Ní hionann agus corrabairt, ní féidir glór a ghoid ó scríbhneoir eile

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Tagann gach scríbhneoir ar an saol lena ghlór féin agus dá mhéad a shantódh sé glór scríbhneora eile, ní fhéadfaí é a ghoid

Ní hionann agus corrabairt, ní féidir glór a ghoid ó scríbhneoir eile

Níl a fhios cá mhéad frásaí a ghoid mé, síos tríd na blianta, ón amhránaí agus liriceoir ón Spáinn, Enrique Bunbury – teideal mo chnuasach deireanach gearrscéalta san áireamh.

Ar ámharaí an tsaoil níl aon chóipcheart ar theidil, agus maidir leis an gcuid eile den ‘ghadaíocht’, bhuel, bíonn chuile scríbhneoir beo ina bun: goideann tú abairtín fánach anseo, frása deas ansiúd agus fíonn tú isteach i do chuid scríbhneoireachta féin iad, áit nach dtabharfar suntas dá mbunús toisc go bhfuil tú á n-úsáid i gcomhthéacs iomlán éagsúil. (Má ghoideann tú sliocht iomlán, áfach, tá bradaíl liteartha ar bun agat agus tá tú ag briseadh an dlí.)

Bím meallta ag liricí cliste, rúndiamhracha agus uaireanta dothuighte Bunbury (ó dhráma Oscar Wilde, The Importance of Being Earnest, a ‘ghoid’ Enrique Ortiz de Landázuri Izarduy a ainm stáitse), ach ní hí a chuid scríbhneoireachta is mó a shantaím ach a ghlór.

Glór cumhachtach, fíordhrámatúil atá ag Enrique Bunbury agus d’fhéadfaí a rá i dtaobh an ghlóir chéanna go bhfuil sé gáifeach, murar léir ó chuile nóta dá gcasann Bunbury gur ón gcroí a thagann sé. Glór thar fóir – ach lándáiríre.

Bhí an ghráin shíoraí ag m’athair, ar chumadóir ceoil agus stiúrthóir ceolfhoirne é, ar an nglór céanna. ‘Glórúsáid thipiciúil mhuintir dheisceart na hEorpa’ a dúirt sé uair amháin agus mé ag éisteacht le dlúthdhiosca de chuid Héroes del Silencio, an banna lenar bhain Bunbury cáil idirnáisiúnta amach sna 1990idí. B’ionann an ráiteas sin, ó bhéal m’athar, agus ‘cas an diabhal raic sin as’.

B’fhéidir gurbh é sin an nóiméad gur shocraigh mé gur theastaigh uaim a bheith cosúil le Enrique Bunbury ar chuile bhealach. Is ea, bhí tréimhse ann – ocht mbliana déag a bhí mé, naoi mbliana déag ar a mhéad – gur lig mé do mo chuid gruaige fás agus go gcaithinn seaicéad leathair agus bríste corcra a bhí rótheann.

Níor oir siad dom.

Agus dá mhéad a shantaím glór mar atá ag Enrique Bunbury, ní oirfeadh sé do mo chuid scríbhneoireachta ach oiread. Tagann chuile dhuine ar an saol lena ghlór féin agus tháinig mise ar an saol le glór a ndéanfadh léachtóir litríochta cur síos air, seans, mar ‘ghlór tipiciúil de chuid mhuintir iarthuaisceart na hEorpa’: gonta agus gan mhaisiú.

Ní hionann agus corrabairt a mbainfeá úsáid chliste aisti i do chuid scríbhneoireachta féin, ní féidir glór iomlán a ghoid.

Fág freagra ar 'Ní hionann agus corrabairt, ní féidir glór a ghoid ó scríbhneoir eile'