Ní raibh mé in ann mo shúile a dhúnadh ar uafás ‘mháthair na bParlaimintí’

Achasáin agus graostacht chun vótóirí a mhealladh… Dáiríre?

Ní raibh mé in ann mo shúile a dhúnadh ar uafás ‘mháthair na bParlaimintí’

An tseachtain seo den chéad uair fuaireas tuiscint éigin ar na daoine sin a stopann le hais an bhóthair ag faire ar thimpistí. Ní raibh mé in ann mo shúile a bhaint den scáileán, ag faire ar ‘mháthair na bParlaimintí’ á stracadh as a chéile.

Bhí trácht le fada againn ar Tuairisc.ie faoi chomh garbh, gránna is a bhí an dioscúrsa polaitiúil éirithe go forleathan, ach i dtaca leis an mBreatimeacht go háirithe. Cheapamar, go soineanta tar éis dhúnmharú an fheisire parlaiminte Jo Cox go gcoinneodh polaiteoirí guaim orthu féin feasta. Is minic ó shin a léiríodh a mhalairt ach bhain cur chuige agus iompar Phríomh-Aire na Breataine, Boris Johnson in Westminster an barr bua as caint mhaslach, ainmheasartha.

I gcead do Baldrick, arbh é sin ‘an plean cliste’ aige?

Ba léir go raibh scéim ag Johnson (agus a chomhairleoir, nó a mháistir, más fíor, Dominic Cummings) chun bob a bhualadh ar na Feisirí ionas go bhféadfadh sé olltoghchán a ghairm ach an milleán a chur ar an bhfreasúra. Nuair nár éirigh leis imeaglú a dhéanamh ar fheisirí ina pháirtí féin, a vótáil dá ainneoin chun bac a chur ar Bhreatimeacht gan socrú, d’fhéach sé le cleas a imirt ar Jeremy Corbyn. Níor lig Corbyn do mhaslaí ná saighdeadh Johnson é a sháinniú sa ghaiste. Ba é mian Johnson an t-olltoghchán a rith ar an 15 Deireadh Fómhair le súil go bhféadfadh sé filleadh ar Theach na dTeachtaí mar Phríomh-Aire chun an reachtaíocht a chuir bac ar Bhreatimeacht gan socrú a chur ar ceal; réiteodh sé sin an bealach chun an tAontas Eorpach a fhágáil gan socrú ar an 31 Deireadh Fómhair.

Bhí a mhóramh caillte ag Johnson, é imithe ó +1 (an DUP san áireamh) go lúide 21 sa chéad vóta a bhí aige mar Phríomh-Aire nuair a thug sé aghaidh ar Thráth na gCeisteanna Dé Céadaoin. Ní hiontas gur dhúirt ceannaire an fhreasúra leis nár dhea-thuar don tír é an bhail a bhí curtha aige ar an bpáirtí Caomhach: iarsheansailéirí, baill den ríchomhairle agus garmhac Churchill i measc an duine is fiche a chaill aoireacht na dTóraithe.

Nach intleachtúil agus oiriúnach d’oifig an Phríomh-Aire é an cineál cainte a chualathas ó Boris Johnson! Shílfeá gur i gclós scoile a chloisfeá ‘big girl’s blouse’ ceann de na sáiteáin a chaith sé le Jeremy Corbyn. Bhí ‘sicín clóirínithe’ i measc na maslaí freisin agus tagairt mhíchuí do ‘sh-t or bust’. Is iondúil go mbíonn na haisfhreagraí, ar nós ‘an bhfuil faitíos ort?’ nó ‘is meatachán thú’, ullmhaithe roimh ré. Níl cúis ar bith againn a cheapadh nach raibh an chaint ghránna pleanáilte. Cad chuige?

Sin í an cheist. Níl amhras ar bith ach go raibh a fhios ag Boris Johnson go gcuirfeadh a stíl chainte déistin ar pholaiteoirí traidisiúnta agus ar dhaoine atá i lár báire. Ba léir, mar sin, nárbh iad sin na daoine a bhí sé ag iarraidh a shásamh. Thaitneodh cosaint den sórt sin ar an mBreatimeacht le Nigel Farage agus a lucht leanúna. Bí cinnte nach de sheans é sin mar gur chontúirt iad do Johnson i dtoghchán. Ba léir freisin le sé seachtaine go raibh Johnson cíocrach chun vótóirí an Lucht Oibre a thacaigh le Breatimeacht san reifreann in 2016 a mhealladh chuige féin.

Is chuige sin a d’fhógair an Seansailéir nua Sajid Javid caiteachas breise, féiríní don chosmhuintir. An é breithiúnas fhear Eton, Johnson, go mbeadh caint gharbh níos tarraingtí sna toghcheantair sin i dtuaisceart Shasana?

Más scigdhráma nó tragóid iad na himeachtaí in Westminster is iomaí cor agus casadh atá fós le theacht: dráma nua gach lá ach neamhshuim sa Tuaisceart, ní áirím an chuid eile d’Éirinn. Buille trom do Boris Johnson ab ea cinneadh a dhearthár Jo, éirí as an rialtas ‘ar son leas na tíre’. Daorbhreithiúnas ar Boris Johnson ó dhuine a bhfuil aithne mhór aige air. Ní cogadh cathartha go dtí é.

Mar sin féin déanfaidh an Príomh-Aire Johnson iarracht eile ar an Luan chun tacaíocht a fháil dá rún go mbeadh olltoghchán ann ar an 15 Deireadh Fómhair de réir ráitis a rinne ceannaire an tí, Jacob Rees-Mogg. Ba dhíchéillí an geallghlacadóir a thabharfadh seans d’éinne airgead a chur air nach gcloisfear a thuilleadh maslaí agus bladhmann ó Johnson Dé Luain.

An éireoidh leis an bhfreasúra an ceann is fearr a fháil air arís, toghchán a chur siar go dtí tar éis an 31 Deireadh Fómhair? Má éiríonn, an ndéanfaidh an Príomh-Aire cleas eile – éirí as oifig, gan éirí as ceannaireacht na gCaomhach?

Bhí caint ar an tseift sin in Westminster agus tuairimíocht ar siúl go gcinnteodh sé go mbeadh vótáil luath dosheachanta.

Bhí gach cosúlacht ar an scéal go raibh tús curtha ag lucht Uimhir 10 leis an toghchánaíocht agus an díospóireacht chomh nimhneach, garbh lenar chuala tú ariamh.

Fág freagra ar 'Ní raibh mé in ann mo shúile a dhúnadh ar uafás ‘mháthair na bParlaimintí’'