‘Ní hionann aimsir agus aeráid’ – seanfhocal nua don aois aisteach seo

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Ag spraoi sa sneachta, ag scátáil ar loch reoite agus ag siúl san fhoraois gan chóta a bhí an Saoithín Aeráide le mí anuas

‘Ní hionann aimsir agus aeráid’ – seanfhocal nua don aois aisteach seo

I dtús na míosa seo caite, bhí an Saoithín Aeráide, a chara an Síceolaí agus cara de chuid an tSíceolaí ‘a dhéanann rud éigin le téacsanna’ ag siúl sa sneachta. Cúig nó sé chéim faoin reophointe a bhí an teocht agus go deimhin, cúpla lá ina dhiaidh sin chuaigh an Saoithín Aeráide agus a chomrádaithe ag scátáil ar loch reoite.

‘An gceapann sibh gurb í paindéim an choróinvíris is cúis leis go bhfuil an geimhreadh chomh crua sin i mbliana?’ a d’fhiafraigh Fear na dTéacsanna den Síceolaí agus den Saoithín. ‘Tá an t-aschur CO2 i bhfad níos ísle le bliain anuas de bharr na srianta dianghlasála. Meas sibh an mbeadh tionchar chomh sciobtha sin aige sin ar an aeráid?’

D’fhan an Síceolaí ina thost; níl mórán spéise aige i gcúrsaí aeráide. Nó chuile sheans go raibh sé fiosrach céard a bheadh le rá ag an Saoithín Aeráide, fear nach bhfuil cáil na foighne air nuair a chuirtear ceisteanna amaideacha air (nó fiú amháin ceisteanna nach bhfuil chomh hamaideach sin, dáiríre.)

‘Ní hionann aimsir agus aeráid,’ a d’fhreagair an Saoithín sa deireadh, i nglór a mheas sé féin a bheith meáite.

Níorbh é féin a cheap nó a chum an blúirín gaoise sin ach fear na haimsire ar an nuacht teilifíse an oíche roimhe sin, agus níorbh fhada nó gur léir go raibh an ceart ag fear na haimsire (ar meitéareolaí cáilithe é, seachas duine dathúil a chuireann an aimsir i láthair.)

An tseachtain seo caite – mí Feabhra a bhí fós ann – bhí an sneachta agus an t-oighear tar éis leá agus bhí an Saoithín Aeráide, an Síceolaí agus Fear na dTéacsanna ag siúl san fhoraois gan aon chótaí orthu; ag pointe amháin bhain an Síceolaí a gheansaí de. 17 céim Celsius a bhí an teocht agus ní raibh scamall sa spéir.

Go litriúil, pé scéal é. Bhí sa chiall mheafarach.

Is fíor, a mhínigh fear na haimsire i dtuar na haimsire an 28 Feabhra, lá deireanach an gheimhridh mheitéareolaíochta, go raibh geimhreadh na bliana 2021 roinnt mhaith níos crua ná na geimhrí a bhfuil cleachtadh againn orthu le blianta beaga anuas. Ach sa bhliain 1901, geimhreadh bog a thabharfaí ar an ngeimhreadh atá díreach curtha dínn againn. Léirigh figiúirí fhear na haimsire go bhfuil ardú nach mór 2 chéim tagtha ar theocht mheánach an gheimhridh in iarthar na hEorpa le 120 bliain anuas. Nuair a chuirtear gach rud san áireamh, ní fhéadfaí a rá faoin ngeimhreadh atá díreach curtha dínn againn, dar le fear na haimsire, ach gur thit sé isteach go díreach cruinn le patrún athraithe na haeráide: ar an meán, ní raibh sé pioc níos teo ná níos fuaire ná mar a bheifeá ag súil leis.

Bliain dianghlasála ann nó as, ag téamh atá an domhan agus ní comhartha seachtain amháin seaca agus sneachta nach bhfuil olltubaiste aeráide ar na bacáin. ‘Ní hionann aimsir agus aeráid’: seanfhocal nua don aois aisteach ina mairimid.

Fág freagra ar '‘Ní hionann aimsir agus aeráid’ – seanfhocal nua don aois aisteach seo'