Ní mar ionadaí do vótóirí a pháirtí a toghadh aon Teachta Dála – b’fhiú dóibh cuimhneamh air sin

Ní foláir dár dTeachtaí Dála dul i dtaithí ar an dualgas a leag vótóirí orthu san olltoghchán – teacht ar chomhréiteach

Toghchán Strap

27/2/2016. General Election 2016 - Counting of Votes. Scenes from the counting of votes for the Dublin West Constituency, at the Phibblestown Communmity Hall Count Centre in Blanchardstown, Dublin. Photo shows votes being tallied. Photo: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Ní cóir a bheith ródhian ar ár dTeachtaí Dála nuathofa. Tógfaidh sé tamall sara mbeidh lántuiscint acu ar a gcúraimí nua. Agus tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh rogha mhór le déanamh ag cuid acu (na neamhspleáigh go irithe), is é sin mura dteastaíonn olltoghchán eile i mbliana uathu.

Sin ráite, ní dhearna David Cullinane, an Teachta Dála nuathofa de chuid Shinn Féin i bPort Láirge, cur síos róchruinn ar a dhualgais nuair a chuir Primetime ceist air Déardaoin faoi dhearcadh a pháirtí ar bhunú rialtais:

We will act in the interests of those people who voted for Sinn Féin… We don’t have a mandate to go into government with Fianna Fáil or Fine Gael.

Ní mar ionadaí do vótóirí Shinn Féin ach mar ionadaí do dháilcheantar (nó ‘ionadóir’ mar a deir an Bunreacht) a íocfar tuarastal le David Cullinane agus le gach Teachta Dála eile a toghadh seachtain ó shin, mar is léir ó Airteagal 16.2.1 den Bhunreacht:

Ionadóirí do dháilcheantair a shocraítear le dlí comhaltas Dháil Éireann.

Is dlúthchuid é den dualgas atá ar gach Teachta Dála bunú rialtais a mheá. Ní dhéanfar leas a dháilcheantair dá uireasa. Ó tharla nach bhfuil móramh ag páirtí/grúpa ar bith sa Dáil nua, d’fhág toradh an olltoghcháin go bhfuil dualgas orthu go léir comhréiteach maidir le bunú rialtais a mheá. Tá lánchead acu, ar ndóigh, neamhshuim a dhéanamh den dualgas seo, ach is léir an chontúirt dóibh uilig má dhéanann siad amhlaidh.

Abair go raibh cluiche tábhachtach le himirt agus páirc imeartha lena aghaidh á roghnú ag Bord Chontae Chiarraí.

Abair gur mhol ionadaithe ó chlubanna éagsúla (1) Staid an Ghearaltaigh i gCill Airne, (2) Páirc Aibhistín De Staic i dTrá Lí (3) Lios Tuathail, (4) An Coireán agus (5) Oileán Ciarraí.

Abair gur sheas gach ionadaí ar an mBord lena rogha, mar gur gheall siad an méid sin do choiste a gclub féin.

Abair gur dhiúltaigh siad go léir do gach comhréiteach.

Céard a tharlódh mura ngéillfeadh cuid acu? Ní imreofaí an cluiche go deo.  Ach ar ndóigh, de ghnáth, cuireann riarthóirí CLG agus riarthóirí gach eagraíochta neamhghéilliúlacht dá leithéid i leataobh ar mhaithe leis an leas coiteann.

Tá síol an mheoin seo á scaipeadh de réir a chéile i measc ár dTeachtaí Dála, ar dhá chúis: leas na tíre, agus seachaint olltoghcháin.

Athaontú na hÉireann: móramh ina choinne

Tá ábhar machnaimh do gach páirtí, ach do Shinn Féin go háirithe, sna freagraí a tugadh ar cheist faoi athaontú na tíre a cuireadh orthu lá an olltoghcháin.

Labhair lucht suirbhé Behaviour & Attitudes thar ceann RTÉ le 4,283 vótóir i ngach dáilcheantar sa stát, díreach tar éis dóibh vótáil.

Fiafraíodh de na vótóirí cén stádas fadtéarmach ab fhearr leo do Thuaisceart Éireann. Is mar seo a d’fhreagair siad:

Éire Aontaithe – 36%

An Tuaisceart sa Ríocht Aontaithe agus Comhthionól/rialtas láidir i Stormont – 32%

An Tuaisceart sa Ríocht Aontaithe agus nasc láidir aige leis an mBreatain – 15%

Éiginnte – 14%

Eile – 3%

Ní gá cíoradh róghéar a dhéanamh ar na figiúirí seo chun teacht ar an dá phríomhthoradh.

1. Ní theastaíonn Éire Aontaithe ach ó 36 faoin gcéad de vótóirí an stáit.

2 B’fhearr le 47 faoin gcéad go bhfanfadh an Tuaisceart sa Ríocht Aontaithe.

Tá dianphlé thuaidh agus theas ar na beartais a bheadh riachtanach leis an tír a athaontú molta ag Sinn Féin. Léirigh torthaí an tsuirbhé seo nach n-oireann tuairim an mhóraimh dá gcás, thuaidh ná theas.

Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Ní mar ionadaí do vótóirí a pháirtí a toghadh aon Teachta Dála – b’fhiú dóibh cuimhneamh air sin'