Ní leor Karen Bradley a bheith ag teacht ar feadh cúpla lá chuig ‘an chuid álainn seo den Ríocht Aontaithe’…

Cibé nimh agus binbe a bhí ag Sinn Féin agus an DUP dá chéile, tá an cupán áirithe sin ag cur thar maoil anois, ach cén seans go mbeidh réiteach na bhfadhbanna ag an Státrúnaí nua?

Ní leor Karen Bradley a bheith ag teacht ar feadh cúpla lá chuig ‘an chuid álainn seo den Ríocht Aontaithe’…

Tá Imbolc ar an bhealach agus beidh na Gaeil ag dúil go mór le leathnú amach an tsolais, le beatha úr ag éirí ón talamh agus agus le dóchas a bheith san aer.

Ach fad is a bhaineann sé le cúrsaí polaitíochta ó thuaidh,  beidh muid ag stánadh ar bhranar, talamh tugtha traochta nach féidir a bheith ag dúil le fómhar ar bith uaidh go ceann tamaill fhada.

Faoin talamh, tá na marbháin féin á gcorraí agus íobartaigh Shléacht Kingsmill maslaithe ag MLA de chuid Shinn Féin, Barry McElduff.

Is cuma cé acu a raibh an feisire ag iarraidh bheith ag fonóid faoin sléacht uafásach inar maraíodh deichniúr fear Protastúnach ar an 5 Eanáir 1976 nó nach raibh, cibé nimh agus binbe a bhí ag Sinn Féin agus an DUP dá chéile, tá an cupán áirithe sin ag cur thar maoil anois.

Níor chuidigh sé le seasamh an DUP a bhoinn a choinneáil ar an thailte arda na moráltachta nuair a chuir feisire dá gcuidsean, Christopher Stalford, cartún ar Twitter inar taispeánadh veain le sruthanna fola ag teacht amach as agus Gerry Adams ag damhsa ar an fhuil (línte dearga), builín aráin ar a chloigeann.

Ar smaoinigh Stalford ar na híobartaigh nuair a phostáil sé an tvuít?

Ach oiread le cúrsaí talmhaíochta, nuair atá an oiread sin nimhe san atmaisféar ní fhásfaidh a dhath i saol na polaitíochta.

Ach tá dea-scéal againn – tá garraíodóir úr i ndiaidh ’theacht, fonn mór oibre uirthi agus mála mór leasacháin ina glac aici.

Roghnaigh Theresa May Karen Bradley, MP do Staffordshire Moorlands, mar Stáitrúnaí úr Thuaisceart Éireann an tseachtain seo.

Bean í atá an-dílis do Theresa May agus Tóraí den seandéanamh í Bradley fad is a bhaineann sé le ceisteanna éagsúla .

Vótáil sí ar bhonn rialta ar son laghdú a dhéanamh ar an méid airgid a chaitear ar shochair leasa shóisialaigh agus in éadan airgead poiblí a bheith á chaitheamh ar phoist a chruthú do dhaoine óga a bhí dífhostaithe ar feadh tamaill fhada.

Vótáil sí in éadan an choisc ar chaitheamh tobac agus vótáil sí ar son an Bhreatimeachta.

Nuair a bhí na Tóraithe ag iarraidh Arm na Breataine a chur chuig láthair chomhraic thar lear, vótáil Bradley ar a shon i ngach cás, cé gur vótáil in éadan rúin go ndéanfaí fiosrúcháin ar iompar Tony Blair agus a rialtais sular cuireadh Arm na Breataine chun na hIaráice i 1993.

Má bhíonn sí chomh diongbháilte sin faoin status quo a chosaint agus í ina Státrúnaí ó thuaidh, cén seans atá ann go gcuirfidh sí plean réadúil os comhair an phobail maidir le ceisteanna oidhreachta, go háirithe a fhad is a bhaineann siad le claonpháirteachas an Stáit?

Ar leibhéal na polaitíochta, tá ráite ag Karen Bradley go mbeadh sí ag caint le Rialtas na hÉireann “nuair ba chuí”.

No, Karen, más mian leat teacht ar réiteach na bhfadhbanna anseo, is éigean a bheith ag obair gualainn ar ghualainn le Simon Coveney, go háirithe maidir le ceist na teorann agus tréimhse eile idirbheartaíochta ar an Bhreatimeacht ar na gaobhair.

Ní leor é bheith ag teacht anseo chuig ‘an chuid álainn seo den Ríocht Aontaithe’ ar feadh cúpla lá agus ansin imeacht ar ais go  Sasana chun tuilleadh de ‘Ulster for Dummies’ a léamh.

Le linn a thréimhse mar Rúnaí Stáit, níor bhuail James Brokenshire riamh le pobal na Gaeilge. B’fhéidir go gcuirfeadh Karen Bradley iontas orainn agus go mbeadh sí báúil don teanga. Ní fios, ach ó na chéad abairtí dá cuid agus í ar thalamh na hÉireann – an chéad uair riamh aici anseo – is beag seans go sáróidh sí Brokenshire maidir le mí-éifeacht de.      

D’fhéadfaí talamh slán a dhéanamh go mbeidh sí i bhfách le ‘luachanna Briotanacha’ a chur chun cinn maidir le cearta an phobail LGBT ach maidir leis na constaicí is mó atá ag coinneáil athbhunú an Fheidhmeannais siar, is doiligh a fheiceáil an bhfuil aon tuigse aici conas iad a shárú.

Branar gan cur.

Fág freagra ar 'Ní leor Karen Bradley a bheith ag teacht ar feadh cúpla lá chuig ‘an chuid álainn seo den Ríocht Aontaithe’…'

  • Learraí

    D’fhéadfaí an rud céanna a dúirt Francois Mitterand faoi Maggie Thatcher a rá faoi K Bradley thuas .i. ” tá beola Marilyn Monroe aici agus súile Caligula”…ní beag sin!