Niall Comer le toghadh ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Cé hé féin?

Tá tús á chur inniu le hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge sa Ghaillimh. Is é Niall Comer as Iúr Chinn Trá an t-aon duine atá ainmnithe d’Úachtaránacht na heagraíochta

Niall Comer le toghadh ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Cé hé féin?

Is cosúla ná a mhalairt gurb é Niall Comer, Tánaiste Chonradh na Gaeilge, a thoghfar ina Uachtarán ar an eagraíocht ag Ard-Fheis an Chonartha i nGaillimh amárach.

Ní bheidh Cóilín Ó Cearbhaill, atá ina Uachtarán ar an eagraíocht ó bhí 2014 ann, ag seasamh i dtoghchán na bliana seo agus níor ainmníodh duine ar bith seachas Comer don ról.

Is as Iúr Chinn Trá é Niall Comer, ach tá cónaí anois air i nGleann an Iolair i gContae Dhoire. Is é Craobh Ghleann an Iolair a d’ainmnigh mar iarrthóir don Uachtaránacht é.

Tá sé in léachtóir i gColáiste Mhig Aoidhe, coláiste de chuid Ollscoil Uladh, i nDoire, agus tá spéis faoi leith aige i logainmneacha. Is é atá ina uachtarán ar Chomhaltas Uladh faoi láthair, agus chaith sé cúig bliana ina eagarthóir ar an iris An tUltach.

Tá sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha, de Bhuanchoiste an Chonartha, agus den Choiste Comhoibrithe le Foras na Gaeilge. Is é cathaoirleach Chraobh Ghleann an Iolair é freisin.

Beidh toghchán na huachtaránachta ar siúl maidin Dé Sathairn in Óstán Chuan na Gaillimhe, áit a mbeidh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge á tionól i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

Osclóidh Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, an Ard-Fheis go hoifigiúil anocht sula mbeidh plé poiblí ann faoi théama na Ard-Fheise ‘Athbheochan na Gaeilge mar thosaíocht d’Éirinn’.

Ar an bpainéal cainteoirí anocht beidh an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil ó Mhúscraí Aindrias Ó Muineacháin, an Seanadóir de chuid Shinn Féin ó Bhéal Feirste Niall Ó Donnghaile, agus an Teachta Dála neamhspleách do Ghaillimh Thiar Catherine Connolly.

Is í Eimear Ní Chonaola, láithreoir Nuacht TG4, a bheidh ina cathaoirleach ar an bplé.

Beidh toghcháin ann, Dé Sathairn, i ndiaidh thoghchán na hUachtaránachta, don Choiste Gnó agus do Bhord Sheachtain na Gaeilge. Is ag baill chláraithe Chonradh na Gaeilge amháin a bhíonn vóta sna toghcháin seo.

Cuirfear ceardlanna ar siúl faoi cheiliúradh ‘Bliain na Gaeilge 2018’, bliain chomórtha 125 bliain an Chonartha i ndiaidh na dtoghchán.

Is iad Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha, agus Cuan Ó Seireadáin, Coimeádaí na heagraíochta, a bheidh i mbun na ceardlainne sin. Beidh ceardlanna eile ann maidir le Seachtain na Gaeilge agus méadú ballraíochta na gcraobhacha.

Is le linn na hArd-Fheise chomh maith a sheolfar féile Sheachtain na Gaeilge. Beidh an banna ceoil Seo Linn, atá ar tí a gcéad albam, Solas, a sheoladh, ar Shráid na Siopaí, i lár na cathrach, leis an bhféile a sheoladh. Beidh péinteáil aghaidhe, siamsaíocht sráide agus damhsa ar siúl idir 2 agus 4 tráthnóna.

Tabharfaidh Dara Ó Cualáin, ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, caint in Áras na nGael faoi Ard-Fheis agus Oireachtas 1913, a reáchtáladh i gcathair na Gaillimhe.

Taispeánfar ag an ócáid seo an grianghraf cáiliúil a tógadh ag an Ard-Fheis sin, grianghraf ina bhfuil leithéidí Phádraig Mhic Phiarais, Dhubhghlas de hÍde, Éamoin de Valera, Phádraic Uí Chonaire agus Constance Markievicz. Beidh seisiún ceoil ar siúl sa gClub Áras i ndiaidh an léachta.

Pléifidh baill an Chonartha 40 rún ag an Ard-Fheis freisin. Is measc na rún is spéisiúla agus is suntasaí, tá moladh an Uachtaráin reatha, Cóilín Ó Cearbhaill, go ndéanfaí “post lánaimseartha” de ról an Uachtaráin, rúin éagsúla faoi cás na teanga ó thuaidh, rún go n-iarrfaí ar TG4 macasamhail Ghaeilge The Late Late Toy Show a chraoladh aimsir na Nollag, agus rúin a cháineann cinneadh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, as a gcinneadh deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge do phost Uachtarán na hOllscoile.

Tá rúin curtha isteach ag craobhacha an Chonartha freisin, a mholann go mba cheart scoil lánGhaeilge a dhéanamh de gach bunscoil sa tír, go mba cheart rogha Ghaeilge a bheidh ar UMB na mbanc uile in Éirinn agus go mbunófaí Aonad Pleanála Teanga i Roinn na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Niall Comer le toghadh ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Cé hé féin?'