Bhí Micheál D Ó hUigínn ainmnithe mar iarrthóir uachtaránachta faoin am seo i 2011 – an bhliain inar toghadh é an chéad uair mar Uachtarán na hÉireann. I mbliana, níl aon iarrthóir ainmnithe fós.
Beidh uachtarán nua tofa faoi cheann fiche seachtain ar a dheireanaí. Is léir faoin am seo, áfach, nach mbeidh deis ag aon iarrthóir ainmnithe dul i mbun stocaireachta roimh thús mhí Mheán Fómhair ar a luaithe. Déanta na fírinne, b’fhearr leis na hiarrthóirí agus leis na páirtithe feachtas fada a sheachaint.
Ní féidir Peter Casey, a sheas mar iarrthóir neamhspleách sa toghchán uachtaránachta in 2018 agus a deir go seasfaidh sé arís i mbliana, a chur san áireamh fós mar iarrthóir ainmnithe.
Fuair Casey 23% de na vótaí céadrogha in 2018 a chuir sa dara háit é ar an gcéad chomhaireamh. Níl ainmniúcháin ó cheithre chomhairle contae ná cathrach do thoghchán na bliana seo faighte ná iarrtha fós aige. Ná ag Conor McGregor, an trodaí a deir gur mhaith leis a bheith ina uachtarán
Is fusa tabhairt faoi fheachtas uachtaránachta mar iarrthóir ar son páirtí, nó duine a théann san iomaíocht le tacaíocht ó pháirtí nó ó pháirtithe éagsúla. Mar sin féin, ar chúiseanna éagsúla, bíonn drogall níos follasaí ar na páirtithe tabhairt faoi fheachtas uachtaránachta róluath.
Laghdódh feachtas gearr an costas agus a chontúirt dóibh go léir. Laghdódh an costas toisc nach mbeidh gá le foireann ná le fógraíocht ná taisteal chomh mór.
Laghdódh feachtas gearr an chontúirt pholaitiúil toisc go gciorrófaí an t-am a chaithfeadh iriseoirí agus lucht cúnta na n-iarrthóirí ar thaighde. Ar rudaí seafóideacha nó místuama nó gránna a dúirt iarrthóirí fadó, mar shampla. Gan trácht ar na rudaí seafóideacha nó místuama nó gránna, a d’fhéadfaidís a rá le linn an fheachtais.
D’fhéadfadh Fianna Fáil, Fine Gael agus Sinn Féin iarrthóir a chur i mbun oibre amárach (leis an tacaíocht a theastaíonn de réir an Bhunreachta ó scór Teachtaí Dála nó seanadóirí) dá mbeadh iarrthóir oiriúnach agus toilteanach roghnaithe acu. D’fhéadfadh na páirtithe eile iarrthóir a ainmniú ar an dóigh chéanna dá n-oibreoidís i gcomhar le chéile.
Is cás eisceachtúil é cás Fhine Gael toisc gur mian le beirt – an feisire Eorpach Sean Kelly agus an t-iarfheisire agus iarChoimisinéir Eorpach Mairead McGuinnes – seasamh ar son an pháirtí. Fógróidh an páirtí amchlár roghnaithe agus ainmniúcháin an mhí seo chugainn, ach is léir cheana féin a bpríomhaidhm: moill a chur ar sheoladh fheachtas oifigiúil an pháirtí go dtí Meán Fómhair.
Cuirfear moill ar fheachtais na bpáirtithe eile ar chúis níos bunúsaí: níl iarrthóir atá oiriúnach agus toilteanach aimsithe fós acu.
Dúirt Micheál Martin Déardaoin nach ndéanfadh Fianna Fáil cinneadh faoin toghchán go dtí mí Lúnasa. Shéan sé Dé hAoine gur phléigh sé féin ná ionadaí ón bpáirtí an toghchán le hiarcheannaire an SDLP Colum Eastwood a dúirt go raibh sé ag machnamh ar sheasamh.
Is doiléire cás Shinn Féin agus na bpáirtithe eile ar dhá chúis. Toisc nach léir go bhfuil rogha déanta fós ag Sinn Féin idir iarrthóir a sheasfadh ar son an pháirtí amháin agus iarrthóir a sheasfadh le tacaíocht pháirtithe uile na heite clé.
Tá John Finucane luaite mar iarrthóir ar son an pháirtí cé gur ábhar suntais nach beag é nach bhfuil Céad-Aire an Tuaiscirt Michelle O’Neill á cur féin as an áireamh go hiomlán.
Má tá Sinn Féin toilteanach comhoibriú le páirtithe eile, chaithfí iarrthóir a aimsiú a bheadh sásúil ar bhonn pearsanta agus polaitiúil. Tá an Teachta Dála Catherine Connolly agus an seanadóir Frances Black luaite mar iarrthóirí a sheasfadh ar son pháirtithe na heite clé ach ní beag an teannas idirpháirtí a chaithfí a chur i leataobh sara dtabharfaidís go léir tacaíocht d’iarrthóir aontais.
Mar fhocal scoir, tá an liosta seo a leanas á thairiscint mar chuntas (de réir na haibítíre) ar dhaoine go mb’fhéidir go mbreathnóidís féin nó go mbreathnódh daoine eile orthu mar iarrthóirí oiriúnacha sa toghchán uachtaránachta.
Níl daoine a luadh thuas luaite arís ar an liosta seo, agus níl tagairt ann do dhaoine a dúirt go soiléir le gairid nach seasfaidís.
Bono
Gerard Craughwell
Joe Duffy
Luke Ming Flanagan
Brendan Howlin
Pat Kenny
Cillian Murphy
Cynthia Ní Mhurchú
Éamon Ó Cuív
Olivia O’Leary
Emily O’Reilly
Fintan O’Toole
Mike Ryan
Colm Tóibín
Soiléiriú: ní mar iarrthóirí oiriúnacha a cuireadh ainmneacha ar an liosta thuas. Déan talamh slán de go bhfuil seasamh sa toghchán uachtaránachta beartaithe ag daoine eile agus á phlé leo go discréideach.
celecste
Sí Catherine Connolly an duine a roghnaíodh agus a ‘toghadh’ cheana fhéin.