Ní haon ‘Slumdog Millionaire’ é seo ach is moladh is cáineadh é sin in éineacht 

Léiriú dorcha ar iarrachtaí an duine aonair éalú as bochtanas na hIndia atá i ‘The White Tiger’ 

Ní haon ‘Slumdog Millionaire’ é seo ach is moladh is cáineadh é sin in éineacht 

The White Tiger
Stiúrthóir: Ramin Bahrani
Cliar: Adarsh Gourav, Rajkummar Rao, Priyanka Chopra, Vijay Maurya

Ní féidir na comparáidí le Slumdog Millionaire a sheachaint agus tú ag féachaint ar The White Tiger. Scéal anróiteach an duine aonair is é ag iarraidh éalú as cruatan is bochtanas na hIndia agus a chóta bán a dhéanamh. Tá an scannán seo níos dorcha agus níos gruama ná saothar Danny Boyle agus níl an chríoch chomh sona sin ach an oiread. Go deimhin ag pointe amháin caitheann príomhcharachtar an scannáin seo slais le Slumdog Millionaire á rá nach féidir brath ar sheó cluichí le do chosa a thabhairt leat as an ainnise. 

Tá an saothar bunaithe ar leabhar den teideal céanna ó pheann Aravind Adiga, saothar a bhuaigh an duais Booker in 2008. Buailimid le Balram (Gourav) atá buailte fé i gceantar fíorbhocht in iarthuaisceart na hIndia. 

Tá sé éirimiúil uaillmhianach ach óir go bhfuil an teaghlach ag maireachtaint ón lámh go dtí an béal ní cheadaíonn a sheanmháthair dó tabhairt faoi scoláireacht in Delhi agus bíonn air tabhairt faoin obair láimhe. Címid ag tús an scannáin go bhfuil a shaibhreas déanta aige agus is i bhfoirm iardhearcthaí a dhéanann sé a scéal a insint. Ríomhphost chuig Príomh-Aire na Síne mar uirlis scéalaíochta aige. 

Lá de na laethanta agus é óg cíonn sé mac leis an bpiarda áitiúil, Ashok (Rao), agus tagann fonn air a bheith mar thiománaí aige. Le teann plámáis agus camastaíola éiríonn leis an bpost a fháil agus seoltar sinn isteach i bpríomhthéama an scannáin: córas na sainaicmí. 

Deirtear linn go minic go bhfuil an dá India ann, an ceann saibhir agus an ceann bocht, ceann an tsolais agus ceann an dorchadais, ceann fhir na mbolg mór agus ceann fhir na mbolg beag. Tá lucht na cosmhuintire cosúil le Balram mar mhaidríní lathaí ag a máistrí, ag sodar ina ndiaidh, ag cuimilt meala leo agus ag cuimilt a gcos. 

Déanann an córas sainaicmí seo agus an bochtanas atá mar bhunús leis an chosmhuintir fhulangach a bhascadh. Dar le Balram nach bhfuil aon oidhre ar an gcóras seo ach cúb na gcoileach agus na coiligh ag féachaint ar mharú na healta go géilliúil. 

Tá an chuma ar Bhalram é féin go bhfuil sé umhal, géilliúil agus cad é plámás aige lena mháistir agus a chéile Meiriceánach, Pinky (Chopra). Ar shlí amháin táid cineálta measúil leis ach ag an am céanna táid breá sásta sochar a bhaint as an mbuntáiste a bhronnann an córas orthu. Diaidh ar ndiaidh cítear an fhearg agus an uaillmhian ag brúchtaíl aníos. Amhail Tíogar Bán an teidil, nach mbeirtear ach uair sna naoi n-aird, caithfidh sciorta den ádh a bheith le Balram mar aon le mórán misnigh is camastaíola a léiriú le héalú ón mbochtanas. 

Tugann Gourave taispeántas breá uaidh agus is é a dhéanann sinn a threorú trí shaol dorcha lucht an bhochtanais. Tá cad é leibhéal, gearradh agus greann ina chuid cainte agus cuid mhaith di dírithe ar an India agus a muintir. Is cinnte nach dtaitneoidh seo le lucht turasóireacht na tíre. 

Cé nach bhfuil an saothar seo chomh taitneamhach, samhlaíoch le Slumdog Millionaire b’fhéidir go dtugann an gearradh is an leibhéal sin pictiúr níos réalaíche dúinn ar thír faoi leith agus bochtanas cráite chuid mhaith dá muintir. 

Fág freagra ar 'Ní haon ‘Slumdog Millionaire’ é seo ach is moladh is cáineadh é sin in éineacht '