‘Ná habair oiread agus focal amháin as, Mamaí!’ a d’fhógair Beainín na Naíonáin Bheaga orm.
‘Ach níl a fhios agat céard atá mé a ghabháil a rá!’a dúirt mé, agus mo shaoirse cainte á cosaint agam. Is bocht an rud é a bheith ag maireachtáil faoi dheachtóireacht dhian ina mbíonn cinsireacht laethúil á déanamh ar gach focal amach as do bhéal. Sin mar atá an saol anois agam, ach anois agus arís, éirím amach agus tógaim seasamh.
Ní hé go raibh seasamh á thógáil agam an lá cheana dháiríre, ní raibh ann ach go raibh mé ag caitheamh an ama ag clabaireacht mar nach raibh aon rud eile le déanamh againn.
Bhí seachtain caite againn sa teach, mórán sa teach an t-am ar fad, mar gheall nár thúisce gur thosaigh saoire na Nollag ná go bhfuair na frídíní agus na víris greim orainn agus bhí chuile dhuine againn tinn.
Is dóigh go raibh neart le déanamh dá mbeadh aon duine againn in ann aige, ach bhí muid ar fad caite thart faoin teach le tinnis éagsúla agus leis an lagmhisneach.
Bhí an fliú agus an slaghdán orainn, casacht, fuacht sna cnámha, teas sna cnámha, fuarallas, speabhraídí agus tinnis bhoilg agus an tinneas ba mheasa acu ar fad, an cantal.
‘Níl mé ach ag rá, dá mbeadh tú sásta seans a thabhairt don leabhar go mb’fhéidir go dtaitneodh sé leat.’
‘Tá sé alright agatsa, ní chaithfidh tusa é a léamh!’ a d’fhreagair Beainín na Naíonáin Bheaga agus bhreathnaigh sí ar an leabhar nua a bhí leagtha ar an mbord, ceann a tháinig ó Dhaidí na Nollag. Ba léir go raibh an ghráin aici air agus fuath aici dó.
‘Níl aon rud le déanamh sa teach seo agus níl aon rud fágtha agam le léamh, níl mé in ann é a sheasamh níos mó, caithfidh muid imeacht in áit éicint!’ a dúirt sí agus éadóchas ina glór.
Dá mbeinn ionraic, chaithfinn aontú léi, bhí an ‘fiabhras cábáin’ buailte orainn ar fad faoin am seo, ach mar thuismitheoir, feicim go bhfuil ról agam mar oifigeach caidreamh poiblí agus go bhfuil dualgas orm, dá réir, an casadh is fearr a bhaint as an scéal.
‘Ach, ar chuala tú an seanfhocal?’ a d’fhiafraigh mé di.
‘As ucht Dé ort Mamaí, ná tosaigh ag caint ar sheanfhocla,’ a deir sí.
‘Níl mé ach ag rá, scaití, ní féidir brath ar an gclúdach atá ar leabhar,’ a dúirt mé is mé ag leanúint le mo chuid claonbholscaireachta.
‘Ach Mamaí, ar bhreathnaigh tú ar an gclúdach ar chor ar bith?’ a d’fhiafraigh sí díom agus í cráite.
‘Buachaill agus dhá chloch agus píosa de chipín!’.
‘Sea, ach b’fhéidir…’ a dúirt mé.
‘Níl aon b’fhéidir ann Mamaí, tá an clúdach feicthe agam agus sin é mo dhóthain!’.
derry o'sullivan
Stíl álainn reacaireachta! Gleoite.
Niall na Naoi bPiontaí
Sea, thaithin sé seo liom chomh mór 7 a thaithníonn i gcónaí! :-)