Agus an colún seo á scríobh agam tá tógáil ar siúl áit éigin san fhoirgneamh ina bhfuil cónaí orm: casúr á bhualadh, tíleanna á ngearradh le sábh leictreach. Tá na ceithre mhadra san árasán thuas staighre ag tafann agus san árasán thíos faoi m’árasánsa tá ceol ó na 1970idí casta suas go hard – iarracht callán na tógála agus na madraí a phlúchadh, cá bhfios.
Tá sé seo ar fad saghas íorónach ós rud é go raibh an ciúnas a shamhlaigh mé leis an gceantar ina bhfuil cónaí orm ó thús na bliana seo ar cheann de na príomhchúiseanna gur bhog mé go dtí an t-árasán seo. Le bheith fírinneach, go hiondúil bíonn ciúnas i réim. Ach níl inniu.
Ceann de na rudaí is fiúntaí gur féidir le scríbhneoir a fhoghlaim, agus a luaithe i do ghairmréim is ea is fearr é, ná nach mbíonn smacht agat ar an saol timpeall ort ach go pointe.
Cinnte, féadfaidh tú cúrsaí calláin a chur san áireamh nuair a bhíonn áit chónaithe á cuardach agat agus is féidir an áit chónaithe sin a chur in oiriúint do ghairm a éilíonn leibhéal áirithe ciúnais, ach ná héirigh róghafa le hiarrachtaí smacht a choinneáil ar an saol i do thimpeall, mar a rinne m’athair.
Cumadóir ceoil a bhí i m’athair, agus cheannaigh sé féin (agus mo mháthair) teach ar imeall an bhaile, nach mór faoin tuath, ag súil go mbeadh an suaimhneas a shantaigh sé ar fáil ann. Ach níor rith sé leis go mbeadh a gcuid raidiónna beaga iniompartha ar siúl ag lucht fásta na dtiúilipí sna garraithe ar chúl an tí, agus go mbeadh ceol a bhí go hiomlán éagsúil ón gceol ar theastaigh uaidh féin a bheith á chumadh ar siúl ar na raidiónna sin. Chuaigh sé ag argóint le lucht na dtiúilipí agus bhí caidreamh deacair againn leis an gcomharsanacht uilig ar feadh na mblianta dá bharr.
Níor rith sé leis ach oiread, b’fhéidir, go ndéanfadh beirt pháistí óga go leor calláin freisin ach chuir sé ar an saol muid agus muise, rinne muid callán. Rinne m’athair athchóiriú ar an teach agus thóg seomra oibre fuaimdhíonach dó féin.
Ach sa samhradh bhí ort na fuinneoga a oscailt sa seomra fuaimdhíonach sin agus chloisfeá raidiónna na ngarraíodóirí agus glórtha na bpáistí a bhí ar saoire ón scoil, agus cheannaigh m’athair oileán (is ea, tá tú á léamh seo i gceart), cheannaigh sé oileán beag tréigthe i bpoldar iargúlta a bhféadfadh sé a chuid ama saor a chaitheamh i bpuball ann agus an ceol a theastaigh uaidh a chumadh a chumadh.
Gan dabht bhí comharsana gann ar an oileán sin (bhí turas leathuair an chloig i mbád rámhaíochta idir é agus an baile beag is gaire dó) agus mura dtabharfá aird ar shíorscairteadh na roilleach bhíodh ciúnas iomlán i réim ann. Ach bhí fadhb eile ag baint leis: neantóga. Bhíodh ort tosú á ngearradh agus tú fós i do sheasamh (go míshocair) sa bhád rámhaíochta sula bhféadfá dul i dtír, fiú amháin, agus ansin bhí ort stráice a bheadh mór go leor do phuball a athghabháil ar an dúlra sula bhféadfá peann a chur le páipéar agus ceol a chumadh.
Is ea, chuaigh m’athair i bhfad leis an scéal agus mar bharr ar an donas ba é an balla a thóg sé idir é féin agus a theaghlach ba chúis leis, den chuid is mó, gur scar mo mháthair uaidh sa deireadh.
Chonaic mé an dochar a rinne iarrachtaí m’athar smacht a choinneáil ar an saol ina thimpeall, ní hamháin dá chaidreamh leis an saol ina thimpeall, ach go deimhin dá chuid oibre: ní fios cá mhéad siansa nár chum sé toisc gur chuir sé an dúrud ama agus fuinnimh amú leis an troid sin i gcoinne an challáin.
An rud a bhíonn sa chú bíonn sé sa choileán agus san am a chuaigh thart is cinnte gur éirigh idir mé féin agus comharsa nó beirt anois is arís mar gheall ar cheol ard nó a leithéid, ach le himeacht na mblianta shocraigh mé breathnú ar an saol i mo thimpeall mar fheiniméan aimsire. Bíonn sé go maith, go holc nó measartha ach bíonn ort tiontú suas agus do chuid oibre a dhéanamh, cosúil le tógálaí nó táirgeoir tiúilipí.
Agus ar an gcaoi sin, fuair mé amach nach bhfuil mórán difir, ón taobh sin de, idir coinníollacha oibre agus an rud rúndiamhrach úd ar a dtugtar inspioráid.
Is féidir leat fanacht go dtí go mbeidh ciúnas iomlán i do thimpeall agus anáil na Bé i do sheolta, ach beidh tú ag fanacht ar feadh i bhfad. Nó is féidir leat suí síos agus peann a chur le páipéar, agus roimh i bhfad beidh tú chomh meallta sin ag an obair nach gcloisfidh tú callán ar bith agus go gceapfaidh tú gur scríobh an scéal (nó sa chás seo, an colún) é féin.
Fág freagra ar 'Ní gá duit balla a thógáil timpeall ort féin chun leabhar a scríobh'