‘Ní raibh aon teorainn leis an tionchar a bhí ag Tom Murphy ar amharclannaíocht na hÉireann’

Tá údar Conversations on a Homecoming, A Whistle in the Dark agus Bailegangaire tar éis bháis

‘Ní raibh aon teorainn leis an tionchar a bhí ag Tom Murphy ar amharclannaíocht na hÉireann’

Ní raibh aon teorainn leis an tionchar a bhí ag Tom Murphy ar amharclannaíocht na hÉireann, a deir an  tUachtarán Michéal D. Ó hUigínn.

Tá an tUachtarán i measc na ndaoine a bhfuil teachtaireachtaí ómóis curtha amach acu agus an drámadóir mór le rá as Tuaim sa Ghaillimh ar shlí na fírinne.

Bhí Tom Murphy 83 bliain d’aois.

Tá Murphy áirithe ar dhuine de mhórscríbhneoirí na hÉireann agus i measc na saothar is cáiliúla aige bhí The Sanctuary Lamp, The Gigili Concert, Conversations on a Homecoming, A Whistle in the Dark agus Bailegangaire.

Dúirt Uachtarán na hÉireann go ndeachaigh drámaí Murphy go “smior an Éireannachais” ach go raibh gné “uilíoch” ag baint leo chomh sa tslí ar láimhseáil sé téamaí amhail an gorta, an imirce agus an bhris.

Is le hamharclann na Mainistreach agus an Druid is mó a shamhlaítear saothar Murphy, ach bhí sé ina éarlamh ar amharclann náisiúnta na Gaeilge an Taibhdhearc ó 2014.  Léiríodh a dhráma, An Tíoránach Drogallach (The Last Day’s of a Reluctant Tyrant) sa Taibhdhearc le linn Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíne na Gaillimhe sa bhliain 2013.

Dúirt Cathaoirleach Bhord na Taibhdheirce Aodh Ó Coileáin:

“Thug Tom Murphy léargas ar an saol in iarthar na hÉireann trí shúil ghrinn i dteanga a bhí fuinte ina bhaile dúchais, Tuaim, Co. na Gaillimhe.  Duine dár scríbhneoirí móra, is cailliúint mhór a bhás do dhrámaíocht na tíre,” a dúirt Ó Coileáin.

Fág freagra ar '‘Ní raibh aon teorainn leis an tionchar a bhí ag Tom Murphy ar amharclannaíocht na hÉireann’'