Ní foláir cabhair chothrom a thairiscint do dhaoine a bhfuil a dtithe lochtacha ag titim as a chéile

Níl aon dul as ag an rialtas ach déileáil le trí mhórcheist ar a laghad sula mbeidh fóirithint cheart á déanamh ar dhaoine atá i gcruachás mar gur tógadh a dtithe le brící lochtacha

Ní foláir cabhair chothrom a thairiscint do dhaoine a bhfuil a dtithe lochtacha ag titim as a chéile

Thug an Taoiseach cuairt ghairid ar chontae Dhún na nGall Déardaoin, mar a rinne Mary Lou McDonald cúpla lá roimhe. Tá tuiscint dhíreach ag an mbeirt acu mar sin ar an ngéarfhadhb atá ag bagairt ar dhaoine atá (nó a bhí) ina gcónaí i dtithe a tógadh le blocanna míoca (mica).

Thairg an rialtas cúiteamh 90% de chostais tógála nó deisiúcháin d’úinéirí na dtithe roimhe seo ach tá níos mó iarrtha agus tuillte acu. Is leor mar thaca lena gcás cuimhneamh ar an gcúiteamh iomlán a tairgeadh do dhaoine a raibh orthu tithe agus árasáin a thréigean nuair a fuarthas amach go raibh pirít (pyrite) ag creimeadh na dúshraithe.

Dúirt Mary Lou McDonald le scata úinéirí i gCarn Domhnach an tseachtain seo caite nach raibh siad freagrach as an éagóir a rinneadh orthu agus gur chóir cúiteamh iomlán a thairiscint dóibh. Dúirt Micheál Martin i Ráth Bhoth go raibh imní ar na húinéirí agus údar acu ach níor nocht sé a thuairim.

Cuirfidh na húinéirí a thuilleadh brú ar an rialtas an scéim chabhrach a fheabhsú ag slógadh agóide a reáchtálfar Dé Máirt taobh amuigh d’ionad sealadach na Dála sa Lárionad Náisiúnta Comhdhála.

Phléigh an rialtas feabhas a chur ar an scéim i rith na seachtaine ach níor tugadh geallúint ná leide i ndiaidh an phlé go dtairgfear cúiteamh breise.

Thug an tAire Tithíochta Darragh O’Brien le fios don chruinniú go meastar anois gur tógadh idir 5,000 agus 6,000 teach leis na blocanna lochtacha i dTír Chonaill, i Sligeach, i Maigh Eo agus i gcontae an Chláir.

De réir rialacha reatha na scéime cúitimh, is féidir suas le €247,500 nó 90% de chostas na hoibre a thairiscint d’úinéirí na dtithe, ach dúirt Mary Lou McDonald gur chóir iad a chúiteamh as an gcostas iomlán.

Is fusa caiteachas breise a mholadh ó bhinsí an fhreasúra ar ndóigh ná breis airgid a aimsiú chun íoc as polasaí. Sin ráite, tá sé ionann agus cinnte go n-admhóidh an rialtas go luath go gcaithfear an scéim chúitimh a fheabhsú.

Ní hionann sin agus a rá gur féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an slua a bheidh i láthair ag an agóid Dé Máirt sásta go hiomlán leis an bplean feabhais a fhógrófar.

Ba léir ón gcuntas a thug Darragh O’Brien do chruinniú an rialtais Dé Céadaoin go mbeidh €1 billiún ar a laghad de dhíth chun teacht i gcabhair ar úinéirí na dtithe atá ag scoilteadh ó bhonn go barr de réir a chéile. Ba léir freisin nach féidir an bille iomlán (dá mbeadh deisiú nó atógáil riachtanach ar fhoirgnimh phoiblí mar shampla) a mheas.

Ní léir críoch an scéil seo fós, ach níl aon dul as ag an rialtas ach déileáil le trí mhórcheist ar a laghad sula mbeidh fóirithint cheart á déanamh ar dhaoine atá i gcruachás:

  1. An gcaithfear a dheimhniú go dtógfar tithe nua gan mhoill d’úinéirí na dtithe atá ag titim, agus nach mbeidh mórfhiacha orthu dá bharr? Caithfear.
  2. An acmhainn don stát gach costas a bhaineann le hatógáil a ghlanadh? Ní hacmhainn faraor. Ní féidir mar shampla teach nua a bheidh chomh mór leis an teach a chaithfear a leagan a ghealladh do gach úinéir.
  3. Ar chóir déileáil sna cúirteanna le daoine a bhí freagrach as déantús na mblocanna lofa, agus ar chóir an fáth nár cuireadh stop lena ndéantús agus lena ndáileadh a fhiosrú? Ba chóir, ionas nach bhfeicfear náire dá leithéid arís.

Cur i gcéill, dáiríre

Mar is eol do gach duine a chuaigh os comhair an phobail le tamall anuas, tá muinín as an gcóras polaitiúil ag meath. Is cúis dóchais agus éadóchais in éineacht mar sin na freagraí a thug Fianna Fáil, Fine Gael, Sinn Féin agus an Comhaontas Glas ar cheisteanna faoi na ‘pobalbhreitheanna’ a dúirt a gcomhaltaí a bhí ar bun acu agus vótóirí á gceistiú acu.

Dóchas toisc gur gheall siad nach ndéanfaí a leithéid arís.

Éadóchas toisc gur deacra ná riamh a rá leis an bpobal gan aird a thabhairt ar áibhéil, ar ráflaí agus ar bhréagnuacht nuair is eol dóibh go ndearnadh iarracht eagraithe an dallamullóg a chur orthu.

Fág freagra ar 'Ní foláir cabhair chothrom a thairiscint do dhaoine a bhfuil a dtithe lochtacha ag titim as a chéile'

  • An Teanga Bheo

    Sláinte agus géar chéim tithiocht ,,,,agus tá ceist búnusach sabhailteacht i gceist anseo.

  • MacAnRí

    “An acmhainn don stát gach costas a bhaineann le hatógáil a ghlanadh? Ní hacmhainn faraor. Ní féidir mar shampla teach nua a bheidh chomh mór leis an teach a chaithfear a leagan a ghealladh do gach úinéir.” Cad chuige nach ea ? Níl na daoine ag iarraidh ach a teach féin a bhí ann roimhe a atógáil ? Is náire shaolta é an rud go léir ach níl an locht ag na daoine ar tógadh na tithe siúd de mheon macánta agus iad ag titim as a chéile anois. Céad faoin gcéad cúiteamh go hiomlan.