‘Ní haon mhaith níos mó daoine sa státseirbhís nach bhfuil de Ghaeilge acu ach ‘Dia Dhuit’…’’

Leanfar de chéim an Choiste den Bhille Teanga sa Dáil tráthnóna agus pléifear ar dtús leasú faoin gciall atá le ‘hinniúlacht’ sa Ghaeilge

‘Ní haon mhaith níos mó daoine sa státseirbhís nach bhfuil de Ghaeilge acu ach ‘Dia Dhuit’…’’

Tá an baol ann nach mbeidh de thoradh ar an mbille teanga nua ach tuilleadh daoine sa tseirbhís phoiblí nach bhfuil de Ghaeilge acu ach ‘Dia Dhuit’.

Sin a bhí le rá ag Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, Aengus Ó Snodaigh, roimh an gcéad chruinniú eile faoin reachtaíocht nua teanga atá á plé sa Dáil faoi láthair.

Leanfar de chéim an Choiste den Bhille Teanga sa Dáil tráthnóna agus pléifear ar dtús leasú faoin gciall atá le ‘hinniúlacht’ sa Ghaeilge sa bhille a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aige a chinntiú go mbeidh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina nGaeilgeoirí faoin mbliain 2030.

De réir an leasaithe faoi cheist na hinniúlachta atá molta ag Sinn Féin, chaithfeadh caighdeán B2 i scrúduithe TEG a bheith ag duine le go n-áireofaí é mar oibrí sa státchóras a bhí inniúil sa Ghaeilge.

Thacaigh Teachtaí Dála de chuid an fhreasúra agus an Rialtais araon an tseachtain seo caite leis an éileamh ar shainmhíniú ar cad is inniúlacht sa Ghaeilge ann.

Dhiúltaigh Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers don leasú ach dúirt sé go mbeadh sé sásta filleadh ar an gceist ag an gcéad chéim eile den bhille, céim na tuarascála.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go raibh an sainmhíniú a thabharfaí ar inniúlacht “i gcroílár an bhille”.

Mura ndéanfaí “an-soiléir” céard a bhí i gceist le ‘inniúlacht’, déarfaí amach anseo go mbeadh 20% d’earcaigh nua an chórais poiblí ina nGaeilgeoirí “ach is í fírinne an scéil ná nach mbeadh Gaeilge acu”, a dúirt Ó Cuív.

Dúirt Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie nach rachadh cúlbhinseoirí Fhianna Fáil in aghaidh an Aire Chambers sa chás go mbeadh “geallúint chinnte” ann go dtiocfadh sé air ais le moladh eile faoin ábhar ag an gcéad chéim eile.

Leanfadh sé féin agus a chomhghleacaithe ag cur “brú” ar an Aire “go príobháideach agus go poiblí” lena chinntiú go mbeadh “an bille chomh foirfe is ab fhéidir”, a dúirt Ó Cuív.

Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly gurb í ceist na hinniúlachta an chuid “is bunúsaí” den bhille.

Deir an tAire Stáit Chambers go dteastaíonn níos mó “solúbthachta” sa bhille faoi céard is inniúlacht sa Ghaeilge ann ná mar a bhíothas a mholadh.

Dúirt sé, mar shampla, nach ionann an caighdeán Gaeilge scríofa a theastódh ó dhuine a bheadh ag deasc fáilte agus duine a bheadh ag obair i Roinn na Gaeltachta nó sa Roinn Oideachais.

Ach deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin agus Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, Aengus Ó Snodaigh, nach ndéanfaidh an bille “pioc difear” má fhágtar an sainmhíniú ar ‘inniúlacht’ róscaoilte. 

Ní tharlódh sa chás sin ach go mbeifí ag fostú “líon níos mó daoine nach bhfuil in ann níos mó ná ‘Dia duit’ a rá”, a dúirt Ó Snodaigh.

“Ní haon chaitheamh anuas é seo ar foghlaimeoirí ach oiread, ach ní poist iad seo d’fhoghlaimeoirí, ach poist chun freastal ar riachtanais agus cearta phobal na Gaeilge seirbhísí a fháil ina dteanga féin.

“Faoi láthair níl mórán post ann a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo, agus fiú sna cásanna sin níl ann go minic, mar a dúirt Breanndán Ó Beaglaoich ar Raidió na Gaeltachta le gairid, ach ceist ag an agallamh ‘Do you speak Irish’?”

“Ní leor sin, agus is mar gheall ar an easpa caighdeáin sin nach bhfuil muintir na Gaeltachta, go háirithe, in ann seirbhísí a fháil ón Stát trí Ghaeilge, rud tubaisteach atá ag cur brú orthu iompú ar an mBéarla.”

Dúirt Ó Snodaigh go raibh moladh Shinn Féin gur gá caighdeán B2 sna scrúduithe TEG a bheith ag duine le go mbeadh sé áirithe mar Ghaeilgeoir inniúil bunaithe ar thaighde agus ar dhea-chleachtais idirnáisiúnta. Bíonn cáilíochtaí ag teastáil do phoist san Aontas Eorpach, a dúirt Ó Snodaigh, “agus bheadh sé thar a bheith seafóideach dá mbeadh caighdeán níos fearr Gaeilge de dhíth ar státseirbhísigh sa Bhruiséil ná mar atá anseo in Éirinn”.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin nach rabhthas sásta le maíomh Aire Stáit na Gaeltachta go ndéanfaí sainmhíniú ar céard is inniúlacht nó líofacht sa Ghaeilge sna caighdeáin teanga a bhfuil sé i gceist iad a thabhairt isteach de thoradh an bhille. Ní raibh na caighdeáin sin foilsithe go fóill “in ainneoin geallúint i ndiaidh geallúna”.
 
“Beidh an deis ag an Aire Stáit éisteacht leis na saineolaithe agus lena pháirtí féin agus tacú leis an leasú seo nuair a thagann muid ar ais ag an Roghchoiste inniu,” arsa Ó Snodaigh.

Fág freagra ar '‘Ní haon mhaith níos mó daoine sa státseirbhís nach bhfuil de Ghaeilge acu ach ‘Dia Dhuit’…’’'

  • Sibéal

    “Ní haon mhaith níos mó ”
    suíomh idirlín aonteangach idirlín do bheith ag páirtí Sinn Féin.

    “Ní haon mhaith níos mó”
    cúpla ceannteidil Gaeilge a chuireann daoine ar ais ag suíomh aonteangach Bhéarla SF.

    “Ní haon mhaith níos mó”
    go gceadaíonn Gaeilgeoirí SF : Ó Muilleoir, Ó Snodaigh, Farrell, Ó Dochartaigh, Ní Riada, Mac Lochlainn, Ó Broin agus araile an masla seo do Gaeilgeoirí na cruinne.

    “Ní haon mhaith níos mó”
    an cúpla focal de de chur i gcéill agus atá le feiceáil go soiléir má bhrúnn tú an cnaipe “Gaeilge” mar dhea ar suíomh idirlín SF.

    “Ní haon mhaith níos mó”
    https://www.sinnfein.ie/ga/

  • S. Mac Muirí

    Is diabhaltaí nach léir do chách an geal ina dhubh sin ar shuíomh baile SF. Ab ea nach léann baill de SF Tuairisc 7 nach bhfaca siad gur léirigh Sibéal an méid sin thuas faoi SF a bheith ar maos sa mbéarla ar a suíomh idirlín féin, gan smid Gaeilge a bheith leis? Conlán polaitíochta eile gur mór acub an bhéalchráifeacht agus an droch-cur leis.
    Nach diabhaltaí freisin nár thug bómáin FG, FF srl. an easpa Gaeilge ar shuíomh SF faoi deara? Shílfeá go mbeifí in ann feancadh a bhaint astu tráth so an bhille aguis iad chomh glórach. – Ara, níl ann ach cur is cúiteamh i nGaeilg, más sa dáil féin é. Is cuma mar soin.

  • Antóin

    B2 sna scrúduithe TEG. Tá sé sin maith go leor ach ciallaíonn sé nach mór do dhaoine scrúdú breise a dhéanamh tar éis na hArdteiste. Céard faoi úsáid a bhaint as córas atá ann cheana féin? An Ardteist. H2 ar pháipéar ardleibhéil mar shampla.

    Agus muise! Conas a thabharfadh Fianna Fealltach Fáil agus Fine gan Ghael fá dear an easpa Gaeilge ar shuíomh Sinister Féin?