‘Ní tharlóidh sé arís’ – mórchluiche CLG an Domhnaigh le bheith ar eir sport seachas TG4

Deir TG4 nach dtarlóidh sé arís amach anseo go dtiocfadh craoladh TG4 ar chluichí CLG agus craoladh eir sport ar na sraitheanna náisiúnta salach ar a chéile

‘Ní tharlóidh sé arís’ – mórchluiche CLG an Domhnaigh le bheith ar eir sport seachas TG4

Agus an cluiche sraithe idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí, cluiche mór CLG an Domhnaigh, le craoladh ar eir sport seachas ar TG4, deir an stáisiún Gaeilge nach dtarlóidh a leithéid arís.

Tá na cearta eisiacha ag TG4 do na cluichí sna sraitheanna náisiúnta Allianz, ach beidh eir sport ag déanamh beochraoladh ar chluiche mór peile an deireadh seachtaine idir curaidh na hÉireann agus Ciarraí ag an am céanna a mbeidh TG4 ag craoladh GAA Beo.

Seo í an chéad uair riamh go mbeidh cluiche ó na sraitheanna náisiúnta Allianz á chraoladh ag stáisiún eile ag am céanna fad is atá cluiche eile sa chomórtas á chraoladh ag TG4.

Dúirt urlabhraí de chuid TG4 le Tuarisc.ie gur “eachtra eisceachtúil” atá i gceist Dé Domhnaigh agus nach gcuirfidh a leithéid as do na cearta eisiacha atá ag an stáisiún maidir le craoladh na gcluichí a imrítear sna sraitheanna peile agus iománaíochta gach Domhnach.

Bhí an cluiche idir Ciarraí agus Baile Átha Cliath le bheith ar siúl Dé Sathairn seo caite ach cuireadh na cluichí ar fad sna sraitheanna Allianz ar ceal de bharr na drochaimsire.

Bhí sé i gceist ar dtús go mbeadh an cluiche ar siúl i bPáirc an Chrócaigh an Satharn beag seo. D’iarr an Garda Síochána ar CLG áfach go n-imreofaí an cluiche Dé Domhnaigh mar gheall go mbeidh an cluiche mór rugbaí idir Éire agus Albain agus an mórshiúl ‘Rally for Life’ ar siúl san ardchathair Dé Sathairn.

Agus é socraithe ó thús na bliana go mbeadh an cluiche idir Baile Átha agus Ciarraí á thaispeáint ar eir sport, dúirt urlabhraí de chuid TG4 nach raibh “aon seans” go dtabharfaí cead dóibh an cluiche áirithe sin a chraoladh, fiú agus na cearta eisiacha acu do na cluichí sraithe a imrítear gach Domhnach.

Bhí cainteanna ar bun ag an deireadh seachtaine idir TG4 agus CLG faoin scéal agus ghéill an stáisiún d’iarratas CLG go mbeadh an cluiche ann Dé Domhnaigh agus go gcraolfaí ar eir sport é.

Dúirt urlabhraí TG4 nach dtarlóidh sé arís amach anseo go dtiocfadh craoladh TG4 ar chluichí CLG agus craoladh eir sport ar na sraitheanna náisiúnta salach ar a chéile.

Beidh ceithre chluiche ó na sraitheanna náisiúnta á gcraoladh ar TG4 an deireadh seachtaine seo. Craolfar cluichí peile agus iomána na Gaillimhe beo Dé Domhnaigh (v Muineachán ag 12.30p.m. agus v Luimneach ag 2.30p.m.) agus déanfar craoladh iarbheo ar an gcluiche peile idir Cill Dara agus Maigh Eo agus ar an gcluiche iomána idir Cill Chainnigh agus Loch Garman.

Fág freagra ar '‘Ní tharlóidh sé arís’ – mórchluiche CLG an Domhnaigh le bheith ar eir sport seachas TG4'