chinntigh go mbeadh todhchaí shíochánta ag an gcúige.

Tá an-mheas agam ar an mbealach ar cuireadh deireadh leis na Trioblóidí agus tá an-mheas agam ar thraidisiún an tsíochánachais in Éirinn. Ach é sin ráite, ní cheapaim go bhfuil an chomparáid leis an Úcráin bailí in aon chor. Ar an gcéad dul síos, bhí Éire mar chuid den Bhreatain ag tús chogadh na saoirse agus chuathas i mbun na troda chun neamhspleáchas a bhaint amach. Os a choinne sin, bhí an Úcráin ina stát ceannasach ó thaobh an dlí idirnáisiúnta de nuair a d’ionsaigh an Rúis í in 2014 agus arís eile anuraidh.

Anuas air sin, tá difríocht mhór idir an Bhreatain agus an Rúis. Ní hé nach ndearna an Bhreatain aon choireanna cogaidh riamh nó nach bhfuil sí ciontach as impiriúlachas, ach is stát daonlathach é inar chinntigh an tsaoirse cainte agus meon an phobail gur athraíodh na polasaithe urchóideacha sin.

Tar éis an tsaoil, bhí an Bhreatain sásta ligean leis an impireacht san fhichiú haois agus go bhfios dom, níl aon pháirtí polaitiúil á rá anois gur botún a bhí ann agus gur cheart Éire nó an India a athghabháil leis an lámh láidir. Dá bharr sin, bhí ciall le dul i mbun cainte leis an mBreatain i 1921 agus i 1998, in ainneoin stair fhuilteach an choilíneachais.

Ní mar sin atá an Rúis, faraor. Bhí an t-impiriúlachas mar chuid d’idé-eolaíocht an stáit riamh agus níl aon díospóireacht phoiblí ceadaithe laistigh den tír.

Deir Vladimir Putin arís agus arís eile gur thragóid a bhí i ndeighilt an Aontais Shóivéadaigh (arbh impireacht na Rúise i riocht eile é) agus gur mhaith leis an botún sin a chur ina cheart. Má éiríonn leis san Úcráin, ní bheidh aon leisce air leanúint den phlean, rud a chiallódh go mbeadh cuid mhór d‘Oirthear agus Lár na hEorpa i mbaol. Chomh maith leis sin, níl aon áireamh ar na coireanna cogaidh a rinne an Rúis sa chogadh seo – buamáil na sibhialtach, scrios ar an líonra fuinnimh, pléascadh an damba Kakhovka, fuadach na bpáistí, céasadh agus éigniú. Tá sé fíordheacair aon mhuinín a chur i gcumhacht neamhthrócaireach mar sin.

Ach is féidir comparáid eile a tharraingt as an stair. Roimh an dara cogadh domhanda, bhí pobal mór Gearmánach sa tSeicslóvaic a bhí ag maireachtáil, den chuid is mó, gar do theorainn na tíre.

Cé go raibh na cearta sibhialta céanna acu agus a bhí ag gach saoránach eile, ní mór a admháil nár chaith an stát nua go maith leo i gcónaí. Ach d’úsáid Adolf Hitler an mionlach chun a mhian impiriúil féin a chur chun cinn. Scaip sé an Naitsíochas ina measc agus bhain sé leas astu ina fheachtas taidhleoireachta i gcoinne na Seicslóvaice.

Bhí an Bhreatain, an Fhrainc agus an Iodáil sásta glacadh lena chuid argóintí agus chinn siad in Munich na Gearmáine i 1938 go mbeadh ar an tSeicslóvaic 30% dá talamh a ghéilleadh don Ghearmáin (tá timpeall 20% den Úcráin gafa ag na Rúisigh anois). Murab ionann agus Úcránaigh an lae inniu, níor throid an tSeicslóvaic an t-am sin agus cúig mhí ina dhiaidh, shlog Hitler an chuid eile den tír. I Meán Fómhair 1939, d’ionsaigh sé an Pholainn agus tá a fhios ag an saol cad a thit amach ina dhiaidh sin. B’fhéidir dá seasfadh na tíortha eile leis an tSeicslóvaic i 1938 nach dtarlódh aon chogadh, nó nach mbeadh sé leath chomh fuilteach.

B’fhéidir go mbeidh ar na hÚcránaigh comhréiteach éigin a dhéanamh leis an Rúis amach anseo. Cá bhfios – braitheann sé ar na himeachtaí ar pháirc an chatha. Ach tá siad sásta a dtír a chosaint anois agus sa mhéid sin, tá siad ag cosaint na hEorpa i gcoinne impiriúlachas brúidiúil na Rúise.

Níor chuir an tIarthar aon bhrú orthu chun é a dhéanamh, is de réir a tola féin atá an tír ag troid. Tá sé chun ár leasa féin tacú leo an oiread agus is féidir.

Fág freagra ar 'Níl aon chosúlachtaí idir cúrsaí san Úcráin agus ceist Thuaisceart na hÉireann'

  • Indrek Ois

    An fhírinne ghlan. Caithfear éisteacht, mar a dùirt an fear Gaeltachta fadó.

  • Eoghan Ó Néill

    Tragóid gur tharla an cogadh sin ariamh a chur pobail ag troid in aghaidh a chéile in áit labhairt agus éisteacht.

  • Máire

    Cá bhfuil na usual suspects?