Ní mór d’Éirinn a bheith airdeallach ach uaillmhianach freisin

Ba cheart go mbeadh Éire gob ar ghob leis an bhFrainc i mbeagnach chuile ghné den imirt

Ní mór d’Éirinn a bheith airdeallach ach uaillmhianach freisin

Foireann rugbaí na hÉireann. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Ní raibh aon dabht ann. Nuair a d’ardaigh an réiteoir an cárta dearg le bóthar a thabhairt do Peter O’Mahony agus gan ach ceithre nóiméad déag caite sa gcluiche i gcoinne na mBreatnach an Domhnach seo caite, bhí rás na hÉireann rite.

Tá ardmholadh tuillte ag foireann Andy Farrell mar sin féin, foireann a léirigh cur chuige agus fíor-thréaniarracht a chinntigh go raibh na ceithre imreoir déag sa ngeansaí glas fós san iomaíocht ag deireadh an chluiche.

Go deimhin féin, murach an botún dochreidte úd ó Billy Burns agus é ag cur na liathróide glan as an imirt seachas í a chur amach ar an líne cúig mhéadar mar a bhí uaidh a dhéanamh, bheadh seans maith ar thoradh eile ar fad ar an gcluiche.

Is cuid den stair é sin anois, agus ní raibh aon rogha ag imreoirí na tíre seo ach díriú ar na pointí dearfacha a bhain leis an gcluiche i gcoinne na Breataine Bige roimh theacht na bhFrancach chuig Staid Aviva amárach. Má chuireann tú botúin O’Mahony agus Burns as an áireamh, ní raibh aon easpa imeartha a bhí úr agus dearfach le feiceáil ó fhoireann na hÉireann i mBabhta a hAon. Go deimhin tá go leor den tuairim, mé féin ina measc, go raibh an t-ádh glan ar na Breatnaigh gur éirigh leo a bheith chun cinn san ochtú nóiméad seachas mí-ádh a bheith ar Éirinn.

Níl aon dabht ann ach gur chaill an fhoireann ab fhearr a bhí ar an bpáirc an cluiche sin agus gurb é an cárta dearg an difear a bhí idir na foirne.

Scéal eile ar fad atá sa gcluiche amárach. Chonaic muid chomh héifeachtach agus go deimhin míthrócaireach agus a bhí na Francaigh agus iad ag imirt sa Róimh i gcoinne na nIodálach (50-10 an scór) i mBabhta a hAon. Is cinnte go bhfuil na hIodálaigh an-lag ar fad. Go deimhin féin, ní thuigim cén fáth go bhfuil siad fós sa gcomórtas seo, agus ciallaíonn sin nach féidir mórán a thomhas ón gcoimhlint sin.

Mar sin féin, tá fhios againn go mbíonn na Francaigh láidir, fíochmhar agus fisiciúil i gcónaí is cuma sa mbaile nó as baile dóibh.

Caithfidh muid a bheith airdeallach ach caithfidh muid a bheidh uaillmhianach freisin. Níl cúis ar bith nach mbeadh muid in ann sárchluiche a thabhairt do na Francaigh. Ba cheart go mbeadh muid gob ar ghob leo i mbeagnach chuile ghné den imirt, sa gclibirt, sa síneadh amach, sa bpaca agus i measc na gcúlaithe freisin. Beidh toradh an chluiche seo ag brath ar pé foireann a dhéanann an líon is lú botún ina limistéar féin den pháirc, go háirithe. Beidh go leor ag brath freisin ar an bhféinsmacht agus ar an dianmhachnamh thar ochtú nóiméad. Beidh muid ar fad ag súil gur fhág muid na dearmaid sin ar fad i gCaerdydd seachtain ó shin agus gur fhoghlaim muid na ceachtanna a bhí ag dul leo. Má dhéanann muid sin, ní bheidh muid gan seans amárach. Bígí ag súil le sárchluiche ar chaighdeán domhanda ach sa tseanstíl a bhaineann leis an gcomórtas seo freisin, sin cluiche crua, fisiciúil agus thar a bheith iomaíoch óna thús. Ba chróga an té a chuirfeadh mórán airgid ar cheachtar den dá fhoireann seo.

Ach roimhe sin, imreofar dhá chluiche Sé Náisiún inniu.

Don dara seachtain as a chéile beidh na Sasanaigh ag imirt sa mbaile agus is cinnte go gceartóidh siad na deacrachtaí a bhí acu sa gcéad chluiche nuair a chaill siad i gcoinne na hAlban. Níl seans na ngrást go mbeidh na hIodálaigh in ann cluiche a thabhairt d’fhoireann an bhaile. Go deimhin, beidh an t-ádh orthu más féidir leo an scór a choinneáil faoi bhun leathchéad pointe.

Tráthnóna inniu a bheas coimhlint an lae againn, nuair a bheas Albain ag cur fáilte go Murrayfield roimh an mBreatain Bheag. Is cinnte go mbeidh an dá fhoireann ag iarraidh tógáil ar an mbua a bhí acu i mBabhta a hAon agus is cinnte freisin go mbeidh Albain ag iarraidh chuile leas a bhaint as buntáiste an bhaile. Rinne Albain éacht seachtain ó shin agus iad ag sárú na sean-namhad, Sasana, ach an mbeidh siad in ann iad féin a ardú arís agus imirt ar an gcaighdeán céanna arís an tseachtain seo? Maidir leis na Breatnaigh, beidh siadsan ag iarraidh a chruthú nach é an t-ádh a bhí orthu i gcoinne na hÉireann seachtain ó shin. Más leo sin a dhéanamh caithfidh siad imirt i bhfad níos fearr ná mar a rinne siad i mBabhta a hAon. Tá mise den tuairim go mbeidh an lá le foireann an bhaile tar éis cluiche iomaíoch.

Fág freagra ar 'Ní mór d’Éirinn a bheith airdeallach ach uaillmhianach freisin'