Ní rachaidh pobal Gaeilge Bhéal Feirste “ar ais sna cúlsráideanna ná sna hallaí beaga taise” arís, dar leis an ngníomhaí teanga Fergus Ó hÍr ar bronnadh ‘Gradam an Uachtaráin’ Chonradh na Gaeilge na bliana seo air.
Agus an gradam á bhronnadh ar Ó hÍr ag Ard-Fheis an Chonartha an deireadh seachtaine seo caite, tugadh aitheantas dó as an mbreis is leathchéad bliain atá caite aige mar ghníomhaí pobail agus teanga i mBéal Feirste.
Bhí baint aige leis an nGluaiseacht Cearta Sibhialta sa Tuaisceart, leis an bhfeachtas faoi na Blocanna H, agus le bunú Choláiste Feirste, chomh maith leis an iliomad cúiseanna teanga sa chathair.
Mhol Ó hÍr “díograis”, “fuinneamh” agus “aisling” na glúine óige a bhí i láthair a bhí i láthair ag an Ard-Fheis.
Dúirt sé go raibh sé “bródúil as an nglúin úr” de chainteoirí Gaeilge agus lucht feachtais teanga i mBéal Feirste atá “ag teacht fríd” anois. Dúirt sé go dtuigeann an ghlúin óg go bhfuil an obair atá ar bun acu féin faoi láthair mar chuid de rudaí móra domhanda atá ag tarlú agus gur “obair áitiúil i bhfís dhomhanda” atá inti.
Thug Ó hÍr cuntas ar a thaithí féin ar an nGaeilge i mblianta a óige i gcathair Bhéal Feirste agus dúirt gur fhoghlaim sé an teanga “ar na cúlsráideanna i halla beag fuar”. Dúirt sé gur ón nglúin sin de chainteoirí Gaeilge a tháinig leithéidí Bhóthar Seoighe agus na scoileanna lán-Ghaeilge atá sa chathair anois, ach nach bhfuil an ghlúin seo “ar na cúlsráideanna a thuilleadh”.
“Níl muid sna cúlsráideanna a thuilleadh. Tá muid sna hardsráideanna, tá muid sna hallaí arda, tá muid sna cúirteanna. Coinnígí ag gabháil! Ní rachaidh muid ar ais sna cúlsráideanna ná sna hallaí beaga taise,” a dúirt sé.
Ba í ócáid na seachtaine seo caite an tríú huair a reáchtáladh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste. Bhí an ócáid mhór ann i 1932, i 1996, agus arís anois in 2026. Bronntar ‘Gradam an Uachtaráin’ ag an Ard-Fheis ar “dhuine ar leith a bhfuil éachtaí déanta acu ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta”. Is é an t-uachtarán féin a roghnaíonn an duine.
Bhí Ó hÍr lárnach i bhfeachtais éagsúla ó na 1970idí ar aghaidh, agus toghadh ina chomhairleoir cathrach leis an bpáirtí Daonlathas an Phobail i 1982 é. Bhí sé ina phríomhoide ar Choláiste Feirste tráth a bhí Uachtarán an Chonartha, Ciarán Mac Giolla Bhéin, ina dhalta ann agus ina bhainisteoir ar Raidió Fáilte ina dhiaidh sin. Chaith sé tréimhse ina chomhalta de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge freisin.
Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin gur imir Ó hÍr “tionchar claochlaitheach” air féin agus ar a chairde scoile ar fad agus iad ag dul tríd an scoil.
“Lasmuigh de gheataí na meánscoile, is beag feachtas nó mórshiúl ar son chearta an duine agus ar son na Gaeilge nach raibh baint ceannaireachta ag Fergus leo. Tá sé fós i gcroílár shaol na Gaeilge agus saol sóisialta na cathrach, agus club folk á reáchtáil go seachtainiúil aige agus ceirníní ceoil dá chuid saothar féin á gcur amach aige.
“Tá muid go mór mór i dtuilleamaí Fergus de bharr na hoibre uilig atá déanta aige ar son phobal na Gaeilge i mBéal Feirste agus ar fud na tíre,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.
Bronnadh Gradam d’Oibrí Deonach Náisiúnta na bliana ar Cholmán Ó Raghallaigh as contae Mhaigh Eo ag Dinnéar na hArd-Fheise freisin. Fuair Ó Raghallaigh an gradam “ar son na hoibre ar fad atá déanta aige do chur chun cinn na Gaeilge i gClár Chlainne Mhuiris, le mórphobal Mhaigh Eo agus ar fud na tíre uilig”.
Tugadh aitheantas speisialta do Chomhaltas Uladh ag an ócáid freisin, eagraíocht atá ag ceiliúradh céad bliain a bunaithe i mbliana. Dúirt Mac Giolla Bhéin go raibh “lúcháir” air aitheantas speisialta a thabhairt don Chomhaltas.
“Ní háibhéil a rá nach mbeadh an Ghaeilge mar atá sí ó thuaidh ná i gcúige Uladh ach ab ea iarrachtaí ceannródaíocha Chomhaltas Uladh ó 1926 ar aghaidh, a sheas isteach sa bhearna bhaoil agus an Ghaeilge faoi ionsaí fíochmhar sa stát nua ó thuaidh, tráth a raibh sí á díbirt ón chóras scolaíochta, go raibh cosc á chur uirthi go poiblí agus a raibh sí ar lag trá trí chéile,” a dúirt sé.
Dúirt sé gur “sheas Comhaltas Uladh an fód” agus gur chinntigh an eagraíocht gur “éirigh leis an nGaeilge teacht i réim ó thuaidh in athuair”.
Bronnadh gradaim eile ar Daniel Holder, Róisín Ní Fhearghais, Ciarán Beatty, Caitlín Ní Chathail, agus Martin Keenan ag Dinnéar na hArd-Fheise freisin.
Fág freagra ar '‘Ní rachaidh Gaeil Bhéal Feirste ar ais sna hallaí beaga taise arís’ – Fergus Ó hÍr'