Ní féidir leis an dlí fóirithint ar chruachásanna na mban mura ndéantar an tOchtú Leasú a aisghairm

Bhain éiginnteacht i gcónaí le foclaíocht an Ochtú Leasú mar a cruthaíodh i gcásanna cúirte éagsúla

Ní féidir leis an dlí fóirithint ar chruachásanna na mban mura ndéantar an tOchtú Leasú a aisghairm

Tá sé molta ag 500 dlíodóir don phobal vóta ‘Tá’ a chaitheamh sa reifreann atá ag greadadh linn. I measc na ndlíodóirí sin, tá beirt iarArdAighne (Michael McDowell agus John Rogers) agus iar-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach (Catherine McGuinness). Deir siad go soiléir nach féidir leis an dlí fóirithint ar chásanna crua gan aisghairm a dhéanamh ar Airteagal 40.3.3 agus gan cead ar leith a thabhairt don Oireachtas reachtaíocht a thabhairt isteach don fhoirceannadh toirchis. Theip ar aon iarracht a anadh roimhe seo.

Ní raibh Airteagal 40.3.3 sa Bhunreacht ón tús. I 1983, déanadh leasú ar an mBunreacht (an tOchtú Leasú) agus de réir an leasaithe sin, admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan bhreith agus comhcheart na máthar chun a mbeatha. Chuir an tArd-Aighne ag an am, Peter Sutherland, i gcoinne na foclaíochta sa leasú toisc an éiginnteacht a bhain léi. Bhí an ceart aige, rud atá soiléir ó chásanna cúirte éagsúla – cásanna X, C, D, P in Éirinn agus cásanna eile san Eoraip agus i bhfóraim eile idirnáisiúnta. Bhain an leasú cead taistil de mhná agus bhí gá le reifreann chun é sin a shocrú. Chinn an Chúirt Uachtarach go raibh cead faoin Airteagal ar fhoirceannadh toirchis má bhí beatha na máthar i mbaol réadach substaintiúil, baol an fhéinmharaithe san áireamh. Déanadh iarracht an dlí a athrú chun an ceart seo a bhaint de mhná in 2002 ach theip ar an iarracht sin.

Mar sin féin, fiú leis na leasuithe uile seo, faoin dlí reatha, ní cheadaítear foirceannadh toirchis ach amháin má tá beatha na máthar i mbaol réadach substaintiúil, baol an fhéinmharaithe san áireamh. Tá cead taistil anois go Stáit eile d’fhoirceannadh toirchis agus is ceadmhach eolas a chur ar fáil do mhná maidir leis an gcead sin.

Dé hAoine an 25 Bealtaine, beidh deis againn Airteagal 40.3.3 a aisghairm agus Airteagal nua a chur ina áit: ‘Féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun foirceannadh toirchis a rialáil.’

Is é an reifreann seo an cúigiú hiarracht ar shoiléiriú a dhéanamh ar an ábhar seo. An chéad rud a chaithfear a rá ná go dtabharfadh an fhoráil seo solúbthacht dúinn an dlí a athrú agus a láidriú dá mbeadh gá leis amach anseo, gan a bheith ag brath ar reifreann eile, mar is gá faoi láthair. Ar an mbonn sin, féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun foirceannadh toirchis a rialáil i gcásanna nach bhfuil clúdaithe faoin dlí mar atá.

Is é an tAcht um Chosaint na Beatha le linn Toirchis a rialaíonn foirceannadh toirchis faoi láthair. Faoin Acht sin, is féidir foirceannadh a bheith ann gan teorainn ama má tá beatha na máthar i mbaol, ach má tá an páiste inmharthana (de ghnáth tar éis timpeall 24 seachtain), saolaítear an páiste sin. Sin mar atá in Éirinn agus beidh oibleagáid é sin a dhéanamh faoi aon dlí nua má éiríonn leis an leasú nua. Níl a leithéid d’oibleagáid sa dlí i Sasana, áit a dtéann formhór na mban ó Éirinn a bhfuil foirceannadh á lorg acu. Ní féidir le bean a bhfuil mí-normáltacht mharfach ag baint lena páiste foirceannadh a fháil anseo faoi láthair agus ní thiocfaidh aon athrú air sin mura ndéantar an tOchtú Leasú a aisghairm. 

Má éiríonn leis an leasú nua, an dara hathrú tábhachtach a bheidh ann ná nach mbeidh gá le teorainn sa dlí maidir le rochtain ar fhoirceanta faoi chúinsí ina bhfuil baol réadach substaintiúil ann do bheatha na máthar. Faoin dlí nua atá molta, níor ghá a léiriú, sa chéad 12 sheachtain den toircheas, gur tharla an toircheas mar gheall ar mhí-úsáid ghnéis nó éigniú. Ní féidir a chruthú taobh istigh den teorainn ama sin go raibh gá le foirceannadh mar gheall ar éigniú agus mar sin thabharfadh an leasú cead do bhean foirceannadh a fháil le linn na tréimhse toirchis sin gan fáthanna a thabhairt. Ciallaíonn sé sin nuair atá bean i gcruachás go mbeidh sí in ann díriú ar an gcinneadh is fearr a dhéanamh di féin agus dá clann, in ionad a bheith ag iarraidh a cás a shannadh isteach i gcatagóir amháin nó catagóir eile. Faoin dlí atá molta, tar éis don bhean comhairle leighis a fháil, beidh uirthi fanacht 72 uair a chloig chun machnamh a dhéanamh ar na deiseanna agus na tacaíochtaí ar fad atá ar fáil di.

Féadfar freisin rialacháin agus reachtaíocht a rith maidir le ceisteanna a bhaineann le míthorthúlacht, máthairionadaíocht (surrogacy) agus bronnadh féatais – ceisteanna atá casta go leor gan an tOchtú Leasú a bheith á ndéanamh níos casta fós.

Is iad na cúirteanna a dhearbhóidh go bhfuil an dlí neamhbhailí má tá sé ar neamhréir leis an mBunreacht.

Má vótálann tromlach na ndaoine ‘Tá’, fanfaidh an dlí reatha i bhfeidhm mura n-athraítear é nó go dtí go n-athraítear é le dlí nua. Má vótálann tromlach na ndaoine ‘Níl’, ní thiocfaidh aon athrú ar an dlí.

Is abhcóide í Siobhán Ní Chualacháin

Fág freagra ar 'Ní féidir leis an dlí fóirithint ar chruachásanna na mban mura ndéantar an tOchtú Leasú a aisghairm'