
Nach íorónach gur as meicníocht a cuireadh i bhfeidhm chun cearta daonna a chosaint, tráth Chomhaontú Aoine an Chéasta, a bhain an DUP úsáid, tráthnóna inniu, chun a gcearta a shéanadh ar an bpobal aerach ó thuaidh den teorainn.
Den chéad uair riamh, chaith móramh beag bídeach (vóta amháin) i dTionól Thuaisceart Éireann vóta ar son an chomhionannais phósta inné. Ach ní athróidh an dlí: bhain an DUP úsáid as cros (veto). Faoin reachtaíocht a bhaineann le roinnt na cumhachta ó thuaidh, is féidir le páirtithe athrú dlí a chosc má mheasann siad nach bhfuil dóthain tacaíochta ar fáil don athrú dlí sin i measc a bpobail féin.
Go deimhin, níor thacaigh ach ceathrar den 55 ball aontachtach den Tionól le rún an SDLP agus Sinn Féin go gcuirfí reachtaíocht i bhfeidhm a thabharfadh cearta pósta do lánúineacha den inscne chéanna – mar atá á cur i bhfeidhm taobh ó dheas den teorainn faoi láthair agus mar atá i bhfeidhm sa chuid is mó d’iarthar na hEorpa le blianta.
Ní dócha gur chóir go mbeadh iontas ar éinne faoinar tharla i Stormont tráthnóna.
Tá aithne agam ar bheirt Thuaisceartach a bhaineann leis an bpobal LGBT – bean agus fear, Caitliceach agus Protastúnach – a thug na cosa leo as an tuaisceart i bhfad ó shin. Ní hé Tuaisceart Éireann an áit is fusa ar domhan le bheith i do dhuine aerach, leispiach, déghnéasach nó trasghnéasach. Gan dabht, tá dul chun cinn déanta ó d’fhág mo chairde a bhfód dúchais. Tá an pobal LGBT ó thuaidh níos feiceálaí ná riamh agus is fearr an glacadh leo ná riamh. Sa lá atá inniu ann, ní gá don Tuaisceartach aerach, leispiach, déghnéasach nó trasghnéasach teitheadh.
Ach amháin má theastaíonn uaidh nó uaithi pósadh.
Tá an comhionannas pósta ar fáil sa chuid is mó d’iarthar na hEorpa, sa chuid is mó de Mheiriceá Thuaidh agus sa chuid is mó de Mheiriceá Theas. Tá sé seafóideach go seasfadh reachtaíocht a bhaineann le cosaint chearta an phobail náisiúnaigh agus an phobail aontachtaigh sa bhealach ar chearta an phobail LGBT – a bhaineann leis an dá phobal.
Más gá féachaint ar an reachtaíocht a bhaineann le roinnt na cumhachta i Stormont le cinntiú go mbeidh na cearta céanna ag an bpobal LGBT agus atá ag gach duine eile, caithfear sin a dhéanamh agus tá ról ansin do Bhaile Átha Cliath agus Londain.
Fág freagra ar 'Ní gá níos mó don Tuaisceartach aerach teitheadh…ach amháin má theastaíonn uaidh nó uaithi pósadh'