Ní haon chabhair a bheith ag gleo faoin éagóir atá déanta ar an nglúin óg

Má choinníonn muid an cúrsa go ceann roinnt seachtainí eile ba chóir go bhfaigheadh na vacsaín an ceann is fearr ar an víreas

Ní haon chabhair a bheith ag gleo faoin éagóir atá déanta ar an nglúin óg

Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Tá iontas á dhéanamh le cúpla lá de na sluaite daoine óga atá ag taisteal thar teorainn le dul ag ithe agus ag ól i dTuaisceart Éireann mar gheall ar an éagóir atá á déanamh orthu ag na srianta ó dheas. Tharla go raibh mé féin i mBéal Feirste beagnach coicís ó shin agus chonaic mé na sluaite sin cruinnithe in áiteacha éagsúla sa gcathair. Na daoine óga seo as an bPoblacht, caithfidh mé a rá nach aon chreidiúint dúinn iad. Shílfeá nach raibh treoir ná comhairle cloiste acu le bliain go leith anuas agus nár chuala siad caint ná trácht riamh ar phaindéim sláinte.

Ó thús na géarchéime seo, tá mé de shíor ag caint ar an trua atá agam do na daoine óga. Beagnach dhá bhliain den saol goidte uathu ag galar contúirteach gránna nach n-aithníonn aois ná cine. Tá íobairtí go leor déanta ag daoine óga, páistí agus déagóirí gan scoil, gan siamsaíocht, gan deiseanna forbartha agus fáis. Caithfear a rá, mar sin féin, nach é an leigheas ar an mífhoighid agus an frustrachas atá orthu na maidí a ligean le sruth agus cead a thabhairt don ghalar dul chun cinn arís. An deireadh a bheidh aige sin ná filleadh ar an dianghlasáil arís eile. Ní theastaíonn sé sin ó aon duine.

Níl aon amhras ach go bhfuil praiseach déanta ag na húdaráis den scéal ó thaobh na cumarsáide an tseachtain seo. Scéalta ag teacht salach ar a chéile agus doiléire faoi cén chomhairle go díreach a bhí ag an rialtas agus cén chomhairle ar ghníomhaigh siad uirthi agus cén uair.

Mar shampla, níor chuir an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) na hathruithe a cheadaigh an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh (NIAC) ar an gclár vacsaínithe ar an Luan sa gcomhaireamh agus iad ag tuar iarmhairtí chineál Delta den choróinvíreas.

Dúirt na Taoiseach Micheál Martin inné gurb é an cinneadh céanna a bheadh ann fiú dá mbeadh na t-eolas sin curtha san áireamh.

Ní haon chabhair cúlbhinseoirí na Rialtais ná an freasúra a bheith ag gleo faoin éagóir atá déanta ar an nglún óg. Má thuigim an scéal i gceart – agus admhaím go bhfuil sé deacair aon tuiscint a fháil ar an teachtaireacht go minic – cuireadh an mhoill is déanaí ar scaoileadh na srianta in iarracht a chinntiú go mbeidh vacsaín iomlán faighte ag an oiread daoine agus is féidir roimh dheireadh na míosa.

Tá daoine óga ag fáil na vacsaíne agus gheobhaidh tuilleadh acu é sna seachtainí seo romhainn. Tá an rás idir an vacsaín agus na Delta, mar a thug an Taoiseach air, faoi lán seoil agus má choinníonn muid an cúrsa go ceann roinnt seachtainí eile ba chóir go bhfaigheadh na vacsaín an ceann is fearr ar an víreas.

Sin, ar ndóigh, go dtí go gcinneann an Covid-19 cleas eile a imirt orainn.

Scéal eile ar fad an bealach go bhfuil an cás ar fad curtha as a riocht ag brúghrúpaí cosúil le lucht thionscal na dí. Is beag caint atá cloiste againn ar na ranganna ealaíne, na ranganna damhsa agus na ranganna aclaíochta atá curtha ar ceal go ceann roinnt seachtainí eile. Sa domhan ina mairimse cuireann siad sin as do dhaoine óga freisin. Cén fáth nach bhfuil muid ag cloisteáil fúthu sin nó ag léamh fúthu sin chuile lá go síoraí seasta? Cén fáth nach bhfuil ag déanamh imní dúinn mar thír, más fíor, ach tithe tábhairne agus bialanna?

Déanfaidh an Rialtas a gcion agus déanfaidh siad iarracht plean de shaghas éigin a chur le chéile. An plean is fearr ar fad ná an oiread snáthaidí agus is féidir a roinnt chomh sciobtha agus is féidir. Ach déanadh muidne ár gcion freisin agus cuimhnímis arís eile nach ag rialtais ná dochtúirí ná polaiteoirí atá smacht ar leathadh Covid-19 ach ag iompar an phobail trí chéile, is cuma cén aois.

Fág freagra ar 'Ní haon chabhair a bheith ag gleo faoin éagóir atá déanta ar an nglúin óg'

  • Antóin

    Ní haon chabhair ach an oiread a bheith ag gleo faoin ghlúin óg.

  • Pádraig O'hEipicín

    An bhfuil aon bhaccine nach bhfuil trullaithe ag an Ghinmhillte.

  • Eoin

    Tá na hospidéil folamh agus tá an vacsaín ag gach duine a bheadh i mbaol bás a fháilt ón ngalar. Fan tusa sa bháile má tá imní fós ort.