Ní fios go fóill an bhfuil leigheas na faidhbe faighte ag Cúige Uladh

Cuirfear tús le Babhta 11 den URC tráthnóna nuair a thabharfaidh Cúige Mumhan faoi Zebre i gCorcaigh

Ní fios go fóill an bhfuil leigheas na faidhbe faighte ag Cúige Uladh

Cúige Uladh an t-aon chúige amháin de na Cúigí ar chlis orthu i mBabhta 10 den URC coicís ó shin. Cé go raibh siad taobh thiar ag leath-am, d’éirigh leo aiséirí de bheagán a dhéanamh le linn an dara leath agus bhí siad pointe amháin chun cinn agus an t-ochtó nóiméad caite. Ach bhí an cluiche fós beo agus fainic nár aimsigh na hOspreys preabchúl a thug bua le dhá phointe dóibh.

D’fhág sin na hUltaigh san ochtú háit ar an tábla agus ceithre chluiche caillte acu as deich n-iarracht. Seans nach aon ábhar iontais mar sin gur fhógair Rugbaí Uladh seachtain is an Chéadaoin seo caite gur thug siad bata agus bóthar don chóitseálaí Dan McFarland. Beidh le feiceáil an leigheasfaidh an cinneadh sin na deacrachtaí atá ag foireann Bhéal Feirste agus ocht gcluiche réamhbhabhta fós le n-imirt san URC.

Ach anocht i mBabhta 11, tabharfaidh Cúige Mumhan faoi Zebre agus iad sa mbaile i bPáirc Virgin Media i gCorcaigh. Cé go raibh séasúr réasúnta maith ag Zebre go dtí seo, níl siad ar íochtar an tábla mar is iondúil leo a bheith, tá siad suite sa tríú háit déag ar an tábla ach níl ach trí phointe dhéag cruinnithe acu go dtí seo. Déan comparáid le Cúige Mumhan, foireann nach bhfuil ach ceithre áit níos airde ná iad ar an tábla ach tá naoi bpointe fichead acu sin. Cuir san áireamh freisin nár chaill Mumhain fiú cluiche amháin do na seacht gcinn déag a d’imir siad i gcoinne Zebre go dtí seo. Ní hamháin sin ach tá fáil arís ag na Muimhnigh ar Casey, Ahern agus Loughman, triúr a bhí sa gcampa idirnáisiúnta go dtí tús na seachtaine seo. Sea, bua baile eile do na Muimhnigh agus seans maith ar phointe bónais freisin.

Tabharfaidh na Connachtaigh faoi na Scarlets amárach ar an mBóthar Beag i nGaillimh agus iad ar thóir an dara bua i gcoicís ar fhoireann ón mBreatain Bheag. Sin é an port atá ag lucht leanta fhoireann na Gaillimhe ar aon chaoi agus seans go bhfuil an ceart acu. Níl ach dhá chluiche buaite ag na Scarlets ó thús an tséasúir seo agus iad trí áit ó íochtar an tábla. Ní thabharfar aon chluas d’aon leithscéal má chailleann Cúige Chonnacht an choimhlint seo.

As baile i gCaerdydd a bheas Cúige Laighean tráthnóna amárach i gcoinne fhoireann na cathrach sin. Tá mise cinnte go mbeidh ógánaigh Leo Cullen ag iarraidh cur leis an toradh iontach a bhí acu in aghaidh Treviso (47 -18) i mBabhta 10 agus tógáil ar an mbua maith a bhí ag Connachta ar Caerdydd (16 – 12). Bua agus seans ar phointe bónais eile do Chúige Laighean.

Dá mbeadh a rogha ag aon chóitseálaí nua agus é ag teacht i gceannas foireann lag a roghnú dá chéad chluiche, seans gur cluiche baile i gcoinne na nDragons a bheadh uaidh. Bhuel, sin atá ag Dan Soper, a bhí mar chóitseálaí cúnta ag McFarland nó gur fhág sé an cúige seachtain ó shin, is eisean atá i gceannas anocht. Fiú leis na deacrachtaí atá ag Cúige Uladh le cúpla seachtain anuas, is deacair bua do na cuairteoirí, do na Dragons, a thuar sa gcluiche seo.

Tá mise ag súil go mbeidh bua ag na ceithre chúige an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Ní fios go fóill an bhfuil leigheas na faidhbe faighte ag Cúige Uladh'