Ní imreofar aon chluiche idirchontae roimh mhí Dheireadh Fómhair – Cumann Lúthchleas Gael

Bhí Craobh Shinsir Peile na hÉireann le tosú an deireadh seachtaine seo caite ach is léir go mbeidh achar fada ann fós go gcuirfear tús leis na comórtais

Ní imreofar aon chluiche idirchontae roimh mhí Dheireadh Fómhair – Cumann Lúthchleas Gael

Tá sé deimhnithe ag Cumann Lúthchleas Gael nach n-imreofar aon chluichí idirchontae roimh mhí Dheireadh Fómhair ar a thúisce.

I ráiteas a eisíodh tráthnóna, dúirt CLG go raibh súil acu fós na comórtais idirchontae agus clubanna a imirt i mbliana ach go mbeadh sé sin ag brath ar bheannacht na n-údarás sláinte agus a gcomhairle faoin tsláinte phoiblí.

Iarradh ar fhoirne idirchontae stop a chur le haon traenáil a bhí fós á déanamh acu agus dúradh go gcuirfear tús, céim ar chéim, leis na cluichí idirchontae agus clubanna níos deireanaí sa bhliain.

Dúradh go raibh treoir á lorg go fóill maidir leis na dúshláin a bhaineann le cluichí a imirt in aimsir an scartha sóisialta.

Bhí Craobh Shinsir Peile na hÉireann le tosú an deireadh seachtaine seo caite ach is léir go mbeidh achar fada ann sula gcuirfear tús leis na comórtais, má tharlaíonn sin.

Dúirt CLG go raibh seans ann go n-imreofaí cluichí gan aon slua a bheith i láthair ach nárbh é an réiteach sin an chéad rogha a bhí ag baill an chumainn i gcoitinne.

Dúradh sa ráiteas go mbeadh páirceanna agus áiseanna an chumainn ar fud na tíre dúnta go dtí an 20 Iúil, níos mó na ceithre mhí ó cuireadh stop le cluichí agus imeachtaí CLG ar an 13 Márta.

Fág freagra ar 'Ní imreofar aon chluiche idirchontae roimh mhí Dheireadh Fómhair – Cumann Lúthchleas Gael'