Ní haon rith searraigh é seo ag Luimneach agus ceachtanna eile ó chluiche ceannais 2018

Breathnaíonn Tuairisc.ie ar chuid dá raibh le foghlaim ó Chluiche Ceannais Chraobh uile-Éireann na hIomána 2018

Ní haon rith searraigh é seo ag Luimneach agus ceachtanna eile ó chluiche ceannais 2018

An taithí agus an oíge – is fearr i dteannta a chéile iad

Murach na cúil, bheadh Luimneach i dtrioblóid. Níor éirigh leo cúilín ar bith a fháil idir an 43ú nóiméad agus an 77ú nóiméad nuair a bhí Gaillimh tagtha i bhfoisceacht aon phointe amháin dóibh.

Le linn na tréimhse cinniúnaí sin chuir leithéidí Kyle Hayes agus Aaron Gillane cúpla iarracht amú, rud a thug spreagadh breise do Ghaillimh. Ach ba dhuine de sheanfhondúirí Luimnigh a shábháil a chontae – Graeme Mulcahy, an t-imreoir is sine a chuaigh chun páirce ón tús do Luimneach. Dá fheabhas í an óige is deacair an taithí a bhualadh nuair a bhíonn an crú ar an tairne.

Seoladh liathróid fhada suas go dtí an cúinne agus cé nár éirigh le Peter Casey í a smachtú, bhí Mulcahy ann ar an bpointe chun í a shnapadh leis. Agus scaoll ag bualadh cuid de na fir a bhí timpeall air, gan trácht ar lucht tacaíochta Luimnigh, thug

Mulcahy aon fhéachaint amháin ar na postaí agus chuir poc den scoth thar an trasnán chun Luimneach a chur ar bhóthar a leasa arís. Ba é cúilín na cinniúna é mar d’éirigh le Gaillimh pointe amháin eile a fháil agus ní raibh ach an farrasbarr ba lú idir na foirne nuair a séideadh an fheadóg dheireanach.

Bhí Mulcahy ar fheabhas ó thús na bliana agus rinne sé an beart arís Dé Domhnaigh. 1-2 a fuair sé ach rinne sé ualach oibre chomh maith chun cosantóirí na Gaillimhe a chur faoi bhrú. Dá fheabhas í an óige is deacair an taithí a bhualadh nuair a bhíonn an crú ar an tairne.

Mar sin féin, fágann a óige is atá painéal Luimnigh gur beag seans go mbeidh siad ag fanacht 45 bliain eile ar Chorn Liam Mhic Cárthaigh. 28 bliain atá Mulcahy agus níl cuid de na ‘seanfhondúirí’ eile acu amhail Declan Hannon agus Shane Dowling ach 25 bliain d’aois. Ar ndóigh, ba é an té is óige ar an bhfoireann a chuaigh chun páirce Dé Domhnaigh a fuair gradam laoch na himeartha sa chluiche ceannais – Kyle Hayes atá 20 bliain d’aois. Léirigh scéal na Gaillimhe i mbliana a dheacra is a bhíonn sé dhá chraobh as a chéile a bhuachan, ach údar iontais a bheadh ann dá mba rith searraigh é gaisce stairiúil na bliana 2018 ag Luimneach.

 

Joseph Cooney, Gaillimh agus Gearóíd Hegarty, Luimneach

Bhain Gaillimh slat a sciúr iad féin

Ní raibh an bua tuillte ar chor ar bith ag Gaillimh, ach is cinnte go raibh seans iontach ag fir an iarthair an chraobh a thabhairt leo den dara bliain as a chéile.

Ní bheidh Gaillimh sásta leis an mbealach ar ghéíll siad na trí chúl chinniúnacha sin. Bhí James Skehill agus Adrian Tuohey san áit cheart chun Mulcahy a stopadh don chéad cheann ach níor éirigh leo é sin a dhéanamh. Don dara cúl, sciob Tom Morrissey an sliotar ó Ghearóid McInerney 25 slat amach ón gcúl agus don tríú cúl, bhí fuílleach ama ag Adrian Tuohey an liathróid a ghlanadh amach ach thug sé deis do Peter Casey é a bhlocáil agus bhí an sliotar curtha san eangach ag Shane Dowling roinnt soicindí ina dhiaidh sin.

Anuas ar na cúil sin, d’éirigh le Luimneach ar a laghad cúig phointe a fháil de thoradh drochphasanna  ó imreoirí na Gaillimhe.

Níos measa fós, gan na botúin sin a áireamh ar chor ar bith, theip ar fhormhór na foirne taispeántas sách maith a thabhairt. Sa chéad leath, ba iad Pádraic Mannion, David Burke agus Joe Canning an t-aon triúr a raibh údar acu a bheith sásta leo féin.

Nuair a thosaigh an teacht aniar, ba léir go raibh an mianach iontu Luimneach a chur faoi bhrú ach tabhairt faoi leis an díocas céanna a léirigh a gcéilithe comhraic an cluiche ar fad. Bhí sé ródhéanach faoin am sin, áfach.

 

Gearoid McInerney. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Ní féidir brath ar imreoirí nach bhfuil 100%

D’fhéadfadh go raibh baint  ag gortuithe le teip na Gaillimhe. Gortaíodh Gearóid McInerney sa chéad chluiche i gcoinne chontae an Chláir trí seachtaine ó shin agus ní raibh an chuma air go raibh sé 100% inné. Ní hé McInerney an cineál imreora a bhíonn ag rith fud fad na páirce, fiú agus é iomlán aclaí, ach níor bhreathnaigh sé ar a chompord Dé Domhnaigh.

Bhain Kyle Hayes an-leas as deacrachtaí McInerney, go háirithe ag tús an dara leath. Chuaigh sé siar i dtreo lár na páirce agus fios aige nach mbeadh McInerney á leanúint agus d’éirigh leis trí phointe a fháil ag tráth cinniúnach sa chluiche.

Bhí gortú ag cur as do chosantóir eile de chuid na Gaillimhe, John Hanbury, chomh maith. Imreoir díograiseach é Hanbury ach bhí an lámh in uachtar ag Seamus Flanagan air an lá ar fad agus tógadh fear Rathúin den pháirc tar éis 56 nóiméad.

Ní féidir le Gaillimh an milleán uile a chur ar na gortuithe sin agus thar aon rud eile, léiríodh sa chluiche ceannais nach bhfuil painéal na Gaillimhe chomh láidir agus a bhí daoine ag ceapadh ag tús na bliana.

 

Sean Neary. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Gan aon stop le rath na Gaillimhe faoi aois

Ar a laghad ní drochscéal uile a bhí ann do Ghaillimh i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh. Cé gur imreoirí faoi seacht mbliana déag a bhíonn i gCraobh Mhionúir na hÉireann anois, níl aon sárú ar rath iománaithe óga na Gaillimhe agus an chéad cheann de na comórtais nua faoi-17 buaite acu. Ba é cluiche ceannais an Domhnaigh, inar éirigh le fir an iarthair an lá a thabhairt leo i gcoinne Chill Chainnigh, an tríú ceann atá buaite acu le trí bliana anuas agus iad faoi cheannas Jeffrey Lynskey do gach ceann acu sin.

Bíonn toradh fadtéarmach freisin ar an obair uilig atá á déanamh faoi aois sa Ghaillimh. Bhí seachtar ón bhfoireann mhionúir a bhuaigh in 2015,  Brian Concannon, Jack Coyne, Jack Fitzpatrick, Jack Grealish, Thomas Monaghan, Seán Loftus agus Shane Bannon ar phainéal na sinsear don chluiche ceannais. Meastar nach fada go bhfeicfidh muid cuid d’fhoireann 2017 istigh leo freisin, mar is léir go bhfuil gealladh faoi leithéidí Evan Niland, Jack Canning agus Seán Bleahane, go háirithe.

Agus gan ach 17 bliain d’aois ar a mhéad ag na himreoirí a bhuaigh craobh na hÉireann, is maith an tamall sula bhfeicfear aon duine acu i ngeansaí na sinsear, ach ba cheann de na rudaí ba shuntasaí faoi bhua na bliana seo ná an tionchar mór ar an imirt a bhí ag imreoirí as ceantair nach bhfuil cáil mhór na hiomána orthu go traidisiúnta.

Is as Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach do Dhónal O’Shea, lántosach agus príomhscórálaí na foirne. Mac le hiarbhainisteoir Thiobraid Árann, Éamon, é Dónal. Níl An Creagán-Maigh Locha i measc bhoic mhóra na hiomána i nGaillimh ach an oiread ach is dóibhsean a imríonn Seán McDonagh, imreoir a bhfuil ardmheas air agus a fuair dhá phointe nuair a tháinig sé isteach i gcluiche an Domhnaigh. Chomh maith leis sin, le Béal Átha na Sluaighe, cumann sóisir eile, a imríonn an té ar bronnadh laoch na himeartha air, Shane Jennings.

Fág freagra ar 'Ní haon rith searraigh é seo ag Luimneach agus ceachtanna eile ó chluiche ceannais 2018'