Ní ón ngaoth a tháinig ‘curry my yoghurt’

Tá a fhios anois go raibh faitíos ar an mbunaíocht faoin teanga agus doicheall roimpi i 1986

Prime Minister Margaret Thatcher of England is bid farewell on her departure after a visit to the United States.

Dá n-úsáidfí Gaeilge chomh maith le Béarla i gcáipéisí oifigiúla, seans go gcothófaí ‘dhá phobal fhíochmhara’ i dTuaisceart Éireann.

B’in í an chomhairle a chuir Oifig Thuaisceart Éireann ar Phríomh-Aire na Breataine, Margaret Thatcher, nuair a bhi aitheantas don Ghaeilge á éileamh ag an Aire Gnóthaí Eachtracha, Peter Barry, tar éis Chomhaontú Hillsborough i 1985. Nocht paipéirí stáit a foilsíodh le déanaí gur cuireadh an chomhairle seo a leanas ar Thatcher: ‘The conventional pluralism of Northern Ireland public policy will be shattered and we shall end up with two rabidly British and rabidly Irish communities.’

Is iomaí duine a cheisteodh cé chomh hiolrach is a bhí an ‘conventional pluralism’ sin – an uair sin nó anois. Ní raibh oiread cainte sna hochtóidí ar an doicheall roimh an nGaeilge is atá anois ann ach is léir ó na cáipéisí oifigiúla go raibh an dearcadh atá ag Aontachtaithe inniu faoin teanga coitianta an t-am sin i measc na bhfeidhmeannach a bhí i gceannas. Bhí an ceart acu go dtógfadh daoine ceann confach don Ghaeilge.

Inniu, cuireann aontachtaithe, Nelson McCausland agus Gregory Campbell go háirithe, i leith Shinn Féin gur uirlis chogaidh acu an Ghaeilge. Nochtann na cáipéisí go raibh cur chuige polaitiúil i gceist sna hochtóidí, tráth nach raibh Sinn Fein ach i dtús a bhfeachtais i bhfabhar na Gaeilge. Tá tagairt sna páipéirí do sceipteachas an fhile Ciarán Carson faoi Shinn Féin. Bhuail Carson, a bhí ag obair leis an gComhairle Ealaíon ag an am, le toscaireacht de chuid Shinn Féin. Bhí sé in amhras faoin méid tacaíochta a bhí ag feachtas an pháirtí ó ghluaiseacht sheanbhunaithe na Gaeilge abhus.

Ní mór a rá go raibh corrfheidhmeannach i Stormont a bhí oscailte don Ghaeilge agus do na moltaí ó Rialtas na hÉireann. Sa deireadh, géilleadh do chuid d’éilimh Bhaile Átha Cliath i dtaca le hainmeacha sráideanna dátheangacha agus ceist faoin teanga sa daonáireamh. Ní mór a rá freisin gur beag atá curtha leis na céimeanna sin ó shin. Cuirtear srian an-dian, mar shampla, ar líon na n-áiteanna ina gceadaítear sráidainmeacha as Gaeilge agus is údar gearáin go seasta é ag aontachtaithe ‘airgead a bheith á chur amú’ ar leaganacha Gaeilge de pháipéirí i gcuid de na ranna i Stormont.

Tá a fhios ag gach duine faoi naimhdeas Gregory Campbell, ar cuireadh cosc lae air labhairt i gComhthionól Stormont anuraidh mar gheall ar an scigaithris a rinne sé ar an abairt Ghaeilge ‘Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle’ (Curry my yoghurt can coca coalyer). Tá a fhios anois go raibh faitíos ar an mbunaíocht faoin teanga agus doicheall roimpi i 1986.

I measc na nithe a tháinig chun solais, bhí gearán a rinne an tAthair Réamonn Ó Muirí faoi chosc a cuireadh air comhrá Gaeilge a bheith aige i bPríosún na Ceise Fada le cime óna pharóiste féin. Gabhadh leithsceal leis níos deireanaí. D’insíodh an tAthair Denis Faul, nach maireann, gur mhinic é féin agus an tAthair Ó Muirí ar an nguthán ag an Aire Peter Barry ag tuairisciú sárú cearta, cearta teangan san áireamh.

Ba é éileamh Bhaile Átha Cliath, de réir meamraim ó mhí Eanair 1986, go dtabharfaí aitheantas don Ghaeilge mar chuid dhílis d’fhéiniúlacht agus de thraidisiún an náisiúnachais i dTuaisceart Éireann. Bhí an t-aitheantas sin ceilte go dtí sin, de réir an chomhfhreagrais. 

Dearbhaíodh cearta teanga faoi choinníollacha Chomhaontú Hillsborough, a dúradh sna meamraim. Theastaigh gníomh faoi dheifir ó Bhaile Átha Cliath maidir le ceithre chéim – logainmeacha i nGaeilge; úsáid na teangan i ngnóthaí oifigiúla; ceist faoin teanga sa daonáireamh i 1991; agus tacaíocht d’fhoilseacháin agus d’imeachtaí cultúrtha i nGaeilge.

Glacadh a bheag nó a mhór leis na héilimh. Bunchloch a ndéanfaí tógáil agus forbairt uirthi, a ceapadh ag an am. Ar tharla sé? Fágaim an breithiúnas fút féin.

Fág freagra ar 'Ní ón ngaoth a tháinig ‘curry my yoghurt’'

  • Breathnóir

    Mar sin de is é a bhí i ‘plurality’ bhunaíocht an RA ná aonteangachas.
    Agus is é a chiallaíonn ‘civil and religious liberty for all’ in intinn leithéidí Gregory Campbell ná ‘saoirse shibhialta domsa, agus is cuma fútsa’.

  • Fearn

    Díol suime dhomh go raibh ardphoiliteoir Deisceartach ag éileamh cearta na Gaeilge ó na chumhachtaí Bhreataineacha 30 bliana ó shoin.
    Trua nach raibh de thoradh air ach “cúpla focal” a gceann stáit anuraidh.
    Nach maith fosta go raibh cluais an phoiliteora chéanna ag beirt shagart ionraice?
    Bhfuil a leithéid ann anois, ní mé!